Géarghá le rud annamh – aontas in Stormont faoi Covid-19

Is gá plean aontaithe chun tabhairt faoi scaipeadh an víris a cheansú agus chun cliseadh na seirbhíse sláinte a sheachaint

Géarghá le rud annamh – aontas in Stormont faoi Covid-19

Bheadh sé soineanta a bheith ag súil go mbrisfeadh aontas amach sa chomh-aireacht in Stormont ach i bhfianaise a fhíochmhaire is atá an phaindéim faoi láthair tá sé thar a bheith riachtanach.

Móramh na nAirí sa bhFeidhmeannas in Stormont a vótáil an tseachtain seo caite go mbeadh teastas vacsaínithe nó toradh tástála éigeantach chun a chruthú go bhfuil custaiméir saor ó Covid-19. Vótáil gach duine d’airí an DUP in aghaidh an phlean ach ó tharla nár bhain siad leas as veto ba leor vótaí na n-airí ó Shinn Féin, SDLP, Alliance agus an tAire Sláinte, UUP. Níor leor cinneadh an mhóraimh áfach le go nglacfadh an DUP le socrú comhchoiteann an Fheidhmeannais agus thug an páirtí fogha faoi go poiblí.

Bhí na rialacha don bplean fós á ndréachtú nuair ba léir gur thuig saineolaithe sláinte nár leor iad. Cuirfear scéim na dteastas i bhfeidhm ag deireadh na seachtaine seo ar bhonn trialach agus beidh feidhm reachtúil léi ar an 13 Nollaig. Ar an Luan, áfach, ba léir ó chaint Robin Swann, an tAire Slainte san Tionól, go raibh gá le beart práinneach chun dianghlasáil faoi Nollaig a sheachaint.

Bhí méadú mór le seachtain ar líon na ndaoine a tholg an aicíd. D’fhás an ráta go seasta ó thus na míosa seo gur shroich sé 650 as gach 100,000 an tseachtain seo, an líon is mó le ráithe. Ina theannta sin, faraor, tá daoine ag fáil bháis le Covid-19 go seasta, dháréag lá amháin an tseachtain seo caite, seisear an lá ina dhiaidh sin, ansin seachtar, seisear agus mar sin de.

Tá líon na marbh ag druidim le 3,000 de réir thaifead na Roinne Sláinte. Tuairiscíonn Áisíneacht Staidrimh an Tuaiscirt, a áiríonn gach duine a bhfuil tagairt don Covid-19 ar a dteastas báis, go bhfuil an t-iomlán os cionn 3,700. Cibé figiúr atá cruinn tá sé ró-ard agus éilíonn an bhail reatha gníomh chun tabhairt faoi scaipeadh an víris a cheansú agus chun cliseadh na seirbhíse sláinte a sheachaint.

Is furasta a thuiscint go bhfuil go leor daoine tuirseach de na srianta. Tá frustrachas le braistint fiú i measc na ndaoine atá cúramach, gan trácht ar na séantóirí – leithéidí na ndaoine a bhí ag léirsiú in aghaidh na srianta ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste ag deireadh na seachtaine. Tá faillí fhorleathan le sonrú sna beartais chosanta ar nós mascanna a chaitheamh, díghalrán a úsáid i siopaí agus scaradh sóisialta a chleachtadh.

Ní féidir an locht a chur ar an bhFeidhmeannas faoi iompar contúirteach gach éinne ach tá fianaise ar fáil go mbaineann roinnt mhaith daoine leas as ‘a dteachtaireachtaí éagsúla’ mar leithscéal chun beag is fiú a dhéanamh de shrianta. Is annamh a chloistear an port céanna, comhcheol ó na hairí ar fad agus bhí an DUP níos diúltaí ná páirtithe eile faoi shrianta ón tús.

Is iomaí duine a dhiúltaíonn don teastas nó an pas éigeantach a luann mar chosaint leagan amach an iar-aire DUP, Paul Frew, a dúirt gur leatrom é agus nach nglacfadh sé leis. Is minic a mhaíonn daoine gan mhascanna go bhfuil siad ag leanúint sampla Sammy Wilson, feisire DUP a thug ‘muzzle’ ar mhasc.

Tá gá le teachtaireacht aontaithe chun a áitiú ar dhaoine nach mór dóibh freagracht phearsanta a ghlacadh agus a ndícheall a dhéanamh chun scaipeadh an ghalair a chosc. Maíonn cuid den lucht fáilteachais nach bhfuil cruthúnas ar bith go scaiptear an víreas i mbialanna, tábhairní nó óstáin ach gurb iadsan a bhuailtear gach uair a chuirtear srianta i bhfeidhm. Is cinnte gurb iad a bhuailfear an mhí seo chugainn mura gcuirfear smacht éigin ar an bpaindéim; tá cóisirí Nollag á gcur ar ceal cheana féin.

Ach is é an córas sláinte is mó atá i mbaol. Ní hé amháin go bhfuil na hospidéil róphlódaithe, iad ar fad thar a gcumas agus gann ar fhoireann ach tá fadhb nua tagtha chun solais faoi bhaill foirne a bheith ag éirí as. Dearbhaíodh cúpla la ó shin gur éirigh ochtar altraí as ionaid dhianchúraim i mBéal Feirste le coicís. Bhí siad traochta, cloíte agus gheobhaidís pá níos fearr san earnáil phríobháideach. Cibé ní faoi na daoine áirithe a rinne an cinneadh sin tá ceisteanna le freagairt ag lucht riartha faoina bpolasaithe i leith foirne – fadhb a bhfuil meirg uirthi.

Tá an teanndáileog den vacsaín á tairiscint go forleathan ach tá líon mór nach bhfuair an chéad agus an dara snáthaid go fóill, go leor acu buailte ag Covid-19, mar atá daoine a bhí goilliúnach roimhe seo. Sé an dúshlán do Stormont bealach a aimsiú chun a dhul i gcion ar dhaoine faoi bhuanna na vacsaíne agus faoi chomh riachtanach is atá mascanna, níochán lámha agus scaradh sóisialta.

Tá éiginnteacht ann faoina gcumas bealach a aimsiú le srianta a fhorfheidhmiú – cén roinn nó áisíneacht a bheadh freagrach as pionós a ghearradh mura gcomhlíonfar rialacha? Fiú má éiríonn leo an cheist sin a fhuascailt ní bhainfear mórán de bhuntáiste as mura mbeidh a dteachtaireacht inchreidte, áititheach; ní chuirfear tada ina luí ar sceiptigh mura mbeidh an Feidhmeannas ar fad ar aon fhocal.

Fág freagra ar 'Géarghá le rud annamh – aontas in Stormont faoi Covid-19'