Gheall mé nach mbreathnóinn ar aon apacailipsis zombaithe arís go deo ach seo arís mé…

Níl a fhios agam cén fáth go ndéanaim é seo -  tá faitíos orm a bheith sa teach liom féin ó chonaic mé an chéad eagrán de ‘The Last of Us’

Gheall mé nach mbreathnóinn ar aon apacailipsis zombaithe arís go deo ach seo arís mé…

Mhionnaigh mé nach mbreathnóinn ar aon chlár apacailipsis arís go brách. Ach thosaigh mé ag breathnú ar shraith nua zombaithe an tseachtain seo is tá mo chroí curtha trasna aige ó shin.

Deirtear gurb í an tseachtain seo an tseachtain is mó sa bhliain ina mbíonn daoine in ísle brí. Níl a fhios agam an bhfuil aon fhírinne ann, ach má tá tú ar dhuine de na daoine atá in ísle brí an tseachtain seo mholfainn duit breathnú ar The Last of Us agus cuimhnigh, dá dhonacht do lá, ar a laghad níl an domhan buailte ag apacailipsis na zombaithe.

Níl a fhios agam cén fáth go ndéanaim é seo. Tá faitíos orm a bheith sa teach liom féin ó chonaic mé an chéad eagrán.

Bhí mo dhóthain feicthe agam i ndiaidh apacailipsis na zombaithe 28 Days Later nár bhreathnaigh mé air ach amháin le teann dílseachta do Chillian Murphy, bail ó Dhia is ó Mhuire air.

Is nuair a bhreathnaigh mé ar I Am Legend, tuilleadh zombaithe, ní raibh mé in ann a bheith i seomra agus na soilse múchta ar feadh trí bliana ina dhiaidh.

Ar ndóigh, bhí mé a cheapadh go raibh mé ag cailleadh amach ar rud éigin iontach agus chaithfinn breathnú ina dhiaidh sin ar The Walking Dead agus tá pictiúir ghruama i mo chloigeann anois agam nach n-imeoidh go brách.

D’fhág mé slán cinnte leis an seánra i ndiaidh dom The Road le Cormac McCarthy a léamh nuair a thosaigh mé ag bailiú cannaí torthaí ar fhaitíos na bhfaitíos. In uair thaibhsiúil na hoíche agus tú ag dul isteach sa gcistineach sa dorchadas ag iarraidh gloine uisce buaileann an sceimhle thú.

Shílfeá go mbeadh chuile chasadh bainte as scéalta na tubaiste sa dá mhíle bliain ó chuir Eoin peann le pár i Leabhar na dTaibhreamh. Is ná déan dearmad ar aimsir na Díle nuair nár tháinig slán ach Noah is a chlann is péire de chuile neach beo eile ar chlár an domhain.

Ach tá casadh eile bainte as an seánra in The Last of Us a thosaigh ag sruthú le cúpla seachtain anuas. Ní díle ná víreas is cúis leis an scrios ar an gcine daonna an uair seo, ach fungas. Ceann eile le cur le do liosta imní má tá a leithéid agat.

Nó más cleachtas buíochais atá agat, in aice le ‘tá mé buíoch as mo shláinte agus buíoch as mo chlann”, féadfaidh tú ‘tá mé buíoch nach bhfuil muisiriúin ag fás amach as mo bhaithis’ a chur le liosta na maidine.

An chéad aiféala a bhuail mé is mé ag breathnú ar an gclár ná go raibh glanadh amach déanta agam ar an teach ag tús na bliana. Amach leis an sean agus isteach leis an nua.

Nach orm a bhí an tseafóid. Má thagann na zombaithe anois beidh deireadh linn.

Fuair mé réidh leis na buidéil phianmhúchán, seanbhuidéil spíosraí agus earraí tirime a raibh an dáta caite orthu. Amach leis na héadaí agus na bróga caite, seantuáillí agus málaí plaisteacha. Mo léan, mo léan, nach mé a bheadh buíoch astu aimsir na muisiriún.

Fág freagra ar 'Gheall mé nach mbreathnóinn ar aon apacailipsis zombaithe arís go deo ach seo arís mé…'