Grá in easnamh do LoveLeabharGaeilge i nuachtáin Bhéarla na hÉireann

Údar díomá ag urraitheoir an Ghradaim Litríochta An Post do leabhair Ghaeilge nach léiríonn mórnuachtáin Bhéarla ‘meas cuí ar chúrsaí litríochta na Gaeilge’

Grá in easnamh do LoveLeabharGaeilge i nuachtáin Bhéarla na hÉireann

Tá díomá ar urraitheoir an ghradaim ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’, a fógraíodh ag Gradaim Litríochta An Post an tseachtain seo, gur fágadh buaiteoir na rannóige Gaeilge ar lár sna tuairiscí faoi na gradaim a foilsíodh i roinnt nuachtán clóite Béarla.

LoveLeabharGaeilge, fiontar de chuid an chomhlachta Gaeltachta Meas Media, a dhéanann urraíocht ar ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag Gradaim Litríochta An Post.

Dúirt Breandán Ó hEaghra, stiúrthóir an chomhlachta MeasMedia, gur “cúis díomá” go raibh neamhaird déanta ar bhuaiteoir ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ agus go léiríonn sé “nach bhfuil meas cuí á thabhairt ag cuid de na mórnuachtáin Bhéarla do chúrsaí litríochta na Gaeilge”.

“Tá mé díomách gur fhág nuachtáin náisiúnta Bhéarla buaiteoir Leabhar Gaeilge na Bliana agus catagóir eile amach ina dtuairiscí.

“Tá go leor dul chun cinn déanta le roinnt blianta chun aird a tharraingt ar shaothair Ghaeilge ach is léir ó chlúdach mar sin go bhfuil go leor le déanamh fós le cur ina luí ar na meáin Bhéarla go bhfuil tábhacht chomh maith céanna le leabhair Ghaeilge,” a dúirt Ó hEaghra.

Buaiteoir ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ agus ‘Leabhar Cócaireachta na bliana’ an t-aon dá rannóg nár luadh i dtuairiscí faoi na Gradaim litríochta san Irish Examiner agus san Irish Times.

Anuraidh a bunaíodh rannóg do leabhair Ghaeilge agus í dírithe ar leabhair do dhaoine fásta. Is é Proinsias Mac a’Bhaird, as Oileán Árainn Mhór a thug leis an gradam ‘Leabhar na Bliana’ dá shaothar Tairngreacht i mbliana. 

Dúirt Ó hEaghra go raibh sé “an-tábhachtach” go mbeadh ardán don chuid is fearr de na leabhair nuafhoilsithe Ghaeilge ag na mórghradaim litríochta gach bliain, “imeacht a mheallann aird na bhfoilsitheoirí, na meán agus an phobail”.

“Léiriú is ea a leithéid d’ócáid ar an meas atá ag daoine ar an bhfocal scríofa. Ba mhaith liom go mbeadh an meas céanna ar shaothar Gaeilge, is atá ar shaothar Béarla agus is léir ó chuid de na meáin nach bhfuil,” a dúirt Ó hEaghra.

Fág freagra ar 'Grá in easnamh do LoveLeabharGaeilge i nuachtáin Bhéarla na hÉireann'

  • Gabriel Rosenstock

    Plus ça change!

  • Paula Ní Shlatarra

    Dá scríobhadh Proinsias Mac a Bhaird an leabhar sin i mBéarla, bheadh Tairngireacht i mbéal an phobail. Is cosúil go bhfuil an “balla páipéir” ina sheasamh i gcónaí. An dtig leis na meáin leictreonacha teacht timpeall air?

  • Con Ó Murchú

    Níl meas madra le “Official Ireland” i teanga na ngael. Tá sin soiléar, cén fath go bhfuil díoma air Breandan.

  • Con Ó Múrchú

    Ana dearfach ar fad.
    You cannot be negative in modern Ireland.