Geolaíocht ghrinneall na farraige ‘róchasta’ le feirm ghaoithe a fhorbairt ar Charraigeacha Sceirde

Dúirt Fuinneamh Sceirde Teoranta, an comhlacht a raibh súil acu an fheirm ghaoithe a fhorbairt, gur oth leo an cinneadh gan dul ar aghaidh leis an bplean feirm ghaoithe a thógáil amach ó chósta Charna i nGaeltacht Chonamara

Geolaíocht ghrinneall na farraige ‘róchasta’ le feirm ghaoithe a fhorbairt ar Charraigeacha Sceirde

Tá sé deimhnithe ag Fuinneamh Sceirde Teoranta (FST) nach leanfar ar aghaidh a thuilleadh le forbairt na feirme gaoithe a bhí beartaithe ar na carraigeacha Sceirde amach ó chósta Charna i nGaeltacht Chonamara.

Tuairiscíodh níos túisce an mhí seo nach rabhthas le dul ar aghaidh leis an fhorbairt €1.4 billiún ar charraigeacha Sceirde amach ó chósta Iorras Aithneach.

Tuairiscíodh gur léirigh suirbhéanna a rinneadh le gairid nach bhféadfaí leanúint leis an togra.

Cuireadh cead pleanála don fhorbairt €1.4 billiún faoi bhráid An Bord Pleanála agus táthar ag súil le cinneadh i mí Iúil.

I ráiteas a eisíodh tráthnóna inné, dúirt Fuinneamh Sceirde Teoranta, an comhlacht a raibh súil acu an fheirm ghaoithe a fhorbairt, gur oth leo an cinneadh gan dul ar aghaidh leis an bplean.

“Rinneadh an cinneadh seo tar éis measúnú teicniúil cuimsitheach ar gach gné den tionscadal a rinneadh le roinnt míonna anuas. Áiríodh leis seo athbhreithniú ar an obair mhionsonraithe imscrúdaithe suímh agus na staidéir a rinneadh go dtí seo, trína n-aithníodh dúshláin shuntasacha struchtúracha agus theicniúla a bhaineann go sonrach le suíomh tionscadail Carraigeacha Sceirde.”

Dúradh gur léirigh “anailís leanúnach” go bhfuil geolaíocht ghrinneall na farraige ar an suíomh “an-chasta” agus go mbíonn “tionchar mór ag sruthanna agus tonnairdí suntasacha uirthi”.

“Bhí sé seo le feiceáil go háirithe i rith mhíonna an gheimhridh agus go háirithe i scrúdú á dhéanamh ar thionchair stoirmeacha Ashley (Deireadh Fómhair ’24) agus Éowyn (Eanáir ’25) ina raibh tonnairdí suas le 23 méadar.

“Mar thoradh air sin, tá an cinneadh deacair déanta againn gan dul ar aghaidh leis an bhforbairt mar nach féidir linn inseachadtacht na Feirme Gaoithe ná sláinte agus sábháilteacht fhoireann agus chonraitheoirí an tionscadail a ráthú.”

Dúirt Fuinneamh Sceirde Teoranta go raibh siad buíoch de Rialtas na hÉireann agus de phobal Chonamara “as an deis iniúchadh a dhéanamh ar an togra seo” agus go raibh díomá orthu “nárbh fhéidir bealach inmharthana chun cinn a aimsiú”.

“Creidimid i gcónaí go bhfuil cumas láidir ag Éirinn earnáil ghaoithe amach ón gcósta a fhorbairt,” a dúradh.

Bhí Fuinneamh Sceirde Teoranta ag súil 30 tuirbín a thógáil a bheadh os cionn 300 méadar ar airde a thógáil idir 5 chiliméadar agus 11.5 ciliméadar amach ón gcósta i gCarna.

Bhí sé i gceist go mbeadh an fheilm in ann 450 meigeavata fuinnimh a ghiniúint, dóthain fuinnimh do 350,000 teach agus go laghdódh sin astaíochtaí CO2 550,000 tonna sa mbliain.

Bhí €70 milliún á ghealladh ag Corio Generation do chiste pobail sna 20 bliain ó thosódh an fheilm ag oibriú.

Sa mbliain 2030 a bhíothas ag súil le fuinneamh a ghiniúint ar an bhfeilm ar Charraigeacha Sceirde.

Léirigh daoine imní faoina ghaire don chósta a bhí an fheilm ghaoithe le bheith agus an 30 tuirbín a bheadh daingnithe sa bhfarraige i gCarna i gConamara, ceantar a bhfuil cáil na háilleachta air.

Bhí dreamanna eile a chuir fáilte roimh an bplean mar go dtabharfadh sé infheistíocht shuntasach eacnamaíochta sa gceantar.

Tá an fheirm ghaoithe seo ar cheann amháin de na sé cinn atá sa gcóras pleanála faoi láthair agus is orthu sin atá an Rialtas ag brath leis na spriocanna aeráide a socraíodh do 2030 a bhaint amach.

D’éirigh le ceithre cinn de na tionscadail sin conarthaí rialtais a fháil chun fuinneamh inathnuaite a chur ar fáil don ghréasán náisiúnta.

Dúirt an Rialtas gur údar “aiféala” nach mbeidh tionscnamh Sceirde ag dul ar aghaidh ach gur thuig siad nach ngabhfadh gach ceann acu ar aghaidh.

Fág freagra ar 'Geolaíocht ghrinneall na farraige ‘róchasta’ le feirm ghaoithe a fhorbairt ar Charraigeacha Sceirde'

  • Carraig

    Gealtachas agus amaidí gan áireamh. Tuige nach ndearnadh ‘imscrúdú’ agus iniúchadh ar an suíomh an chéad lá riamh?
    Sular caitheadh an t-airgead agus an t-allas go léir?
    Nach shin é an chéad rud a dhéanfaí i dtogra tógála ar bith?
    An suíomh agus fuaimint an tsuímh a fhéachaint go grinn nó go grinneal?
    Nó, Dia idir sinn is an t-anró (óir is mó bád a bádh san áit uafar sin), labhairt le muintir na háite?
    Nach orthu sin atá an t-eolas ach é lorg orthu?
    Sea, fág faoi na saoithe é, níl sa chuid eile againn ach daoithe.