Ghéill laoch Gréagach na heite clé go hiomlán do thoil dominatrix Ghearmánach…

Tá an dráma thart: faoiseamh curtha ar fáil do mhuintir na Gréige agus do mhuintir na hEorpa araon. Ach mar is dual do thragóid mhaith, tá an lucht féachana curtha ag machnamh ag Alexis Tsipras agus Angela Merkel

Alexis_Tsipras_in_Moscow_4

Tá sé thart, is cosúil, tragóid na Gréige a choinnigh súile mhuintir na hEorpa greamaithe dá scáileáin in ainneoin lag trá na nuachta a tharlaíonn gach samhradh.

Sea, tá an seó bóthair thart – ach ar ndóigh, leanfaidh an tragóid ar aghaidh do mhuintir na Gréige, a mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar bheartais déine úrnua.

Ach más aon fhianaise í an rabharta thuairimíochta a chonacthas ar na meáin faoin sobaldráma seo ina raibh ar laoch Gréagach na heite clé géilleadh go hiomlán do thoil dominatrix Ghearmánach na heite deise, déanfar go leor machnaimh ar thránna na hEorpa as seo go deireadh an tsamhraidh.

Agus is maith sin.

An aidhm a bhí ag tragóidí na Sean-Ghréige riamh ná κάθαρσις – catairsis – a chothú sa lucht féachana. Faoiseamh a thabhairt don phobal ó mhothúcháin a bhí á gcéasadh, nó a bhí á gcur i bhfolach acu, i ngan fhios dóibh féin go minic.

Bhí a leithéid ag teastáil.

Bhí fearg ar mhuintir na Gréige le muintir thuaisceart na hEorpa. Fuaireadar an deis, seachtain ó shin, ‘OXI’ a bhéiceach leo.

Bhí fearg ar mhuintir thuaisceart na hEorpa le muintir na Gréige, nár aisíoc na billiúin a thugadar ar iasacht dóibh.

Bhí fearg ar an Eoraip ar fad toisc go raibh an chosúlacht ar an scéal, amanta, go raibh aisling na hEorpa í féin i mbaol.

‘Dianghlanadh’ ceann de na bríonna atá leis an bhfocal ‘catairsis’. Níl dabht ar bith faoi ach go ndearnadh é sin le cúpla seachtain anuas agus na meáin thraidisiúnta agus shóisialta ag cur thar maoil le goimh agus fuath. Bhí idir dhrochjócanna agus chiníochas oscailte ann agus iad ar fad dírithe ar phobal na Gréige nó ar phobal na Gearmáine agus tíortha eile i dtuaisceart na hEorpa.

Na mothúcháin ghránna, shuaracha sin ar fad, chuir daoine i dteachtaireachtaí 140 carachtar iad agus bhrúigh siad ‘seol’.

‘Faoiseamh’ an chiall eile atá ag an bhfocal ‘catairsis’. Anois agus an cuirtín tarraingthe anuas, tá sé sin againn. Beidh airgead ag teacht amach as innill bhainc na Gréige an athuair. Tá barántas ag cáiníocóirí thuaisceart na hEorpa go n-íocfar ar a laghad cuid den airgead sin ar ais. Rud is tábhachtaí ná rud ar bith eile, níl aisling na hEorpa tar éis bháis, mar a bhí á thuar ag cuid mhór tráchtairí le cúpla lá anuas.

Ach d’inseodh Euripides, Aeschylus, Sophocles nó aon duine eile de dhrámadóirí móra na Sean-Ghréige duit go mbíonn aidhm bhreise ag tragóid mhaith seachas catairsis a chur ar fáil.

Is é sin, an pobal a chur ag smaoineamh.

Níl dabht ar bith faoi ach gur éirigh leis an sobaldráma a tháinig chun críche sa Bhruiséil go luath maidin Dé Luain an aidhm sin a bhaint amach.

Bhí an tAontas Eorpach bunaithe faoin am a tháinig go leor againn ar an bhfód. Níor cheistigh an chuid is mó againn mórán é. Bhímis ag tabhairt amach faoi rialacha fánacha, ach ghlacamar go fonnmhar le saorthaisteal, airgeadra aonair agus go leor, leor deontas.

Anois agus deireadh tagtha leis an tragóid seo (má tá – caithfidh parlaimint na Gréige glacadh leis an bpacáiste tarrthála go hoifigiúil fós), tá ceisteanna móra múscailte i measc go leor de mhuintir na hEorpa. Cén saghas Aontais atá uainn? Cén aisling atá againn féin don Eoraip?

Beidh tionchar ag an scéal seo orainn go gceann i bhfad.

Fág freagra ar 'Ghéill laoch Gréagach na heite clé go hiomlán do thoil dominatrix Ghearmánach…'

  • Seán Mag Leannáin

    Cruthaíonn sé arís go raibh an ceart ag iar-uachtarán Mheiriceá Nixon a dúirt ‘nuair a bhíonns greim agat ar a gcuid magairlí is gearr go dtiocfaidh a gceann agus a gcroí leat.’

  • Páid Ó Donnchú

    San lá atá inniu ann, baineann an focal dominatrix le cúrsaí craiceann.
    Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart an focal sin a úsáid sa chomhthéacs seo.

  • Luke Callinan

    “Anois agus deireadh tagtha leis an tragóid seo (má tá – caithfidh parlaimint na Gréige glacadh leis an bpacáiste tarrthála go hoifigiúil fós)…”

    Fiú má bhíonn glacadh pharlaimint na Gréige le riachtanais uilig an phacáiste amach anseo (mar aon le aontú na Gearmáine agus baicle de thíortha Eorpacha eile le bronnadh an airgid ón ESM ar an nGréig), níl deireadh tagtha leis an dráma seo ná baoill air….. b’fhiú súil a choinneáil ar obair Varoufakis agus a fhoirne plean a réiteach le haghaidh theacht ar ais tomhaiste an Drachma sa nGréig