Gealladh faoi ‘Resistance’ RTÉ i gcomparáid lena ‘Rebellion’ patuar

Cé nach raibh an chéad chlár sa tsraith nua ‘Resistance’ gan locht, tá ár léirmheastóir ag súil leis an dara gála

Gealladh faoi ‘Resistance’ RTÉ i gcomparáid lena ‘Rebellion’ patuar

Bhí cad é bús faoi Rebellion, mórshaothar RTÉ do chomóradh Éirí Amach na Cásca, nuair a tháinig sé os ár gcomhair ar an scáileán beag cothrom an ama seo trí bliana ó shin. Le buiséad de thuairim is €6 mhilliún bhí sé ar an tsraith is costasaí riamh ó cheárta an chraoltóra seirbhíse poiblí. Ar an drochuair ba tháirge patuar go maith a bhí ann agus tugadh íde na muc agus madraí dó.  Méaldráma Downton Abbey fite fuaite go liobarnach le léiriú sollúnta ar eachtraí móra staire. 

Níor chuir sin aon bhac ar RTÉ agus Colin Teevan, an té a sholáthraigh an scríbhinn don tsraith úd agus seo chugainn iad leis an tsraith leantach, Reisistance (RTÉ1, Dé Domhnaigh). Tá an tsraith seo lonnaithe i rith Chogadh na Saoirse agus i Samhain na bliana 1920 atá an chéad radharc suite. Ar an gcéad luí súl taibhsíodh dom go raibh cuid de na lochtanna céanna ag baint leis an táirge seo, ’sé sin léamh sobaldrámatúil ar eachtraí móra staire.

Lena cheart a thabhairt do Teevan agus a chomhghleacaithe tánn tú in abar nuair a thugann tú faoi shaothar staire agus tá sé ionann is dodhéanta cáineadh is leibhéal a sheachaint. Is furasta conach a chur ar staraithe, pip a chur ar lucht polaitiúil nó codladh a chur ar Thadhg an mhargaidh. Níl de rogha agat, áfach, ach an scéal agus líon na gcarachtar a chúngú ábhar.

Ach oiread le Rebellion, ní trí shúile na bpríomhphearsan staire a chítear na heachtraí in Resistance. Ina dhiaidh sin féin tá go leor de Mhicheál Ó Coileáin le feiscint sa chéad ghála; fear a ndéantar tagairt de ag pointe amháin mar ‘the most wanted man in the world’.

Tá cuid de charachtair Rebellion fillte agus más aon chomhartha an chéad ghála beidh Jimmy Mahon (Brian Gleeson) ar dhuine de na príomhcharachtair. I gclár an Domhnaigh fuair an t-aimsitheoir Mahon ardú céime go rannóg na faisnéise. Bhí sé in adharca lena dheartháir, Patrick,(David Wilmot), atá san RIC, agus bhí sé ag iarraidh lámh chúnta a thabhairt do bhean dearthár eile leis.

Tá raidhse carachtar eile againn, ina measc baincéir sleamhain (Michael Ford-Fitzgerald) agus Ursula Sweeney (Simone Kirby), bean atá ag obair i gcaisleán Bhaile Átha Cliath. Mheasas gur thosaigh a scéal siúd ag imeacht ar bóiléagar nuair a chuaigh sí i mbun comhghuaillíochta leis an IRA lena mac tabhartha a fhuadach ós na mná rialta a bhí ar tí é a chur ar altramas. 

Gan ach clár amháin de chúig cinn gafa tharainn go fóill tá sé deacair breithiúnas a thabhairt air mar shaothar, ach measaim go mbeidh sé níos tathagaí ná a réamhtheachtaí. Bhí fuadar faoi na heachtraí agus bhí taispeántais ábalta ón gcliar ar fad, Gleeson ach go háirithe.

Cé nach bhfuil sé gan locht táim ag súil leis an dara gála.

Fág freagra ar 'Gealladh faoi ‘Resistance’ RTÉ i gcomparáid lena ‘Rebellion’ patuar'