Déarfadh daoine áirithe go bhfuil féile an lae inniu ag sileadh le smuga tiubh an tráchtálachais, leanaí á lot agus daoine fásta meallta ag Meiriceánachas.
Is fíor go bhfuil cuid mhaith d’fhéile na Samhna, mar a aithnímid inniu í, tagtha anall chugainn ó Mheiriceá – na trickeanna agus na treatanna, puimcíní agus pléascáin tine, gan trácht ar chultacha bréige. Ach nach sinn féin, na Gaeil, a chuir sall go Meiriceá an chéad lá í?
Baineadh úsáid as an bpuimcín in áit na dtornapaí agus buaileadh cló nua ar dheasghnátha agus nósanna na féile ársa Gaelaí. Tá Samhain linn go rábach inniu agus ní miste dhúinn í a cheiliúradh go fonnmhar, fiú más cló deoranta atá uirthi anois.
Le cois Imbolc (Lá ’le Bríde), Bealtaine agus Lúnasa, tá Samhain ar cheann d’fhéilte móra na nGael agus a cuid fréamhacha ag dul siar go seanfhéile Phágánach. Creidtear go bhfuil na mairbh inár measc i gcaitheamh na féile seo; an claí idir an saol seo agus an saol eile leáite agus cumas bradaíochta ag an Aos Sí.
Fadó, bhíodh sé mar nós na doirse a fhágaint ar leathadh i gcaitheamh na hoíche, tine san adharta agus pláta bídh ar an mbord ar eagla go mbeadh fonn ar na mairbh turas a thabhairt ar thigh na muintire.
Ní hiad na sprideanna amháin atá ag spaisteoireacht Oíche Shamhna – tá na sióga inár measc, is na leipreacháin fiú. Creidtear go mbíonn doras an leasa ar oscailt agus cead slí ag beo agus mairbh ón saol seo thar tairseach isteach go domhan an osnádúir, agus a mhalairt treo.
Ní haon iontas é, mar sin, go mbíonn samhlaíocht na n-óg ar tinneall agus an bhéim ar scéalta púcaí agus scannáin uafáis.
Gan amhras, baineann an fhéile le torthúlacht chomh maith. Claí teorann atá ann idir flúirse an fhómhair agus ganntanas an gheimhridh. Agus tá an teora sin docht. Fadó, chaití na prátaí ar fad a bhaint roimh Oíche Shamhna. Ar theacht na féile seo, scaoiltí an reithe chun na gcaorach. Deirtear fós nár cheart aon torthaí nó sméara a ithe i ndiaidh na hoíche seo mar go gcacann an púca orthu.
Le teacht na Samhna, bhíodh na gamhna díolta agus d’fhéadfaí bainne na mbó a úsáid chun stoc ime an gheimhridh a dhéanamh. Bhíodh na barraí san iothlainn, muc sa soitheach agus beatha an dúluachair cnuasaithe. ‘Seacht seachtaine ramhra ó Shamhain go Nollaig,’ a deir an nath cainte. Inniu, itear cnóite agus milseáin ina gcnocáin.
Gan amhras, tá spórt, rógaireacht agus teaspach ag baint le ceiliúradh na Samhna. Is mó bob a bhuailfear ag na doirse. Agus nach amhlaidh a bhí Oíche Shamhna riamh?
Bhí ainmneacha éagsúla ar an oíche seo – Oíche na gCleas, Oíche na hAimiléise nó Oíche na hAdhairce. Fadó, agus díreach fé mar a tharlaíonn inniu, bhíodh sé mar nós ag leanaí dul ó thigh go tigh ag bailiú airgid, nó pé ní fónta eile a bhíodh le fáil.
Bhíodh rannta beaga ag na leanaí leis an gcuid is fearr a mhealladh:
‘A fhir a’ tí is a bhean a’ tí, sín chugainn deoch,
Císte aráin nó leathdhosaen ubh.
Fé mar atá sibh, idir óg agus críonna
Go mba seacht fearr a bheidh sibh ar theacht na Samhna arís.’
Dá bhfágfaí dealbh iad, d’imrítí cleas nó bhuailfí bob ar an dtigh. Bhrisfí cupaí, ghoidfí císte nó dhéanfaí cúpla crann cabáiste a stolladh sa gharraí.
Gan amhras, bíonn an-bhéim ar na cluichí Samhna. Úlla á snapadh san umar nó plátaí plúir agus cré, mar shampla, nó an fáinne sa bhairín breac. Tá a siombalachas ársa féin mar bhunús leis na cluichí ar fad.
Tá ardchuntas tugtha ag Seán Ó Dálaigh ina leabhar Timcheall Chinn Sléibhe (1933) ar chluichí Samhna i nDún Chaoin sa 19ú haois. Cluichí ab ea iad a threisíodh idirdhealú idir buachaillí agus cailíní agus iad dírithe ar fháisínteacht an ghrá agus an phósta. Ina measc bhí cluiche a imrítí le pónairí le hais na tine, a bheartaíodh todhchaí lánúine, rath agus torthúlacht an phósta. Bhí a thuilleadh cluichí a dhírigh ar bhás agus a thuilleadh fós ar shonas saoil, saibhreas agus cúrsaí sláinte.
Cuireann cúrsaí sláinte rann eile i gcuimhne dom. Rann a bhailigh Helen Ní Shé (Raidió na Gaeltachta) ó Neans Uí Bhraonáin (ná maireann) i Rinn Ua gCuanach sé bliana ó shin; Neans ag cur síos ar Oíche Shamhna le linn a hóige agus iad ag dul ó thigh go tigh ag bailiú pinginí.
Seo mar a deirtí leis an té a bhí sprionlaithe:
‘Ar do dhul síos i ngairdín
go mbristear do phláitín,
Sceach gheal go dté in achrann id scornach
Go mbristear do chosa
fé mar a dhéanfaí cosa préachán
Buinneach dhearg leat
agus ciosaí gorma léi,
Agus gan aon tobar níos giorra dhuit ná Tobar Eochaille
Gob coiligh id thóin ag dul go hIfreann
Gur chac an préachán ar do stáca
agus nach oiriúnach ná raibh an stáca fhéin agat.’
Ní dócha go gcloisfear saibhreas fileata agus caint dheisbhéalach den tsaghas so ó trick or treaters an lae inniu, ach b’fhéidir gur fearr gan dul sa tseans anocht agus caitheamh go maith leo ar lic do dhorais.
Fág freagra ar 'Go mba seacht fearr a bheidh sibh ar theacht na Samhna arís…'