‘Glanadh an Taoiseach agus an Tánaiste i nDáil Éireann nimh shléacht Bhailte Ó Síoda’

Deir an té a dhein an clár faisnéise ‘Ballyseedy’ gur chóir don stát leithscéal a ghabháil ‘as an gcoir cogaidh’ a deineadh ansin 100 bliain ó shin

‘Glanadh an Taoiseach agus an Tánaiste i nDáil Éireann nimh shléacht Bhailte Ó Síoda’

Ba chóir don Taoiseach agus don Tánaiste dhá ráiteas stairiúla faoi shléacht Bhailte Ó Síoda le linn Chogadh na gCarad a léamh amach lena gcur ar thaifead na Dála, a deir an té a dhein an clár faisnéise tábhachtach faoin uafás, Ballyseedy.

Tá sé 100 bliain ó tharla an sléacht inar maraíodh príosúnaigh de chuid Óglaigh na hÉireann a dhiúltaigh don Chonradh Angla-Éireannach 1921, nuair a ceanglaíodh de mhianach talún iad sular séideadh san aer iad.

Deir an déantóir scannán Pat Butler gur cheart do Leo Varadkar agus Micheál Martin aiféala an stáit faoi ‘choir chogaidh’ Bhailte Ó Síoda a ghabháil trí dhá ráiteas a dhein beirt a bhí i gCiarraí an oíche sin a léamh amach i nDáil Éireann Dé Máirt seo chugainn.

Is ó Stephen Fuller, an t-aon duine de naonúr príosúnach a thug na cosa leis ón sléacht, ceann de na ráitis agus ón Leifteanant Niall Harrington in Óglaigh an tSaorstáit, duine eile a d’inis an fhírinne faoinar tharla an lá léanmhar sin, an ráiteas eile.

“Ní mór don stát a chur ar an dtaifead go bhfuil aiféala air faoinar tharla ag Bailte Ó Síoda. Amhail Churchill agus na Dúchrónaigh, caochadh súil ar na himeachtaí seo. Dúradh le fórsaí an stáit ‘Cuirigí deireadh leis an gcogadh i gCiarraí’. Ní féidir le stát feidhmiú ar an tslí sin.

“Samhlaigh dá dtarlódh a leithéid sin in Bucha ná aon áit eile in 2023. Cuir i gcás gur dhúnmharaigh arm na Rúise príosúnaigh trí iad a cheangal de mhianach talún agus ansin é a phléascadh, bheadh Fianna Fáil agus Fine Gael ag fógairt ‘coir chogaidh’ agus bheadh an ceart ar fad acu.”

Mhol an Dr Mary McAuliffe as an gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath roimhe seo gur cheart taifead na Dála don bhliain 1923 a cheartú agus nach raibh le déanamh ach an ráiteas a dhein an té a tháinig slán ón sléacht, Stephen Fuller, a léamh amach sa Dáil.

Sa bhliain 1923 ghlan an tAire Cosanta a bhí ann an tráth sin, an Ginearál Risteard Ó Maolchatha, Aonad Ceannais an Airm Náisiúnta i gCiarraí ó aon mhilleán as aon rud a dhéanamh nach raibh ceart.

Tagann an t-iarchraoltóir, Pat Butler, le Mary McAuliffe agus molann sé gur chóir ráiteas an tsaighdiúra Niall C Harrington a chur ar thaifead na Dála chomh maith. Is é Pat Butler a tháinig ar an ráiteas cinniúnach sin agus é i mbun taighde dá chlár faisnéise. Bhí Harrington i gCiarraí oíche an tsléachta ach é áit eile agus gan aon bhaint aige leis.

“Ní raibh cúrsaí polaitíochta riamh chomh hoiriúnach agus atá siad anois le díriú ar cheist Bhailte Ó Síoda. Níl ag teastáil ach go léifeadh beirt pholaiteoirí ó dhá thraidisiún pholaitiúla éagsúla an fhírinne sa Dáil, an fhírinne as béal beirt fhear ón dá thraidisiún chéanna.

“Tá dualgas morálta ann é sin a dhéanamh ar son na ndaoine a maraíodh i mBailte Ó Síoda, ar son mhuintir Chiarraí agus ar son mhuintir na hÉireann.”

An 6 Márta 1923, maraíodh cúigear saighdiúirí in arm an tsaorstáit i gCnoc na gCaiseal nuair a phléasc mianach a bhí curtha i bhfolach rompu ina gcosán.

Mar ghníomh díoltais cheangail oifigigh in arm an tSaorstáit príosúnaigh, a bhí in aghaidh an Chonartha, de mhianaigh talún ag trí áit –  Bailte Ó Síoda, Droichead na Cuntaoise in aice le Cill Airne agus Na Beathacha in aice le Cathair Saidhbhín. Phléascadar na mianaigh agus maraíodh 17 príosúnach.

Ag an gCúirt Imeachta a eagraíodh san Aibreán 1923, glanadh saighdiúirí arm an tSaorstáit ón gcúiseamh gur mharaíodar a gcuid príosúnach. Paddy Daly a bhí ina chathaoirleach ar an gcúirt sin, an té is mó a raibh amhras air as an marú a eagrú.

Mhaígh Niall Harrington níos déanaí nach é amháin gur phléasc saighdiúirí an tSaorstáit na mianaigh ach gurbh amhlaidh a shocraigh siad ansin iad d’aon turas.

“Reáchtáladh, mar dhea, cúirt imeachta mhíleata faoi na heachtraí seo i dTrá Lí ar an 7 Aibreán 1923; ó m’eolas pearsanta féin, níl fírinne dá laghad sna haighneachtaí a cuireadh os comhair na cúirte sin,” a dúirt Niall Harrington i leabhar a foilsíodh i ndiaidh a bháis.

100 bliain ó tharla Bailte Ó Síoda, an oíche léanmhar sin an 6/7 Márta 1923, deir Pat Butler gur maith tráthúil an t-am é seo an taifead a cheartú, éagóir an stáit a admháil, agus an ‘nimh’ a d’fhág an eachtra ina diaidh a ghlanadh.

“Is mithid é sin a dhéanamh, go háirithe ar son na ndaoine sin ar fad a maraíodh ag Bailte Ó Síoda, Na Beathacha agus Droichead na Cuntaoise.”

Le linn díospóireacht Dála i mí na Samhna 2011, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur ‘ainghníomh’ a tharla ag Bailte Ó Síoda agus gurb amhlaidh gur “dúnmharú a rinneadh ar na daoine a mharaigh an chéad Rialtas gan aon triail”.

Sa bhliain 1997 a céadchraoladh Ballyseedy, clár faisnéise mór le rá Pat Butler, ar RTÉ1. Ag comhdháil faoi Chogadh na gCarad i dTrá Lí ag an deireadh seachtain taispeánadh an clár don bpobal arís, an chéad uair le 25 bliain.

Fág freagra ar '‘Glanadh an Taoiseach agus an Tánaiste i nDáil Éireann nimh shléacht Bhailte Ó Síoda’'

  • Brian Ó Conchubhair

    Ba cheart agus ba chóir sin a dhéanamh.
    Brian Ó Conchubhair