GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An chaoi a bhfuil HIQA ag obair chun torthaí sláinte a fheabhsú do chách

Mar an comhlacht neamhspleách chun sábháilteacht agus cáilíocht a chur chun cinn sa chúram sláinte agus sóisialta, is é is aidhm le Plean Corparáideach 2025-2027 an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte ná na torthaí is fearr agus is féidir a chur ar fáil do chách a bhaineann úsáid as seirbhísí. Leagann POF Angela Fitzgerald amach […]

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An chaoi a bhfuil HIQA ag obair chun torthaí sláinte a fheabhsú do chách

Príomhoifigeach feidhmiúcháin an Údaráis Um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, Angela Fitzgerald

Mar an comhlacht neamhspleách chun sábháilteacht agus cáilíocht a chur chun cinn sa chúram sláinte agus sóisialta, is é is aidhm le Plean Corparáideach 2025-2027 an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte ná na torthaí is fearr agus is féidir a chur ar fáil do chách a bhaineann úsáid as seirbhísí. Leagann POF Angela Fitzgerald amach an chaoi a rialaíonn HIQA, a socraíonn sé caighdeáin, a gcuireann sé fianaise ar fáil le heolas a dhéanamh don chinnteoireacht agus a n-úsáideann sé a ghuth le labhairt amach ar son athrú agus feabhsú ar sholáthar seirbhísí.

Tá sainchúram agus freagrachtaí HIQA méadaithe go mór ó bunaíodh é 18 mbliana ó shin. Ar dtús, bhí muid freagrach as caighdeáin a shocrú, faireachán a dhéanamh ar shaoráidí cúraim sláinte phoiblí, tithe altranais a rialú agus fianaise a chur ar fáil chun tacú le cinntí beartais laistigh de thírdhreach an chúraim sláinte agus shóisialta i gcoitinne.

Chuir roinnt rialtas agus airí a muinín ionainn as a chéile agus sinn ag glacadh le feidhmeanna nua, lena n-áirítear rialú a dhéanamh ar ionaid chónaithe do dhaoine faoi mhíchumas agus ar shainchúram leanaí. Le déanaí leagadh de chúram orainn nochtadh míochaine do radaíocht ianúcháin a rialú, lárionaid chosanta idirnáisiúnta thiomnaithe a iniúchadh agus faireachán a dhéanamh ar ospidéil phríobháideacha faoin Acht um Shábháilteacht Othar. I gcomhréir le Treoracha AE le déanaí, ainmníodh HIQA mar an tÚdarás Inniúil le measúnú a dhéanamh ar cé chomh hullmhaithe is atá seirbhísí cúraim sláinte agus shóisialta chun seirbhísí ríthábhachtacha a chosaint ó thurraingí seachtracha. Tá muid ag obair leis an Rialtas ar roinnt réimsí tosaíochtaí nua, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta baile agus cleachtas iarbháis a rialú, agus ceadúnú cúraim sláinte a thabhairt isteach.

Is iontach an fhorbairt atá déanta againn le cúig bliana anuas, ach bíonn sí dúshlánach chomh maith. Ní mór dúinn i gcónaí a bheith ag athrú agus ag fás, agus sinn ag díriú go príomha ar thionchar dearfach a imirt ar an bpobal ar a bhfreastalaímid.

Feabhsuithe a chur chun cinn sa chúram

Laistigh dár bPlean Corparáideach nua, is í an tosaíocht ná sábháilteacht, dínit agus folláine na ndaoine a chur chun cinn agus a neartú ar fud chúram sláinte agus sóisialta na hÉireann. Bainimid úsáid as ár gcumhachtaí, ár nguth neamhspleách agus ár gcuid taithí chun feabhsuithe a thabhairt chun cinn maidir le cáilíocht an chúraim agus na tacaíochta a chuirtear ar fáil.

Lenár n-iniúchtaí féachaimid le dea-chleachtas a fhorbairt agus le cásanna a shainaithint ina bhfuil gá le hathruithe córais agus eagrúcháin. Is í an fheidhm atá againn ná athbhreithnithe reachtúla agus iniúchtaí neamhspleácha a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht othar, agus tríd an bhfeidhm sin tá muid in ann athruithe ar an gcóras agus ar bheartas a chur i gcrích, rud a thacaíonn le feabhsuithe ar an leibhéal náisiúnta. Leis an athbhreithniú ar rialachas ionphlanduithe míochaine ag Sláinte Leanaí Éireann (SLÉ) a rinne muid le déanaí, úsáid spriongaí gan chomhartha CE in obráidí san áireamh, rinneadh moltaí tábhachtacha, maidir le seirbhísí SLÉ agus cúraim sláinte ar fud na tíre, faoi rialachas corparáideach agus cliniciúil, bainistiú agus maoirseacht ar chleachtas cliniciúil chun a chinntiú go dtugtar idirghabhálacha nua isteach agus go ndéantar maoirseacht orthu ar bhealach sábháilte agus éifeachtach.

Angela Fitzgerald

Ar an dóigh chéanna, san Athbhreithniú chun eolas a dhéanamh do chinnteoireacht maidir le dearadh agus soláthar seirbhísí cúraim sláinte práinne agus éigeandála i réigiúin an Iarthair-Láir FSS leagtar amach comhairle don Rialtas maidir le seirbhísí sábháilte agus éifeachtacha a sholáthar don réigiún ar bhonn inbhuanaithe. Bhain muid leas as ár dtaithí i sintéis fianaise chun measúnú criticiúil a dhéanamh ar an bhfianaise is fearr atá ar fáil a bhaineann le sábháilteacht othar agus saincheisteanna acmhainneachta. Trínár gcur chuige rialála, is féidir linn tuairim neamhspleách agus oibiachtúil a thabhairt ar an gcomhairle, de réir mar a thuigimid cad atá de dhíth chun a chinntiú go gcloíonn seirbhísí go seasmhach le caighdeáin chúraim den scoth agus chun na torthaí is fearr agus is féidir a chinntiú do mhuintir an Iarthair-Láir.

Chuimsigh an t-athbhreithniú seo rannpháirteachas forleathan na bpáirtithe leasmhara, agus fuarthas níos mó ná 1,100 freagairt ó othair agus teaghlaigh, ó ghairmithe cúraim sláinte agus ó dhaoine eile inar roinn siad a gcuid eispéireas le seirbhísí cúraim sláinte sa réigiún. Chuir a gcuid aiseolais bonn eolais faoinár gcur chuige agus faoinár dtorthaí.

Maidir le gach rud a dhéanaimid, tá sé ríthábhachtach dúinn go gcloistear dearcthaí an phobail agus úsáideoirí na seirbhísí agus go léirítear na dearcthaí sin. Tá rannpháirteachas an phobail agus na n-othar ina chomhpháirt ríthábhachtach dár gcuid oibre chun a chinntiú go smaoinímid i gcónaí ar a bhfuil tábhachtach dóibh agus muid ag foirmliú ár gcuid comhairle don Rialtas.

Féachaint chun tosaigh

Maidir le treo na seirbhísí cúraim sláinte agus shóisialta a mhúnlú amach anseo, tá sé tábhachtach forbairtí idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe ag leibhéal an AE.

Déanaimid ionadaíocht d’earnáil sláinte na hÉireann ar leibhéal na hEorpa chun ullmhú don Rialachán maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, tionscnamh faisnéise sláinte mór ar fud an AE. I gcomhar le FSS, leis an Roinn Sláinte, leis an mBord Taighde Sláinte agus le comhlachtaí eile, táimid ag comhordú cláir oibre chun tacú le seirbhís chomhlachta rochtana sonraí sláinte a bhunú in Éirinn. Cuideoidh sin le húsáid níos forleithne sonraí tánaisteacha agus cuirfidh sé rochtain shábháilte ar shonraí ar fáil d’fhonn tacú le taighde, nuálaíocht, oideachas, oiliúint, ceapadh beartais agus bainistiú seirbhísí.

Ar an dóigh chéanna, oibrímid lenár macasamhlacha Eorpacha chun tacú le Rialachán AE um Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte a chur chun feidhme agus chun cur chuige comhordaithe a chinntiú i leith beartas sláinte a fhorbairt atá bunaithe ar fhianaise.

Anuraidh tháinig dúshláin chun cinn do HIQA mar rialálaí. Táimid tiomanta don fhoghlaim mar eagraíocht, déanaimid athbhreithniú ar ár gcuid cleachtas, agus bímid ag mionathrú ár modhanna oibre chun a chinntiú go n-imrímid an tionchar is mó agus is fearr agus is féidir. Táimid ag obair go dlúth le hairí agus leis an Roinn chun réimsí a scrúdú inar féidir an creat rialála agus beartais a neartú.

Tá gach duine ag HIQA díograiseach faoinár misean comhroinnte chun na torthaí is fearr a sholáthar dóibh siúd a bhaineann leas as seirbhísí cúraim sláinte agus shóisialta. Tá ár bPlean Corparáideach ardaidhmeannach maidir lena fhócas, agus leagtar amach torthaí soiléire ann atá le baint amach againn. Leagtar amach freisin na príomháisitheoirí a theastaíonn le go mbeimid in ann torthaí níos fearr a bhaint amach do dhaoine a bhaineann úsáid as seirbhísí – struchtúr eagraíochta straitéiseach, teicneolaíocht agus ár bhfoireann.

Tacóidh Straitéis ár bPobail agus ár gCultúir lenár bhfoireann barr a gcumais a bhaint amach laistigh de chultúr eagraíochtúil dearfach, agus cuideoidh an Straitéis Dhigiteach linn glacadh le feidhmeanna nua, ár gcumas taighde a optamú agus rochtain fíor-ama a fháil ar shonraí agus anailísíocht chun eolas a dhéanamh dár gcur chuige rialála. Tá siad sin ríthábhachtach chun a chinntiú go leanaimid ar aghaidh ag imirt tionchar dearfach amach anseo.

www.hiqa.ie

(Luachanna an Údaráis Um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.)

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An chaoi a bhfuil HIQA ag obair chun torthaí sláinte a fheabhsú do chách'