Iad siúd a dúirt nach bhféadfaí feilm ghaoithe a lonnú thart ar charraigeacha na Sceirde go deo, tá fiúntas agus fírinne a gcuid cainte cruthaithe – go dtí seo, ar chuma ar bith. ‘Geataí Ifrinn’ a thug na seanmhairnéalaigh ar na bealaí isteach agus amach thar na carraigeacha atá suite naoi míle siar ó chósta Charna i nGaeltacht Chonamara.
Cé a bheadh ag iarraidh airgead a chaitheamh gar do Gheataí Ifrinn?
Ní daoine gan chéill atá i bhfeighil Bhanc Macquarie. Chuireadar a gcuid ábaltachta agus a gcuid scile i gcúrsaí airgid ag obair ar fud an domhain; tá a éileacht ar chuimse daoine.
Shocraíodar go rachaidís i mbun tionscal fuinnimh leictreachais, bunaithe ar chumhacht na gaoithe, sa réimse farraige gar do charraigeacha na Sceirde. Ní dream gan chéill iad Ceardchumann Pinsin Mhúinteoirí Ontario i gCeanada ach an oiread. $200 billiún atá acu i sócmhainní. Chuadar i gcomhpháirtíocht le Macquarie san bplean a bhí acu sna farraigí fiáine ar chósta thiar Chonamara.
Tuige?
Tá an t-am caite nuair a bhaist na seanmhairnéalaigh ‘Geataí Ifrinn’ ar na Sceirde – nó ceapadh go raibh. Ceapadh go mbeadh brabach maith airgid le déanamh agus bheadh deiseanna inealtóireachta agus teicneolaíocht nua-aimseartha in ann ag an bhfiántas. Dúradh an tseachtain seo nach raibh.
An grinneall achrannach agus garbh; airde na maidhmeanna agus fíochmhaire na sruthanna mara an t-údar atá tugtha síos, go dtí seo, leis an gcinneadh go dtabharfadh Grúpa Macquarie droim láimhe do na Sceirde.
Go dtí seo níl againn ach a bheith ag brath ar chuntas ar an suíomh nuachta The Currency. Táthar ag súil le ráiteas ó lucht stiúrtha chomhlacht Fuinneamh Sceirde Teo inniu nó amárach. Ba é Fuinneamh Sceirde Teo a bhí ag gníomhú faoi scáth an chomhlachta Corio; iadsan atá ag plé le forbairt fuinneamh gaoithe faoi scáth Bhanc Macquarie.
Ach cé go mbeidh spéis ar leith san ráiteas sin nuair a thiocfaidh sé, tá go leor daoine ag déanamh iontais nach raibh an scéal iomlán ag Banc Macquarie faoi nádúr na mara agus an cruth atá ar an ngrinneall thart ar charraigeacha na Sceirde i bhfad roimhe seo. Caitheadh na milliúin ar an iarracht agus tugadh saineolaithe i bhfad agus i ngearr isteach ag baint scil as an gceantar. Cuireadh iarratas ar chead forbartha chuig an mBord Pleanála le gairid. Ach is le gairid, a deirtear, a fuair Mcquariie an drochscéal, de réir mar atá ráite san iris The Currency.
Níl ceist an airgid tarraingthe anuas go poiblí fós agus b’fhéidir nach dtarraingeofar. Ina dhiaidh sin féin, tá a fhios go raibh roinnt conspóide ag baint le gnóthaí Macquarie le tamall agus gur gearradh os cionn €30 milliún orthu tamall ó shin san Astráil agus sa mBreatain as míriar airgeadais. Bhí €1.4 billiún luaite le Sceirde. An raibh bealach níos fearr lena chaitheamh a thabharfadh buntáiste níos fearr in achar níos giorra? B’fhéidir go n-inseodh an aimsir an scéal uilig.
Idir an dá linn, tá iarratas costasach ar chead pleanála faoi bhráid an Bhoird Pleanála. Céard atá i ndán dó sin? “Go hiondúil, i gcás mar seo, tarraingíonn an dream a chuir isteach é, an t-iarratas siar,” a deir fear ón mBord Pleanála linn inné. Níl sin déanta fós sa gcás seo, a deir sé, ach tá sé cloiste acu nach mbeidh an fheilm ghaoithe ag dul ar aghaidh. “I gcás mar sin, dhéanfadh muid teagmháil leis an gcomhlacht le deimhniú a fháil uathu,” a deir sé. “Tá boscaí os cionn boscaí de cháipéisí acu anseo agus ní bheidh muid ag dul ina ngaireacht mura bhfuil an iarracht ag dul ar aghaidh,” a deir sé.
Cúig bhliana fichead ó shin a tugadh an chéad iarraidh faoi phlean d’fheilm ghaoithe i Sceirde. Muintir Laoi as Leitir Mealláin agus fear gnó as Gaillimh, Grattan Ó hÉallaithe a bhí ina chionn. Ba le Máirtín Ó Meallóid (sinsir) as Carna na Sceirde sna blianta siar. Fuair sé seilbh air sna 1950idí. Bhí ghníomhairí na dtiarnaí talún – muintir Hazel sa gcás seo – ag díol a gcuid maoine sna blianta sin. Ba iad muintir Laoi agus an tUasal Ó hÉallaithe a bhunaigh Fuinneamh Sceirde Teo. Fuarthas tacaíocht láidir go maith ó Údarás na Gaeltachta sna chéad bhlianta sin ar mhaithe le staidéir mara agus timpeallachta. Ach cé gur thit an ghníomhaíocht agus an plé faoin Sceirde i leataobh ina dhiaidh sin choinnigh bunaitheoirí an chomhlachta an ceadúnas a bhí acu ó Roinn na Mara íoctha.
B’fhacthas don saol cúpla bliain ó shin gur mhaith agus gurbh fhadbhreathnaitheach an bheartaíocht a bhí déanta acu nuair a cuireadh suim mhór sa gcomhlacht ar na margaí idirnáisiúnta. Ar chomhairle airgeadais agus saineolais shocraigh muintir Laoi agus Grattan Healy an comhlacht a dhíol le Banc Macquarrie. Níor tugadh aon mhioneolas faoi chúrsaí airgid ach tuigtear go raibh suim le n-íoc leo ar an gcéad iarraidh agus an chuid eile ach a bhfaighfí cead pleanála. Cé go dtuigtear nach raibh aon locht ar an gcéad ghála den phraghas, tá an baol ann go bhfuil go leor airgid a bheadh ag dul dóibh caillte acu anois má mhaireann cúrsaí mar atá.
D’fhéadfadh go bhfuil go leor airgead a gheobhadh an pobal gaibhte le sruth freisin.
Bhí gealltanais ann go mbeadh gar do €70 milliún airgead pobail, le caitheamh sna ceantair cois cósta i gConamara thiar – a bhformhór sa nGaeltacht – dá mbeadh cead forbartha tugtha, agus obair ar tí tosaí. Bheifí ag súil freisin go mbeadh fostaíocht bhreise ar fáil sa gceantar.
Ach tarraingíodh agóid in aghaidh phlean na muilte gaoithe freisin agus beidh an dream a bhí páirteach ansin sásta go bhfuil an tionscnaimh curtha go tóin poill anois. Creideann siadsan nach gceannódh airgead ar bith an radharc agus an timpeallacht, chomh maith le nádúr agus glaine na farraige, agus oidhreacht na Sceirde agus na mara.
Dúirt Liam Hanrahan, Stiúrthóir Pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe, agus é ag labhairt le Comhairleoirí Contae, go mbeadh an radharc i dtreo imeall na spéire curtha as a riocht go deo dá mbeadh na muilte ann (cé nach raibh sé ag labhairt in aghaidh ná i bhfabhar phlean na muilte gaoithe).
Ar an taobh eile den scéal caoinfidh riar maith daoine deireadh na scéime mar gheall ar an airgead atá caillte go deo anois agus d’fhéadfadh forbairtí éagsúla pobail a bheith thíos leis sin.
Ach sa deireadh thiar thall, iad siúd a dúirt nach bhféadfaí feilm ghaoithe a lonnú thart ar charraigeacha na Sceirde go deo, tá fiúntas agus fírinne a gcuid cainte cruthaithe – go dtí seo, ar chuma ar bith.
Fág freagra ar '‘Geataí Ifrinn’ – scéal na mairnéalach cruthaithe i gcás na feirme gaoithe ar chósta Chonamara?'