GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Príomhoide le ceapadh i gColáiste Íosagáin

Tá Coláiste Íosagáin ag cur oideachais ar ardchaighdeán ar fáil do chailíní i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ó 1971 i leith

GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Príomhoide le ceapadh i gColáiste Íosagáin

Tá Bord Bainistíochta Choláiste Íosagáin ag fógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh a rachaidh i mbun dualgais ar an 1 Meán Fómhair 2019. Is meánscoil, dheonach, Chaitliceach, lánghaelach é Coláiste Íosagáin faoi Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís. Tá an scoil ag cur oideachais ar ardchaighdeán ar fáil do chailíní i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ó 1971 i leith. Tá 484 dalta ar rolla na scoile faoi láthair agus tá an scoil comhlonnaithe le Coláiste Eoin, meánscoil do bhuachaillí.

Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoin scoil ar shuíomh idirlín na scoile www.eoiniosagain.ie/iosagain.
Tá foirm iarratais ar fáil trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@eoiniosagain.ie. Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta, Coláiste Íosagáin, Bóthar Stigh Lorgan, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath tríd an bpost amháin faoin 20 Márta 2019. D’fhéadfadh gearrliostú a bheith i gceist. Is fostóir comhionannais é Coláiste Íosagáin.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Príomhoide le ceapadh i gColáiste Íosagáin'