Gan aon ‘veto’ ag an DUP agus ‘cur chuige nua’ curtha in áit an chúlstop

Deir Michel Barnier gur cás ‘ar leith’ é cás an Tuaiscirt agus go mba ghá socruithe ‘eisceachtúla’ chun dul i ngleic leis

Gan aon ‘veto’ ag an DUP agus ‘cur chuige nua’ curtha in áit an chúlstop

Ní bheidh cead diúltaithe ag an DUP maidir leis na socruithe Breatimeachta do Thuaisceart Éireann sa mhargadh nua a rinne an AE le Rialtas na Breataine.

Thug Michel Barnier, príomhidirbheartaí an AE, an méid sin le fios ar maidin ag preasócáid faoin margadh nua.

Tá ceist na tola i gcás an Tuaiscirt i measc na gcúiseanna amhrais is mó ag an DUP i dtaobh an dréachtmhargaidh nua agus iad ag iarraidh go mbeadh ‘veto’ acu maidir le haon socruithe nua.

De réir an mhargaidh, tar éis ceithre bliana socrófar in Stormont le móramh simplí cé acu an leanfar nó nach leanfar leis na socruithe don Tuaisceart. Sa chás go socrófaí go leanfaí ar aghaidh leis na socruithe ar feadh ocht mbliana eile. Sa chás go vótálfaí ar son deireadh a chur leo bheadh ‘tréimhse shuaimhnithe’ dhá bhliain i gceist.

Dúirt Barnier go raibh faoin AE an teorainn in Éirinn a choimeád ‘oscailte’ agus geilleagar oileán na hÉireann agus an margadh aonair a chosaint.

Ba chás “ar leith” é cás an Tuaiscirt agus ba ghá socruithe “eisceachtúla” chun dul i ngleic leis, a dúirt Michel Barnier. Dúirt sé gur ghá “an tsíocháin in Éirinn” a chosaint.

Mhol príomh-idirbheartaí an AE an Taoiseach Leo Varadkar agus Rialtas na hÉireann as a ról i bhfuascailt na sáinne. Dúirt Barnier gur chor cinniúnach sa scéal ab ea cruinniú an Taoisigh le Príomh-Aire na Breataine an tseachtain seo caite inar aontaigh siad beirt nach mbeadh aon seiceálacha custam in Éirinn, thuaidh ná theas.

Faoin margadh nua, fanfaidh an Tuaisceart in aontas custam na Ríochta Aontaithe ach cuirfear rialacha an AE i bhfeidhm i gcás na n-earraí go léir sa Tuaisceart, rud a fhágann go mbeidh gá le seiceálacha ar theorainn nua síos muir na hÉireann.

Dúirt Michel Barnier gurb ionann an socrú nua agus “cur chuige nua” i dtaobh cheist na teorann agus deireadh a bheith curtha leis an gcúlstop mar a bhí.

Deimhníodh níos túisce ar maidin go raibh sé ina mhargadh sna cainteanna Breatimeachta.

Dúirt Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh gur margadh “cothrom agus féaráilte” a bhí ann.

Mhol Juncker go nglacfadh ceannairí an 27 ballstát eile leis ag an gcruinniú mullaigh atá ar siúl faoi láthair.

Chuir Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson tvuít amach ar maidin inar thug sé le fios go raibh “margadh nua iontach” déanta.

Ba faoi pharlaimint Westminster é anois glacadh leis an margadh sin Dé Sathairn, a dúirt Johnson.

Dúirt Michel Barnier go raibh Johnson dóchasach go n-éireodh leis an margadh a chur tríd Westminster.

Bhí roinnt mhaith dóchais ann i gcaitheamh an lae inné go dtiocfaí ar shocrú roimh chruinniú mullaigh an lae inniu, ach deimhníodh aréir go raibh constaicí áirithe fós le sárú.

Ar an DUP is mó a bhí aird agus iad ag rá nach bhféadfaidís glacadh leis na moltaí is déanaí.

Chuir an DUP ráiteas amach níos luaithe ar maidin inar chuir siad cos i bhfeac arís maidir leis an margadh agus ceist na teorann go háirithe.

Níor mhór beannacht Pharlaimint na hEorpa agus Pharlaimint na Breataine a fháil don mhargadh nua agus d’fhéadfadh go mbeadh tacaíocht fheisirí an DUP in Westminster a bheith riachtanach fós.

Dúirt Michel Barnier ar maidin gur shíl sé féin go bhféadfadh go mbeadh glactha leis an margadh nua in am do lá an Bhreatimeachta, an 31 Deireadh Fómhair.

 

Fág freagra ar 'Gan aon ‘veto’ ag an DUP agus ‘cur chuige nua’ curtha in áit an chúlstop'