Geáitsí geamaireachta in Westminster agus pleananna Breatimeachta gan mhargadh foilsithe

Agus a bplean foilsithe ag an AE don Bhreatimeacht gan mhargadh bhí sé ina ‘gheamaireacht’ idir Theresa May agus Jeremy Corbyn in Westminster inniu

Geáitsí geamaireachta in Westminster agus pleananna Breatimeachta gan mhargadh foilsithe

D’fhéadfadh suas le milliún saoránach de chuid na Breataine a gceart chun cónaí agus oibre san Aontas Eorpach a chailliúint sa chás go mbeadh Breatimeacht gan aon mhargadh ann.

B’in an foláireamh a thug an Coimisiún Eorpach inniu agus a bplean foilsithe ag an AE don Bhreatimeacht gan mhargadh.

Idir an dá linn, d’éirigh idir Príomh-Aire na Breataine Theresa May agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre inniu i bParlaimint Westminster faoi bhaol an Bhreatimeachta gan mhargadh.

Chuir ceannaire pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn i leith May go raibh an Bhreatain in umair na haimléise aici.

“Tá géarchéim náisiúnta cruthaithe sa tír seo ag an bPríomh-Aire. Shéan sí a ceart ar an bparlaimint vóta a chaitheamh faoina margadh. Dúirt sí go ndearna sí amhlaidh ar mhaithe le tuilleadh gealltanas a fháil. Theip uirthi.

“Anois tá sí fós ag maíomh go na gealltanais sin á lorg aici, fad is atá an t-am chun socruithe malartacha a dhéanamh ag sleamhnú leis,” a dúirt Jeremy Corbyn inniu.

Mar fhreagra air sin, mhaígh Theresa May go bhféadfadh Páirtí an Lucht Oibre tacú lena margadh féin má bhí an oiread sin gráin acu ar an mBreatimeacht gan mhargadh agus chuir sí geáitsí geamaireachta i leith Corbyn.

“Dúirt siad go gcuirfidís síos rún mímhuiníne, ansin dúirt siad nach gcuirfeadh, ansin chuir siad síos é agus níor éirigh leis. Tuigim gurb í an Nollaig atá againn, séasúr na ngeamaireachtaí, agus céard atá ag binse tosaigh an Lucht Oibre: tá sé chun vóta mímhuiníne a chur síos… ó tá sé, muis!…ó níl sé, muis! Tá focal comhairle agamsa dó. Breathnaigh taobh thiar duit. Níl duine ar bith tógtha leis ná níl an tír ach an oiread.”

D’impigh an Coimisiún ar rialtais na mballstáit eile a bheith “pragmatach” agus “flaithiúil” maidir le cearta saoránach de chuid na Breataine atá ag cur fúthu san AE.

Fógraíodh inniu go raibh tús curtha ag an AE le feidhm a thabhairt dá Phlean Gnímh Teagmhais chun dul i ngleic leis an mbaol go n-imeodh an Bhreatain gan aon mhargadh a bheith déanta, rud a chuirfeadh isteach go mór ar shaoránaigh agus ar lucht gnó an Aontais, a dúradh.

Leag an tAE amach a bplean do réimsí éagsúla, ag áireamh seirbhísí airgeadais, cúrsaí aerthaistil agus cúrsaí custaim. 

Foilsíodh inniu reachtaíocht shealadach éigeandála leis an mbriseadh gan mhargadh a bhainistiú.

14 beartas atá i gceist leis an bplean, ina measc beartais a bhaineann le cearta tuirlingthe eitleán, le cearta saoránach agus le sábháilteacht agus iompar ainmhithe. Chuirfí na beartais i bhfeidhm sa 27 ballstáit eile ar feadh naoi mí i ndiaidh dáta an Bhreatimeachta –an 29 Márta 2019 – ar an gcoinníoll go gcloíonn an Bhreatain leo chomh maith.

Níl áirithe sa phlean ach cuid bheag de na réimsí a mbeadh tionchar ag an mBreatimeacht gan mhargadh agus níl aon ní ann faoi conas mar a riarfaí teorann na Breataine in Éirinn.

Tugtar gealltanas go leanfaidh an tAE leis an tacaíocht agus an maoiniú a chuirtear ar fáil do phróiseas na síochána abhus.

D’fhoilsigh rialtas na Breataine inné a bpleananna siúd maidir leis an mbaol go bhfágfar an tAE an t-earrach seo chugainn gan aon mhargadh a bheith déanta.

I measc na mbeartas sin chuirfí spás ar leataobh ar bháid farantóireachta d’iompar  earraí éigeandála agus bheadh 3,500 saighdiúir réidh le déileáil le haon éigeandáil.

Is mó ná riamh an baol go n-imeoidh an Bhreatain ón AE gan aon mhargadh a bheith déanta agus gan an chuma go fóill ar an scéal go mbeidh dóthain tacaíochta in Westminster ag margadh Breatimeachta an Phríomh-Aire Theresa May.

Cuireadh siar an vóta parlaiminte  faoin margadh níos túisce an mhí seo agus d’admhaigh May an uair sin nach raibh dóthain tacaíochta aici.

Is é an cúlstop chun teorainn chrua in Éirinn an dris chosáin is mó roimh an margadh in Westminster, mar a mbeidh an vóta cinniúnach ann seachtain an 14 Eanáir.

Fág freagra ar 'Geáitsí geamaireachta in Westminster agus pleananna Breatimeachta gan mhargadh foilsithe'