B’éigean do Joe Schmidt roinnt athruithe a dhéanamh ar fhoireann rugbaí na hÉireann do chluiche an deireadh seachtaine seo in aghaidh na Breataine Bige de bharr gortuithe. Agus foireann Warren Gatland ag teacht go dtí Staid Aviva Dé Sathairn, ní bheidh triúr de na himreoirí a thosaigh in aghaidh na hIodáile coicís ó shin ar fáil d’Éirinn.
Bhain gortuithe do Thadhg Furlong, Iain Henderson agus Robbie Henshaw sa chluiche sin agus cé go raibh súil ann go mbeadh biseach tagtha ar Furlong agus Henderson roimh chluiche na Breataine Bige, ní hamhlaidh atá agus caithfear déanamh dá n-uireasa.
Is é Andrew Porter a thiocfaidh isteach in áit Furlong sa chéad líne, in aice le Rory Best agus Cian Healy. An Satharn seo an dara huair ag Porter cluiche a thosú i ngeansaí na hÉireann.
Tá athrú eile déanta sa dara líne agus James Ryan ag teacht isteach san fhoireann arís in áit Henderson. Thosaigh Ryan an chéad chluiche i gCraobh na Sé Náisiún i mbliana in aghaidh na Fraince ach bhí sé gortaithe don chluiche in aghaidh na hIodáile i mBaile Átha Cliath. Tá a áit coinnithe ag Devin Toner ar an bhfoireann.
Taobh thiar díobh, is iad Peter O’Mahony, Dan Leavy agus CJ Stander a thosóidh sa líne chúil.
Níl ach aon athrú amháin i measc na gcúlaithe ón seachtar a thosaigh in aghaidh na hIodáile. Tiocfaidh Chris Farrell isteach in áit Robbie Henshaw agus é deimhnithe inniu nach n-imreoidh Henshaw arís sa chomórtas de bharr gortú gualainne a bheith ag cur as dó.
Is iad Conor Murray agus Johnny Sexton a thosóidh arís mar leathchúlaithe. Beidh Keith Earls agus Jacob Stockdale ar na cliatháin agus Rob Kearney i ngeansaí an lánchúlaí.
Foireann na hÉireann
15. Rob Kearney
14. Keith Earls
13. Chris Farrell
12. Bundee Aki
11. Jacob Stockdale
10. Johnny Sexton
9. Conor Murray
1. Cian Healy
2. Rory Best
3. Andrew Porter
4. James Ryan
5. Devin Toner
6. Peter O’Mahony
7. Dan Leavy
8. CJ Stander
Fir ionaid:
16. Sean Cronin
17. Jack McGrath
18. John Ryan
19. Quinn Roux
20. Jack Conan
21. Kieran Marmion
22. Joey Carbery
23. Fergus McFadden
Fág freagra ar 'Gortuithe ag cur as d’imreoirí na hÉireann agus an fhoireann ainmnithe ag Schmidt'