Tá sé ina mhargadh, ach an féidir é a dhíol le móramh in Westminster?

Tá Boris Johnson chomh mór faoi anáil an DUP agus a bhí Theresa May agus nílimid slán ó chrá croí an Bhreatimeachta fós

Tá sé ina mhargadh, ach an féidir é a dhíol le móramh in Westminster?

Bhí Jean-Claude Juncker ag labhairt i mBéarla nuair a thagair sé Dé Céadaoin don fhadhb atá ag cur as don Aontas Eorpach anois le trí bliana go leith.

“Everyone understands English, but nobody understands England,” a dúirt uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh le hiriseoirí sa Bhruiséil.

Bhí idir ghreann agus mhífhoighne follasach i mbriathra Juncker. Bhí an Breatimeacht á chrá, agus cruinniú eile de cheannairí na mballstát á chrá agus gan a bheith i ngiorracht réitigh fós. Ba léir dóibh uilig na cúiseanna: laige rialtas na Breataine, an t-easaontas leanúnach in Westminster agus i measc na vótóirí, agus tionchar an DUP.

Chuir páirtí Arlene Foster i gcuimhne dóibh go léir go moch maidin Déardaoin go raibh Boris Johnson chomh mór faoina smacht agus a bhí Theresa May. Bhí an Príomh-Aire nua á phrapáil féin i gcomhair a thurais chun na Bruiséile nuair a d’fhógair an DUP nach nglacfaidís leis an margadh aistarraingthe a bhí beartaithe aige.

Dúirt an páirtí nach dtabharfaidís tacaíocht do na socruithe a rinneadh maidir le cúrsaí custaim agus maidir le ceist na tola, agus nach raibh siad sásta le forálacha a moladh maidir le Cáin Bhreisluacha (VAT). Taobh amuigh de na sonraí sin, léirigh ráiteas an DUP deacracht níos bunúsaí a chuir bac ar an idirbheartaíocht sa Bhruiséil.

Dáiríre, bhí idirbheartaíocht ar bun ag Boris Johnson le ceithre thaobh sna laethanta roimh chruinniú mullaigh an AE. In áit a bheith i mbun comhráite go húdarásach sa Bhruiséil, ní raibh aon dul as ag a rialtas ach sonraí agus leasaithe an dréachtchomhréitigh a phlé le díograiseoirí Breatimeachta ina pháirtí féin, le heasaontóirí a caitheadh amach as an bpáirtí toisc nár aontaigh siad le Breatimeacht gan mhargadh, agus leis an DUP.

Bíodh cur chuige dá leithéid leadránach bheadh sé inghlactha dá dtiocfaí ar chomhréiteach dá bharr a nglacfaí leis sa Bhruiséil agus in Westminster. Ach is léir do cheannairí an AE anois go bhfuil Boris Johnson chomh mór faoi anáil an DUP agus a bhí Theresa May agus margadh eile á mholadh aici in 2017. Is léir freisin nach féidir a bheith cinnte, fiú dá n-éireodh leis an DUP a shásamh, go dtabharfadh móramh parlaiminte tacaíocht do shocrú ar bith.

Trí bliana tar éis don Ríocht Aontaithe vótáil i bhfabhar an Bhreatimeachta, níl comhthuiscint faoin mBreatimeacht aimsithe fós ag muintir ná ag polaiteoirí na tíre sin. Go deimhin, léiríonn na pobalbhreitheanna a rinneadh ó thús na bliana go bhfuil móramh beag ach seasmhach (53/47 ar an meán) in aghaidh an Bhreatimeachta anois.

Is dóichí ná a mhalairt go mbeidh ceannairí an AE foighneach ar feadh tamaillín eile, agus go mbeidh siad toilteanach moill a chur le dáta imeachta na Breataine arís. Ach níl sé ar a gcumas, ná ar chumas an rialtais i mBaile Átha Cliath, bunfhadhbanna an Bhreatimeachta a réiteach.

Gan dabht tá Boris Johnson ar a dhícheall agus é ag iarraidh an DUP a shásamh. Cibé toradh a bheidh ar a shaothar, ní dhéanfar dearmad ar an óráid a rinne sé ag comhdháil an pháirtí sin anuraidh. Dúirt sé an uair sin nach nglacfadh sé le teorainn chustaim agus rialála i Muir Éireann – díreach an rud atá á mholadh aige anois.

Nuair a fógraíodh sa Bhruiséil níos déanaí maidin inniu go raibh ionadaithe an AE agus na Breataine tagtha ar chomhréiteach, ba léir fós an fhadhb i Londain. Nuair a chuirfidh (nó má chuireann) an rialtas mionlaigh comhshocrú eile ar chlár na parlaiminte i Westminster beidh an cheist achrannach chéanna le réiteach fós: an bhfuil comhaontú ar fáil a shásóidh móramh, an DUP san áireamh?

Mura bhfuil, beidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach cráite ag an mBreatimeacht go dtí go gcuirfear an cheist faoi bhráid an phobail thall arís, in olltoghchán nó i reifreann.

Nó b’fhéidir in olltoghchán agus i reifreann.

Nílimid slán ó chrá croí an Bhreatimeachta fós.

Fág freagra ar 'Tá sé ina mhargadh, ach an féidir é a dhíol le móramh in Westminster?'

  • An Teanga Bheo

    Fan go fóill leis an gcúlstop ar an mbealach is dóigh !

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ceist hipitéisteach: meas tú dá mbeadh na Teachtaí Parlaiminte ó Shinn Féin ag suí i Westminister, cén caoi a vótáilfidís amárach ar an socrú nua?