Gníomhartha gaisce is grinn le Froggie – saothar croíúil don teaghlach ar fad

Cé nach i gcónaí a aimsíonn sé an sprioc bainfidh an fadscannán seo gáire asat mar aon le hardú croí a thabhairt duit

Gníomhartha gaisce is grinn le Froggie – saothar croíúil don teaghlach ar fad

Is annamh go ndéanann iomaire na drámaíochta teilifíse is scannán saothar grinn a sholáthar dúinn. Is maith ann mar sin an fadscannán Froggie, saothar grinn a bhfuil tógáil croí ag baint leis agus atá oiriúnach don teaghlach; rud cuí an tráth seo bliana. Sa saothar dátheangach seo, a bhfuil a fhormhór as Gaeilge, leanamid gníomhartha buile bheirt deartháireacha nuair a ghoidtear bréagán óna n-óige; bréagán atá mar chuid lárnach dá saol mar shiamsóirí. Is beirt deartháireacha eile, Luke agus Jake Morgan, atá mar scríbhneoirí, léiritheoir agus stiúrthóir ar an scannán seo.

Ag tús an tsaothair címid beirt leaideanna óga ag spraoi leis an mbréagán céanna; frog stuáilte mór groí. Sa chéad radharc eile címid iad ar an Great Great Toy Show; leagan samhailteach do shaothar RTÉ le Páidí Ó Lionaird ina fhear an tí. Tosach maith. Canann siad amhrán agus neadaíonn siad i scioból samhlaíochta an phobail; a gcúig nóiméad déag cáile mar a deir seanrá an Bhéarla.

Cúig bliana is fiche níos déanaí tá Froggie fós ina bhfochair agus iad fós ag iarraidh adhmad a bhaint as taispeántas a n-óige. Ní nach ionadh tá Fiachra (Seán T. Ó Meallaigh) agus Tadhg (Gearóid Kavanagh) ag streachailt. Coranna cinniúnacha rompu; Fiachra á chur amach as an gcoimeádán loingis ina bhfuil sé ag maireachtaint agus tá Tadhg le pósadh, rud a chiallaíonn gur gá dó tabhairt faoi shaol stuama 9-5. Cé chomh fada eile gur féidir leo greim a choimeád ar bhrionglóidí a n-óige. Tagann cor obann sa scéal nuair a fhuadaítear Froggie agus go gcrochtar físeán fuascailte ar na meáin shóisialta, físeán a scaiptear go rábach. ‘Vae leis an mbeirt ansin is iad i mbun gníomhartha buile is grinn. An áiféis agus an scigdhrámaíocht go mór chun cinn. Ceol anamúil amhail An Dreoilín le Seán Monaghan agus leagan Brian K. Murphy Jr de Pheigín Leitir Mór ár dtionlacan.

Cé nach i gcónaí a aimsíonn an saothar an sprioc agus go gcuaigh rudaí amach ón gcairt ábhar i dtreo an deiridh, bainfidh an saothar gáire asat. Poncánach ag ceapadh gur duine é Fine Gael agus Fiachra á fhuaimniú aige mar Viagra. A leithéid sin.  Buillí mothúchánacha anseo agus ansiúd chomh maith agus cíoradh caolchúiseach á dhéanamh ar an gcumha i ndiaidh na hóige is na máthar, brionglóidí nár fíoraíodh agus gairm achrannach an ealaíontóra.

Cara samhailteach é an bréagán céanna agus cúis gan scaoileadh le draíocht agus soineantacht na hóige

Tugann an bheirt cheann feadhna faoin gcúram le fonn is le flosc agus is iad atá deas ar na nóimintí níos sollúnta chomh maith. Tacaíocht bhreá acu ó leithéidí Diarmaid de Faoite, Lucia Evans agus Eoin Ó Dubhghaill. Go deimhin b’ábhar díomá dom nach raibh a thuilleadh radharcanna le de Faoite.

Scannán don tráth seo bliana; saothar croíúil don teaghlach ar fad.

Fág freagra ar 'Gníomhartha gaisce is grinn le Froggie – saothar croíúil don teaghlach ar fad'