Gearóid Denvir – criticeoir gaoismhear ar fiú éisteacht leis fiú nuair atá sé mícheart!

Sa mhír seo roghnaítear leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus d’aimhleasa. An babhta seo, ‘An Peann is a bhfuil ann’ le Gearóid Denvir

Gearóid Denvir – criticeoir gaoismhear ar fiú éisteacht leis fiú nuair atá sé mícheart!

Anois go bhfuil an tOireachtas buailte umainn is mithid ábhar a léamh mar gheall ar uachtarán reatha na féile iontaí seo. Go deimhin, ar eagla go mbeadh an dara tuairim agat, tá pictiúr breá (ní déarfainn álainn) den fhear é féin lena shlabhra óir timpeall a mhuiníl agus meangadh breá leathan ar a bhéal amhail is go raibh rud éigin ar eolas aige nach raibh ag an gcuid eile den saol. Agus is dócha go bhfuil.

Is é An Peann is a bhfuil ann le Gearóid Denvir (Coiscéim €8.50) atá i gceist agam, leabhrán gairid gaoismhear ar dhálaí, ar bheatha, agus go ró-áirithe ar smaointe an duine féin. Tá ceart agus cuí go bhfuil seo bunaithe ar chaint a d’iarr Eilís Ní Anluain air a thabhairt ag an Oireachtas cúpla bliain ó shin faoina shaol is faoina shaothar, cuireadh a bhain siar as ní foláir óir ní dhéantar a leithéid ach i gcás údair a bhfuil a phort seinnte de ghnáth.

Is mó port a sheinn Gearóid Denvir ina shaol acadúil agus is iad is mó atá faoi thrácht anseo. Cuid dhílis dá scéal, gan amhras, ná a dhúchas agus a oiliúint féin. Tá faoi chomaoin mhór ag na múinteoirí a bhí aige agus is geall le hiomann leathanaigh thosaigh an leabhair ‘an t-ómós thar na bearta’ atá aige dóibh. Ina dhiaidh sin mar ar ghabh sé le léann na litríochta sa Ghaeilge in ainneoin go bpléití téacsaí liteartha san ollscoil ‘go fileolaíoch’ ag an am, agus gurbh éigean an múnla sin a bhriseadh. Ní deir sé gur mar théacsanna socheolaíochta agus ceartchreidimh phiúratánaigh fhaiseanta na linne a phléitear anois iad, ach bruach eile é sin nach foláireamh léim thairis.

Is léir go raibh a chluasa critice ar bior go moch óir shonraigh sé go luath gur beag an meas a bhí ar éigse an 19ú haois, breithiúnas nár réitigh lena bhraistint féin. Chuir sé roimhe, agus d’éirigh leis, an tuairim iomrallach sin a chur bunoscionn. Cuid mhaith dá iomramh aigne ba ea an tslí a raibh an chritic nua ag teacht chun cinn, agus cé go raibh súil cham Sartre, ciníochas Chamus agus comharthaí bóthar Barthes chomh hiomrallach le cosán Bhun Ghlais, fós féin b’éigean aird a thabhairt orthu nó bheifeá in áit an leathfhrainc.

Is léir gur chuaigh corraíl bhréagréabhlóideach bhuirgéiseach na mac léinn Pháras 1968 i bhfeidhm air, ach ba thorthúla agus b’éirithí agóid bheacht dhíreach os comhair RTÉ ag éileamh cearta Gaeilge don teilifís a raibh páirt shuntasach aige ann is a chuaigh i gcion ar ar tharla ar ball.

Ach is é an plé ar an litríocht is suaitheantasaí uile go léir. Nuair ba mhian leis staidéar liteartha a dhéanamh ar an gCadhnach is é a dúradh go neamhbhalbh leis: ‘Ó bhó go deo, níl dóthain scríofa aige sin agus níl sé sách fada básaithe go scríobhfaí tráchtas faoi.’ Ina choinne sin thall, tá sé admhálach ann gurb é a thráchtas dochtúireachta ar déanadh an leabhar Cadhan Aonraic de go pras an chéad chéim Ph.D ’ar ábhar de chuid na nualitríochta’. Nár mhór an briseadh múnla an méid sin féin?

Ní mar mholadh air féin a leagtar seo os ár gcomhair ach mar shamhlaoid ar an seasamh a bhí ag staidéar na nua-litríochta i measc an aosa ollscoile. Go deimhin, níl aon fhéinmholadh d’aon tsaghas le cruinneas anseo, agus níorbh fholáir gur dícheall dó é sin a sheachaint tar éis a bhfuil déanta aige mar scoláire agus mar fhear gríosaithe agus misnithe litríochta agus mac léinn.

Tráchtaireacht íogair shoiléir é seo ar chora staidéar na litríochta le breis agus leathchéad bliain anuas. Tá a thuairimí féin aige agus iad go láidir. Má léirigh sé meas ar fhilíocht mhífhaiseanta an 19ú haois is d’iompaigh an tuiscint sheanbhunaithe tóin thar ceann, ba é, leis, a chur abhaile go láidir gur ‘filíocht phobail’ ba ea an chuid ab fhearr is ba dhílse de litríocht na Gaeilge, ceann de na seasaimh ba léirstintí is b’áitithí a bhí aige.

Is róchuma, gan amhras, go bhfuil sé go hiomlán mícheart agus ar seachrán sa dearbhú seo uaidh, ach ní foláir cosa daingne storrúla a bheith faoin scoláire liteartha agus cosaint á déanamh aige ar chás atá ag dul faoi agus uaidh go plobarnach sa ghaineamh súraic.

Is léir paisean chun na litríochta agus chun léann na litríochta ar gach leathanach den scríbhinn bhriatharghreanta seo. Is léir, leis, an mhotháil íogair agus an léamh fairsing domhain grinnbhreithiúnda. Ach thar aon rud eile, is criticeoir flaithiúil é. Flaithiúil lena mheas ar na scríbhneoirí ar mór aige iad, agus flaithiúil lena chomhscoláirí liteartha a choinníonn dé bheag riachtanach na critice ag séideadh in ainneoin gach gabh-i-leith eile sna dioscúrsaí iomadúla amuigh ansin a bhíonn á mealladh.

N’fheadar ar cháin sé aon duine riamh. Tá a dhíocas chun na litríochta follas agus lóchrannach ar na leathanaigh seo. Ba cheart go mbeadh sé tógálach.

Tá, gan amhras, an rabhadh, an foláireamh agus an clog aláraim as a dheireadh. Mar oideachasóir nótálta is é a chonaic an cúlú de réir a chéile, an cúlú ón nGaeilge mar theanga phobail agus saíochta sa chóras scoile go dtí ábhar cumarsáide tabhair dom cupán tae sín chugam an siúcra amháin. De cheal na Gaeilge ní bhfaighidh duine ar bith bás le hocras ná le tart in Muiceanach-idir-dhá-sháile féin.

Chuige sin a racht sna leathanaigh dhéanacha i gcoinne an ‘low fat language mar a thug Joe Steve uirthi’ agus arb í buaic scrúdú na hArdteistiméireachta anois í. Ní thiocfar ar ‘sainléamh na Gaeilge ar an domhan’ in éagmais dul sáite ina cultúr agus ina cuid litríochta.

Tá an sainléamh sin ar cheann de mhaitheasaí móra na hÉireann.  Osclófar agus buailfear isteach id aigne is ea a theagasc.

Fág freagra ar 'Gearóid Denvir – criticeoir gaoismhear ar fiú éisteacht leis fiú nuair atá sé mícheart!'