‘Gheall muid go ndéanfaimis iarracht mhór i mbliana’ – Odhrán Mac Niallais agus athrú meoin ag Gaoth Dobhair

Tá Gaoth Dobhair ag súil le deireadh a chur le teip na gConallach i gCraobh Uladh nuair a chasfaidh siad ar sheaimpíní Mhuineacháin i gcluiche ceannais an chúige Dé Domhnaigh

‘Gheall muid go ndéanfaimis iarracht mhór i mbliana’ – Odhrán Mac Niallais agus athrú meoin ag Gaoth Dobhair

Odhrán Mac Niallais ag imirt do Ghaoth Dobhair in aghaidh Raonaithe na Croise i gcluiche leathcheannais Uladh. Pictiúr: INPHO/Declan Roughan

Beidh peileadóirí Ghaoth Dobhair ag iarraidh a n-ainm a chur sa Táin an Domhnach beag seo. Ó cuireadh tús oifigiúil le Craobh Shinsir Chlubanna Uladh ag tús na 1970idí, níl craobh an chúige buaite ach ag aon chumann amháin as Dún na nGall, sin í comhfhoireann Naomh Iósaef, a thug an chraobh leo i 1975.

Idir sin agus cluiche ceannais na bliana seo, níor éirigh ach le trí fhoireann as Tír Chonaill dul chomh fada le cluiche ceannais an chúige – Na Cealla Beaga i 1991, Naomh Conaill in 2010 agus Gleann tSúilí in 2013 – ach chlis orthu uile an corn a thabhairt abhaile.

Beidh Gaoth Dobhair ag iarraidh deireadh a chur leis an ngorta sin nuair a chasfaidh siad féin agus seaimpíní Mhuineacháin, An Bhoth, ar a chéile sa chluiche ceannais ar an Ómaigh an deireadh seachtaine seo agus deir imreoir lár páirce Ghaoth Dobhair, Odhrán Mac Niallais, go bhfuil sé deacair teip na gConallach sa chúige go dtí seo a mhíniú.

“Tá sé ait nach bhfuil déanta go maith ag foirne Dhún na nGall i gCraobh Uladh mar go raibh foirne iontach maith sa chontae a chuaigh isteach sa chraobh le blianta beaga anuas, Naomh Adhamhnáin, Naomh Conaill, Gleann tSúilí,” a deir Mac Niallais.

“Bhí foirne iontach láidir acu agus is doiligh a rá cén fáth nár éirigh leo. B’fhéidir nár dhírigh siad isteach uirthi. B’fhéidir go raibh siad sásta craobh an chontae a bhaint agus nár thug siad an iarracht chéanna i gCraobh Uladh.”

Agus Corn an Dochtúra Mhig Uidhir tugtha leo ag Gaoth Dobhair an mhí seo caite, an chéad uair dóibh craobh an chontae a bhuachan le dhá bhliain déag anuas, mhaithfeá d’fhir Mhachaire Gathlán mura mbeadh mórán fonn orthu tabhairt faoi fheachtas fada crua eile in Ulaidh ach ní shin mar a bhí.

“Rinne muid cúpla lá mór ag ceiliúradh [i ndiaidh an chluiche ceannais] ach bhí muid ar ais ag traenáil ansin an Déardaoin ina dhiaidh agus ag díriú ar Chraobh Uladh,” arsa Mac Niallais.

“Tá muid ag iarraidh achan rud a bhaint. Foireann iontach uaillmhianach atá anseo, go háirithe na leaids óga. Tá achan rud bainte acu faoi aois. Bhí a fhios againn go raibh seans iontach ann Craobh Uladh a bhaint. Bhí muid ag iarraidh iarracht mhaith a dhéanamh agus tá sé sin déanta againn go dtí seo. Tá muid sa chluiche ceannais anois agus 60 nóiméad romhainn chun cupán eile a fháil.”

Nuair a fhiafraítear de mhuintir na háite céard is cúis leis an dul chun cinn atá déanta ag foireann shinsir Ghaoth Dobhair le cúpla bliain anuas, tugtar cúpla míniú air.

Luaitear ar dtús teacht chun coinlíochta an ghrúpa peileadóirí óga a bhuaigh gach rud a bhí le buachan faoi aois agus faoi cheannas Tom ‘Beag’ Mac Giolla Easpaig. Luaitear chomh maith ceapachán Mervyn Uí Dhomhnaill mar bhainisteoir ar an bhfoireann shinsir ag tús na bliana anuraidh, fear a thug “córas níos proifisiúnta” isteach, dar le Mac Niallais.

“Ní raibh an club ag déanamh go maith le b’fhéidir deich mbliana anuas agus bhí muintir na háite agus muid féin fosta ag fanacht ar bhliain mhór. Bhí bliain mhaith againn anuraidh, chuaigh muid go dtí an cluiche leathcheannais i gcraobh an chontae agus sin áit nach raibh mé féin nó cuid de na leaids eile riamh. Thug sin taithí mhór dúinn agus spreag sé muid fá choinne na bliana seo,” arsa Mac Niallais.

“Cúpla mí i ndiaidh an chluiche leathcheannais anuraidh, chuaigh muid ar ais ag traenáil agus gheall muid dá chéile go raibh muid chun iarracht iontach, iontach mór a thabhairt sa chraobh i mbliana, rud b’fhéidir nach raibh muid ag déanamh roimhe seo.”

Nuair a thosaigh Mac Niallais amach ag imirt ar an bhfoireann shinsir ocht mbliana ó shin, deir sé gurbh iad leithéidí Kevin Cassidy, na McGees agus James Ó Gallachóir a bhí mar spreagadh aige agus a chabhraigh leis. Cé go ndéanann sé iarracht an tacaíocht chéanna a thabhairt do na leaids óga atá ann anois, measann sé nach bhfuil a leithéid de dhíth orthu.

“Tá siad chomh diongbháilte sin agus tá an taithí uile acu. Tá mé ag déanamh go bhfuil 28 nó 29 leaid ar an bpainéal againn agus tá 28 nó 29 ceannaire ansin. Tá ceannairí achan áit againn.”

Ba léir an méid sin sna taispeántais a thug ag Gaoth Dobhair i gCraobh Uladh go dtí seo. In aghaidh an Charraigín sa bhabhta ceathrú ceannais agus arís in aghaidh bhoic mhóra Uladh, Raonaithe na Croise, d’éirigh le fir na Gaeltachta an fód a sheasamh nuair a tháinig an crú ar an tairne.

Tá cluiche crua eile rompu ar an Domhnach agus an Bhoth ag fanacht orthu, foireann a bhfuil Craobh Mhuineacháin buaite acu le ceithre bliana anuas. Ní bhíonn sé éasca i gcónaí a lán eolais a fháil faoi do chéilithe comhraic i gcomórtais na gcúigí, ach tá aithne mhaith ag Mac Niallais ar chuid d’imreoirí na Botha.

“Tá imreoirí iontach maith acu – Darren Hughes, Kieran Hughes, Rory Beggan, Conor McCarthy. Tá taithí mhillteanach ag na leaids sin le Muineachán fosta, ag imirt peil idirchontae. Tá taithí acu ar fud na páirce agus beidh orainn féin leibhéal eile a bhaint amach chun iad a bhualadh.”

Bronnadh gradam All-Star ar Beggan an mhí seo caite agus moladh ar leith tuillte aige as a chumas ó na ciceanna amach. Tá a fhios Mac Niallais go bhfuil dúshlán ar leith roimh imreoirí Ghaoth Dobhair más fúthu srian a chur le tionchar Beggan.

“Tá an oiread sin rudaí sa chluiche inniu a gcaithfidh tú obair orthu, tá sé doiligh iad uile a dhéanamh ach rinne muid obair ar na ciceanna amach. Tá cúl báire s’acu ar cheann de na cinn is fearr sa tír, Rory Beggan. Má stopann muid na ciceanna amach, beidh seans maith againn scóranna a fháil agus an cluiche a bhaint.

“Thug muid taispeántais maith cheana ach beidh orainn taispeántas níos fearr a thabhairt sa chluiche ceannais.”

Fág freagra ar '‘Gheall muid go ndéanfaimis iarracht mhór i mbliana’ – Odhrán Mac Niallais agus athrú meoin ag Gaoth Dobhair'