Geáitsíocht sa Dáil agus na cosa tugtha leis ag an Rialtas

Sheas an rialtas an fód sa Dáil inné, ach an seasfaidh siad an brú a chuirfear orthu amach anseo? 

Geáitsíocht sa Dáil agus na cosa tugtha leis ag an Rialtas

Mar a bhíothas ag tuar, d’éirigh leis an rialtas an bhó a chur thar abhainn agus teacht slán as an vóta mímhuiníne a ritheadh sa Dáil.

Sa deireadh, agus tacaíocht ó ghrúpa neamhspleách acu, bhí 86 vóta ag an rialtas agus 65 vóta ina choinne.

Níor éirigh le rún mímhuiníne Pháirtí an Lucht Oibre an ghaoth a bhaint de sheolta an rialtais, agus níor éirigh le rún Shinn Féin síneadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú go dtí mí Eanáir 2024.

Ag labhairt dó sa Dáil inné, rinne an Taoiseach Leo Varadkar beag is fiú den “dráma polaitíochta, an fhearg dhrámatúil agus an taibhealaín”, mar a thug sé féin air, a bhain leis an vóta mímhuiníne seo.

Ach má drámaíocht i gceist ghlac baill an rialtais páirt go fonnmhar inti.

Labhair airí rialtais agus cúlbhinseoirí comhrialtais araon ar fhimínteacht an fhreasúra, agus ar an am a bhí á chur amú leis an vóta seo. Ceistíodh iontaofacht an fhreasúra chomh maith. Seachas aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim tithíochta, tá vótaí fánacha á ngairm acu nach ndéanfaidh leas ar bith don phobal, a dúradh.

Chuir an tAire um Choimirce Sóisialta Heather Humphreys ‘pobalachas’ i leith an fhreasúra.

“Dá bhfanfadh an cosc ar díshealbhú i bhfeidhm, bheadh sé ar nós milseáin a thabhairt amach saor in aisce,” a dúirt an t-iar-aire Barry Cowen, “thaitneodh sé le daoine i dtosach, ach ní dhéanfadh sé aon mhaitheas dóibh.”

Dúirt cúlbhinseoir eile liom maidin inné sa Dáil nach raibh an freasúra dáiríre faoin vóta seo ar chor ar bith. Dá dteipfeadh ar an rialtas, bheadh dualgas ann olltoghchán a reáchtáil as seo go ceann míosa. Ní theastaíonn sin ó éinne ag an bpointe seo, dar leis an bpolaiteoir sinsearach sin.

Ní aontaíonn Páirtí an Lucht Oibre leis an léamh sin, dar ndóigh. Deir siad gur dhá uair roimhe seo a ghair siad vóta mímhuiníne, agus go bhfuil siad lándáiríre faoin gceist.

Ach má bhí Páirtí an Lucht Oibre ag súil le moladh óna gcairde ar bhinsí an fhreasúra as an vóta seo a ghairm, déarfainn go raibh díomá orthu i ndiaidh na díospóireachta. Ó am go ham, rinneadh géarcháineadh ar pholasaí Pháirtí an Lucht Oibre féin chomh maith. Bhí an plean a d’fhógair siad ag an deireadh seachtaine – milliún teach breise a sholáthar sna 10 mbliana atá amach romhainn – “áiféiseach”, a dúirt an rialtas agus an freasúra araon.

“Ní bheadh muinín agam as Páirtí an Lucht Oibre cró cearc a thógáil, gan trácht ar theach,” a dúirt an Teachta Dála neamhspleách, Danny Healy-Rae.

Vótáil naonúr neamhspleách (triúr ar iarchúlbhinseoirí rialtais iad) leis an rialtas, agus leanfar le plean tithíochta an rialtais. Tiocfaidh deireadh leis an gcosc ar dhíshealbhú ag deireadh na míosa seo, agus beidh gach duine ag fanacht ar na figiúirí faoi líon na ndaoine atá gan dídean sna seachtainí atá amach romhainn chun tuiscint cheart a fháil ar iarmhairtí an chinnidh sin.

Tá a bhfuil i ndán don rialtais seo fós idir dhá cheann na meá, áfach. Cé gur éirigh leo muinín na Dála a fháil an babhta seo, an mbeidh muinín ag an bpobal astu má thagann méadú suntasach ar líon na ndaoine a bheidh ag lorg lóistín éigeandála, agus gan an chosaint bhreise a bhain leis an gcosc ar díshealbhú ar fáil dóibh?

Tá foláirimh go leor á dtabhairt ag lucht an fhreasúra.

Céard a dhéanfaidh an rialtas má tá an ceart acu?

Sheas an rialtas an fód an tseachtain seo, ach an seasfaidh siad an brú a chuirfear orthu amach anseo?

Fág freagra ar 'Geáitsíocht sa Dáil agus na cosa tugtha leis ag an Rialtas'

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá an Rialtas ag thabhairt aire do na tiarnaí talún agus do cistí bhulture.