Gearrliosta do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha

Fógraíodh 12 gnólacht agus eagraíocht ar ghearrliosta an Ghradaim bhliantúil dátheangachais inné

Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2016

Tá an 12 gnólacht atá tar éis cáiliú don bhabhta deiridh de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha ag Frank Fahy, Méara Chathair na Gaillimhe. Bhronn an Méara teastas Gradaim ar na gnólachtaí sin agus mhol iad as a gcuid oibre ar son na Gaeilge sa chathair.

Dúirt sé go dtugann an infheistíocht atá déanta ag na comhlachtaí agus na heagraíochtaí sa Ghaeilge “gné uathúil speisialta do Ghaillimh” agus go gcuireann an tacaíocht a thug siad don teanga “go mór le buanseasmhacht stádas agus thodhchaí na Gaillimhe mar chathair dhátheangach chultúrtha”.

Luaigh Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Iggie Ó Muircheartaigh an stádas nua dátheangach a d’fhógair Comhairle Cathrach na Gaillimhe níos túisce i mbliana freisin agus é ag caint ag an ócáid in Ionad na Faiche Móire.

“Bhí an caighdeán an-ard arís i mbliana. Is léir ó na pacáistí eolais go dtugann an Ghaeilge agus an obair atá ar siúl ag lucht gnó na Gaillimhe sásamh ar leith dóibh agus iad ag cur chun cinn agus ag treisiú Stádas Dátheangach na Cathrach. Tá tuiscint láidir agus meas léirithe acu don Ghaeilge.

“Breathnaíonn siad air seo mar ghné uathúil dhíolacháin dá gcuid féin. Thug siad samplaí praiticiúla den chaoi ar chuidigh úsáid na Gaeilge leo tuilleadh custaiméirí a mhealladh agus tuilleadh gnó a dhéanamh anseo i nGaillimh dá bharr, ach chomh maith leis sin, tá siad tar éis dul i bhfeidhm ar a gcuid soláthraithe, chomh maith le gnólachtaí eile den chineál céanna ar fud an chontae agus go deimhin ar fud na tíre, á spreagadh le Gaeilge a úsáid,” a dúirt Ó Muircheartaigh.

Bronnfar Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag ócáid i mí Bealtaine in Óstán Westwood.
Gradaim Sheosaimh

Fág freagra ar 'Gearrliosta do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha'