‘Glacadh leis an margadh sa deireadh mar gur thug Éire a beannacht dó’ – Tusk

Tá a mbeannacht tugtha ag an gComhairle Eorpach don mhargadh nua Breatimeachta agus aird an uile dhuine anois ar Westminster

‘Glacadh leis an margadh sa deireadh mar gur thug Éire a beannacht dó’ – Tusk

Tá a mbeannacht tugtha go hoifigiúil ag ceannairí 27 ballstáit eile an AE don mhargadh nua Breatimeachta.

Ag preasocáid speisialta sa Bhruiséil tráthnóna, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gurbh amhlaidh gur thug an margadh nua cosaint do “mianta” mhuintir an Tuaiscirt agus gur chinntigh sé nach mbeidh teorainn chrua in Éirinn.

Dúirt sé gur fhoghlaim sé féin le dhá bhliain anuas faoi chur le chéile an Aontais Eorpaigh agus an méid gur féidir a bhaint amach nuair a sheasann tíortha an aontais le chéile. Mhol sé go mór an “tacaíocht” agus “an meas” a léirigh an tAE d’Éirinn.

Údar “bróin” dó go raibh an Bhreatain ag fágáil an AE, a dúirt an Taoiseach.

Ba gheall “le seanchara ag dul ar thuras nua” an scéal, ach chuirfeadh an tAE fáilte ar ais roimh an mBreatain dá mba mhian leo sin agus bheadh cathaoir “ag ár mbord i gcónaí dóibh”, a dúirt sé.

Dúirt Varadkar gur ghá comhghéilleadh chun Éire agus an AE a chosaint.

Phléigh na ceannairí an margadh ag a gcruinniú mullaigh tráthnóna agus glacadh leis na moltaí rud a fhágann gur ar Westminster a bheidh aird an uile dhuine féachaint an éireoidh le Boris Johnson beannacht na parlaiminte a fháil Dé Sathairn don socrú.

Tá ráite ag an DUP nach mbeidh siad ag tacú leis an margadh, buille mór do Phríomh-Aire na Breataine roimh an vóta cinniúnach sa pharlaimint.

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk gurb é an “stáir dheireanach” den rás anois é.

Tá sé ina mhargadh, ach an féidir é a dhíol le móramh in Westminster?

Dúirt sé gur glacadh leis an margadh sa deireadh mar gur thug Éire a beannacht dó agus, ina dhiaidh sin, mar go raibh an Coimisiún Eorpach sásta leis.

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker gurbh amhlaidh gur thug an tAE tús áite i gcónaí “do dhaoine”.

Ní bheadh sé ina mhargadh gan Taoiseach na hÉireann, a dúirt Juncker.

Dúirt Leo Varadkar gur mhargadh “maith” é agus go raibh réiteach maith ann ar chás an Tuaiscirt.

“Tá réiteach ar leith ann do Thuaisceart Éireann chomh maith, a aithníonn an stair agus an tíreolaíocht ar leith a bhaineann le Tuaisceart Éireann agus a chinntíonn nach mbeidh aon teorainn chrua idir tuaisceart agus deisceart, go leanfaidh an geilleagar uile-oileáin air ag forbairt agus go dtabharfar cosaint don mhargadh aonair agus d’áit s’againne ann,” arsa Leo Varadkar, Taoiseach na hÉireann.

Gan aon ‘veto’ ag an DUP agus ‘cur chuige nua’ curtha in áit an chúlstop

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker níos túisce tráthnóna nár facthas dó go raibh aon chúis ann go gcuirfí síneadh ama leis an mBreatimeacht.

Cé go meastar go dtabharfadh an tAE síneadh ama eile don Bhreatain dá mba ghá, beifear ag súil go gcuirfidh ráiteas Juncker tuilleadh brú ar fheisirí vótáil ar son an mhargaidh ag seisiún urghnách de pharlaimint na hEorpa Dé Sathairn.

Dúirt Donald Tusk go gcuirfeadh sé fios ar na ballstáit dá lorgófaí síneadh ama eile.

Fág freagra ar '‘Glacadh leis an margadh sa deireadh mar gur thug Éire a beannacht dó’ – Tusk'