Tá litir curtha faoi bhráid Fhoras na Gaeilge ag comhalta boird de chuid na heagraíochta sin, litir ina bhfuil sraith ceisteanna faoin bpróiseas a d’fhág go bhfuil an comhalta sin ar fionraí faoi láthair.
I litir atá seolta ag Éamonn Ó Gribín chuig Foras na Gaeilge, tugann sé le fios gur cúis iontais dó nach bhfuair sé aon chosaint ó Fhoras na Gaeilge nuair a fuarthas litir ghearáin inar cuireadh ina leith go raibh ‘mí-iompar tromchúiseach’ ar bun aige agus é ar cuairt ar oifigí Gaelscoileanna Teo.
Maíonn Ó Gribín sa litir nach bhfuil ‘aon rogha’ aige ach a ‘dhea-cháil’ a chosaint é féin, toisc gur sceitheadh eolas faoi agus gur ainmníodh sna meáin é mar an té atá curtha ar fionraí ó Bhord an Fhorais.
Maíonn sé nach bhfuil an dara rogha aige ach an oiread ach ceisteanna a fhreagairt ó na meáin faoi cé acu an bhfuil an t-eolas atá acu faoina thréimhse fionraíochta cruinn nó míchruinn.
Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil ceisteanna curtha sa litir ag Ó Gribín chomh maith a bhaineann le ballraíocht an choiste osradhairc de chuid an Fhorais a mhol go gcuirfí ar thréimhse fionraíochta é.
Cuireann sé a mhíshástacht in iúl sa litir freisin faoi ghnéithe de phróiseas smachtaithe eile in 2013. Cuireadh litir rabhaidh chuige an uair sin faoi ábhar eile.
Rinne Ó Gribín achomharc le Foras na Gaeilge faoin bpróiseas sin agus mar thoradh ar an achomharc cinneadh an rabhadh a chur ar ceal agus glanadh an taifead.
Tá sé curtha i leith Éamonn Uí Ghribín i litir ghearáin go raibh ‘mí-iompar tromchúiseach’ ar bun aige agus é ar cuairt ag oifigí na heagraíochta Gaelscoileanna Teo i mí an Mheithimh. Tá na líomhaintí seo séanta as éadan aige.
Tuigtear do Tuairisc.ie go ndearna fostaí de chuid Gaelscoileanna Teo gearán i scríbhinn le Foras na Gaeilge faoi Ó Gribín i ndiaidh dó cuairt a thabhairt ar an eagraíocht ar an 13 Meitheamh.
Tá sé curtha i leith Uí Ghribín go bhféadfadh go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha do ‘dhea-cháil’ Fhoras na Gaeilge ag baint leis an mí-iompar atá curtha ina leith sa litir ghearáin.
Nuair a labhair Tuairisc.ie an tseachtain seo le hÉamonn Ó Gribín faoin méid atá curtha ina leith, shéan sé na líomhaintí “go hiomlán”.