Geall le tromluí é ag chuile scríbhneoir nach n-éireoidh leis a leabhar a chríochnú…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Go deo arís ní fhágfaidh mé obair scríbhneoireachta an lae inniu don lá amárach

Geall le tromluí é ag chuile scríbhneoir nach n-éireoidh leis a leabhar a chríochnú…

Is mór an náire mé: ní raibh a fhios agam cérbh í Lyra McKee go dtí maidin Aoine an Chéasta, nuair a léigh mé faoi dhrochscéala a dúnmharaithe i nDoire an oíche roimhe sin.

Tharla go raibh gnó tábhachtach idir lámha agam an mhaidin chéanna. Bhí orm an vatapá a mheascadh i dteach mo mhuintire sa Bhrasaíl, mias thraidisiúnta a itear anseo i gcathair Salvador Aoine an Chéasta agus a bhfuil achrann ar leith ag baint léi: glae tiubh atá ann a chaithfear a mheascadh gan stad ar feadh uair an chloig, nó greamóidh sé de bhun an phota agus dófar é.

Ach ba ar éigean a bhí mé in ann díriú ar an obair sin. Bhí bás Lyra McKee ar m’aigne.

Ar dtús, níor thuig mé go baileach cén fáth ar chuir an scéal as dom chomh mór sin. Níl cónaí orm in Éirinn le dhá bhliain déag; go deimhin tá cónaí orm ó shin i dtír nach dtéann lá ar bith thart nach ndúnmharaítear na scórtha daoine i bhforéigean gan chiall. 

An amhlaidh gur claonadh gnéis Lyra ba chúis leis, mar sin, gur chuir scéala a báis as dom chomh mór sin? Gur duine í, mo dhála féin, a raibh dúil aici i ndaoine den inscne chéanna? Nó gur iriseoir a bhí inti, duine de threibh eile lena mbainim?

Ach tar éis tamaill thuig mé cén fáth a raibh mé chomh suaite sin. Blúire eolais a bhí léite agam i gceann de na hailt faoi scéal a báis ba chúis leis.

Bhí leabhar á scríobh ag Lyra. Bhí The Lost Boys le foilsiú an bhliain seo chugainn.

Is geall le tromluí é ag chuile scríbhneoir nach n-éireoidh leis nó léi an leabhar atá á idir lámha aige nó aici a chríochnú.

Tagann líonrith leanúnach orm féin uair ar bith a mbím ag druidim le deireadh thogra scríbhneoireachta. An mbuailfidh bus fúm sula n-éireoidh liom an dréacht críochnaitheach a chur ar fáil don fhoilsitheoir? Agus má bhuaileann, an rithfidh sé le héinne an togra a bhí idir lámha agam a aimsiú ar mo ríomhaire agus a chríochnú dom? Agus sa chás sin, an ndéanfaidh siad jab maith de? Ar cheart dom treoracha a fhágáil? Uacht scríbhneora a dhéanamh? Gan dul amach ar an tsráid ar chor ar bith, b’fhéidir?

Seafóid, a deirim liom féin sa deireadh nuair a thosaíonn m’aigne ar an ealaín sin. Níl tú ach 43 bliain d’aois agus tá sé róluath a bheith buartha faoi rudaí den sórt sin. 

Ach ní raibh Lyra McKee, trócaire uirthi, ach 29 bliain d’aois.

Lyra, oscailt súl dom a bhí i scéal tragóideach do bháis.

Go deo arís ní fhágfaidh mé obair scríbhneoireachta an lae inniu don lá amárach.

Fág freagra ar 'Geall le tromluí é ag chuile scríbhneoir nach n-éireoidh leis a leabhar a chríochnú…'