GNÉ ALT FÓGRAÍOCHTA: Cruinniú na nÓg ar TG4 

Beidh ceiliúradh á dhéanamh ar lá náisiúnta cruthaitheachta na hÉireann do leanaí agus  do dhaoine óga ar an 12 Meitheamh san fhéile bhliantúil Cruinniú na nÓg agus deis do chách faoi 18 féith na cruthaitheachta a chur ag obair

GNÉ ALT FÓGRAÍOCHTA: Cruinniú na nÓg ar TG4 

Déanfaidh TG4 i bpáirt le Clár Éire Ildánach na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ceiliúradh ar Cruinniú na nÓg 2021 le sraith nua Cruthaím agus dráma Gaeilge do dhéagóirí ar Tik Tok.

Is léargas ar chruthaitheacht agus ar nuálaíocht na hóige é Cruinniú na nÓg. Is é an t-aisteoir óg as Conamara Ruarc Ó Confhaola Ambasadóir na Gaeltachta 2021.

Díreoidh Cruthaím aird ar óige na hÉireann, daoine óga sna ceantair Ghaeltachta go háirithe, agus ar an mbeocht agus na tallanna éagsúla atá acu.

Beidh Gaeilgeoir óg amháin as gach contae, chomh maith le duine amháin as an líon mór daoine óga ó dhiaspóra na tíre seo ag léiriú a gcruthaitheachta i sraith físeán a chraolfar ar Youtube Cúla 4 ón 2 Meitheamh go dtí an 12 Meitheamh.

Tabharfar glór don óige agus deis ar leith iad féin a chur i láthair agus a léiriú céard a chiallaíonn an chruthaitheacht dóibhsean.

Den chéad uair riamh, léireofar dráma i nGaeilge don ardán Tik Tok do Cruinniú na nÓg. Scéal grá na Debs  idir Gillian agus Séamus a léireofar sa dráma seo. Is faoin haishchlib #Fairytale a bhfuil tóir air ar Tik Tok a bheidh an dráma seo. Craolfar an dráma ina mhíreanna ar Tik Tok bloc_tg4 ón Satharn 12 Meitheamh.

Is é an scríbhneoir agus stiúrthóir Philip Doherty, stiúrthóir cruthaitheach Samhlú 2020 a chruthaigh an dráma seo i bpáirt le daoine óga. Iarrfar ar an lucht féachana a bheith páirteach agus a ndrámaí féin a chruthú agus clibeáil a dhéanamh ar @bloc_tg4 agus #Fairytale.

Fág freagra ar 'GNÉ ALT FÓGRAÍOCHTA: Cruinniú na nÓg ar TG4 '