Glactha le moladh go mbeadh ar réiteoirí CLG i nGaillimh freastal ar ranganna Gaeilge

Tagann an moladh go mbeadh ar réiteoirí CLG i nGaillimh freastal ar ranganna Gaeilge sna sála ar na líomhaintí gur iarr réiteoir ar bhaill chumann Gaeltachta Béarla a labhairt le linn cluiche i Ros an Mhíl

Glactha le moladh go mbeadh ar réiteoirí CLG i nGaillimh freastal ar ranganna Gaeilge

D’fhéadfadh go mbeadh ar réiteoirí CLG i gcontae na Gaillimhe freastal ar ranganna Gaeilge feasta.

Tuairiscíodh ar Nuacht an Iarthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin gur glacadh le moladh ag cruinniú de thoscairí ó chumainn CLG an chontae oíche Dé Luain.

Ba iad Cumann Naomh Anna, Leitir Móir, a chuir an moladh chun cinn ag an gcruinniú agus thacaigh Cumann na Fairche leis. Cuirfear an moladh faoi bhráid Choiste Bainistíochta agus Coiste Réiteoirí Bhord CLG na Gaillimhe.

Tagann an moladh sna sála ar an gconspóid faoi réiteoir a líomhnaítear a d’iarr ar bhaill de chumann Gaeltachta éirí as a bheith ag Gaeilgeoireacht le linn cluiche i Ros an Mhíl ag tús na míosa seo.

I ndiaidh an chluiche sin, idir Piarsaigh Ros Muc agus Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach, rinne an cumann Gaeltachta gearán faoin réiteoir le Bord Chontae na Gaillimhe. Bunaíodh bord fiosrúcháin leis na líomhaintí a fhiosrú an tseachtain seo caite agus cuireadh tús leis an bhfiosrúchán oifigiúil aréir.

Beidh ionadaithe ón dá fhoireann a bhí ar an bpáirc an lá sin agus an réiteoir atá i gceist páirteach san fhiosrúchán seo agus táthar ag súil go mbeidh toradh air taobh istigh de choicís.

Fág freagra ar 'Glactha le moladh go mbeadh ar réiteoirí CLG i nGaillimh freastal ar ranganna Gaeilge'

  • padraig

    Más ea, ní Gaeilge amháin is ceart a mhúineadh dóibh!