Gearrscannán – ‘An Díog is Faide’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)

Gníomhaíochtaí bunaithe ar an ngearrscannán 'An Díog is Faide'

Físeán

Gníomhaíocht 1:

An Díog is Faide an teideal atá ar an ngearrscannán seo.

Céard is brí leis an teideal sin meas tú? Breathnaigh ar an gcéad 30 soicind nó mar sin. Ansin, agus tú ag obair le do pháirtí, déan iarracht ábhar/scéal an ghearrscannáin a thuar.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:

Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta

  1. Cá bhfuilimid ag tús an ghearrscannáin?
  2. Cén bhliain atá i gceist?
  3. Céard atá sa litir?
  4. Cén fáth nach bhfuil na tuismitheoirí ag iarraidh go rachadh Sonnie go Meiriceá?
  5. Cad atá sa leabhar a bhfuil Sonnie ag breathnú air is é sa leaba?
  6. Inis i d’fhocail féin cad a tharlaíonn sa bhosca faoistine.
  7. Cad iad na bealaí a léirítear suim/tacaíocht an phobail sa radharc ina dhiaidh sin?
  8. Cén sórt aimsire atá i Los Angeles?
  9. Cén bhaint atá ag Bob Tisdall agus Pat O’Callaghan leis an scéal?
  10. Céard a dhéanann muintir an Chláir gach bliain in ómós do Sonnie?
  11. Inis i d’fhocail féin céard a tharla do Sonnie i Meiriceá.
  12. Cén aois a bhí Sonnie nuair a fuair sé bás?

Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus cumadóireacht

Ag obair le do pháirtí déan iarracht na ceisteanna seo a fhreagairt. Ansin is féidir libh bhur gcuid freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Meas tú cén chaoi a mothaíonn Sonnie nuair a deir sé lena mhuintir nach bhfuil sé ag dul go Los Angeles?
  2. Cén fáth, meas tú, go ndearna sé an cinneadh sin?
  3. Cén fheidhm atá leis an radharc sa bhosca faoistine?
  4. Cén fáth a mothaíonn Sonnie ciontach faoin airgead a thógáil?
  5. Cén tionchar atá ag caint na máthar air?
  6. Téigh ar líne agus déan iarracht cúpla pointe eolais a aimsiú faoi Sonnie Murphy agus na Cluichí Oilimpeacha i 1932.
  7. Scríobh an comhrá bheadh idir Bob Tisdall agus Pat O’Callaghan nuair a fuair siad amach gur bhásaigh Sonnie.

Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú

Déan an méid atá thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat

  • Gearrscannán é seo atá bunaithe ar scéal fíor.
  • Ba léimreathaí ó Chontae an Chláir é Sonnie Murphy a ghlac páirt sna Cluichí Oilimpeacha i Los Angeles i 1932.
  • Ag tús an scéil feicimid Sonnie ag traenáil go dian ag baile i gContae an Chláir. Is léir go bhfuil sé an-mhaith agus go mbaineann sé an-sásamh as an lúthchleasaíocht seo.
  • Tá sé le feiceáil chomh maith go bhfuil a theaghlach an-tacúil.
  • Bíonn teannas sa teach, áfach nuair a éiríonn le Sonnie áit a ghnóthú ar fhoireann na hÉireann do na Cluichí Oilimpeacha.
  • Tá go leor airgid i gceist le dul go Meiriceá, is feirmeoirí bochta iad agus tá gá le cabhair Sonnie ar an bhfeirm.
  • Ar deireadh thiar beartaíonn Sonnie gan dul sall. Is léir go bhfuil díomá air ach is dócha go mothaíonn sé go bhfuil dualgas air fanacht sa mbaile.
  • Nuair a théann Peaidí (deartháir Sonnie) chuig faoistin deir an sagart go bhfuil sé chun iarracht a dhéanamh tacú le Sonnie.
  • Sa chéad radharc eile címid tacaíocht agus suim an phobail; airgead á thabhairt ag daoine éagsúla agus Sonnie ag caint leis na gasúir scoile.
  • Is léir go bhfuil an pobal an-bhródúil as.
  • Sa deireadh feicimid go bhfuil an sprioc bainte amach acu.
  • Mothaíonn Sonnie ciontach mar go bhfuil airgead á thógáil aige ó dhaoine atá ag maireachtáil ón lámh go dtí an béal.
  • Deir a mháthair le Sonnie go dtugann a ghaiscí spreagadh don phobal mar aon le faoiseamh a thabhairt dóibh ó chruatan an tsaoil.
  • Seo an chúis, is dócha, go gcuireann Sonnie an oiread sin brú air féin anseo agus i Meiriceá.
  • Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch i Los Angeles ach leanann Sonnie air ag traenáil go dian.
  • Déanann a chomhghleacaithe Bob Tisdall agus Pat O’Callaghan, iarracht comhairle a leasa a chur air ach tugann sé an chluas bhodhar dóibh.
  • Éiríonn le Bob Tisdall agus Pat O’Callaghan bonn óir an duine a bhuachan. Cuireann sé seo a thuilleadh brú ar Sonnie.
  • Cuireann sé in iúl go mbeadh náire air dul abhaile mura nglacfadh sé páirt sa rás. 
  • Titeann sé i rith an rása agus níl sé in ann leanúint ar aghaidh.
  • Is léir go bhfuil sé ag fulaingt le béim ghréine agus díhiodráitiú.
  • Scríobhann sé litir abhaile chuige a mhuintir lena dhíomá agus a ghrá dóibh a chur in iúl.
  • Fágann eachtraí Los Angeles a rian ar a shláinte agus faigheann sé bás i 1936.
  • Sa radharc deireanach sa reilig tá aisling bheag ag Peaidí ina bhfuil Sonnie ag rith.

Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha

Fág freagra ar 'Gearrscannán – ‘An Díog is Faide’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)'

  • Ciara Ní Shé

    A chairde,
    An bhfuil fáil ar an ngearrscannán seo a thuilleadh? Ag iarraidh teacht ar an ngearrscannán le cur os comhair ranga sa tsraith shóisearach.
    Bheinn buíoch as aon chabhair.