Gaza – an scannán faisnéise Éireannach is cumhachtaí agus is cróga le fada an lá

Breis is tríocha bliain ó chuaigh sé féin go Gaza chun  clár ceannródaíoch a dhéanamh faoi chás na bPalaistíneach, tá ár gcolúnaí go mór faoi gheasa ag scannán nua faoin ábhar céanna

Gaza – an scannán faisnéise Éireannach is cumhachtaí agus is cróga le fada an lá

Ná cuirimis fiacail ann. Abraimis lom díreach amach é.

Seo an scannán Éireannach is treise agus is tábhachtaí faoi sháinn na bPalaistíneach ón uair a rinne foireann Today Tonight, mé féin ina measc, an chéad ceann – The Palestinans – One People Too Many?, clár faisnéise iniúchta faoin gcéad Intifada i 1988.

Eugene Murray a bhí ina Eagarthóir ar Today Tonight nuair a fuair Joe Mulholland ardú céime suas staighre tar éis a chorónaithe ina Cheannaire Clár in RTÉ. 

One People Too Many?

B’in ceist Edward Said atá fós ag dó na geirbe againn scór go leith bliain ó chéad ardaíodh í.

Ní hí sin, áfach, ceist Garry Keane agus Andrew McConnell. Ach seo í a gceist – cén t-údar go ndearnadh géibheannú ar dhá mhilliún Palaistíneach, a bheag nó a mhór, agus iad faoi léigear i gcampaí teifeach agus eile ar stráice beag talún 25 míle ar fhad agus sé mhíle ar leithead ar chósta thoir theas na Meánmhara?

“Is é an léigear bithiúnach ‘Gaza’, bithiúnach ar thug an stair, Iosrael, Hamas agus tréigean an chomhphobail idirnáisiúnta beatha dó,” arsa Keane agus McConnell.

Buailimid sa scannán le sciar fairsing éagsúil de phobal Gaza: an táilliúir aonair a raibh 50 duine ag obair dó ina mhonarcha tráth, an gnó anois scriosta ag an léigear; an dordveidhleadóir 19 bliain d’aois a d’fhág an uirlis ar leataobh, é croíbhriste ag slad agus sléacht chogadh 2014; an ceoltóir rap déagóra a chaill a dhá chois nuair a scaoileadh piléir bheo leis agus é i mbun  agóide in éadan an léigir ag an bhFalla agus crann tabhaill aige.

Tógann Keane agus McConnell mósáic dhaonna as scéalta na ndaoine a dtugann siad cluas dóibh, pobal atá fós, in ainneoin gach donais, dochloíte.

Agus níl urlabhraí Hamas ná an PLO, oscailte ná faoi choim, in aon áit acu.

Ach ní as folús iomlán a thagann Gaza chugainn.

Bhí Today Tonight i 1988 ar thús cadhnaíochta maidir le scannáin fhaisnéise Bhéarla. Bhuaileamar le foireann Panorama an BBC san óstán in Gaza. Chuireamar ár scannán amach ar an aer lá nó dhó rompu. Fuair coisithe RTÉ an tosach ar réalta an BBC.

Thugamar guth do cheannairí, d’urlabhraithe, d’fhealsaimh agus do shaoithe náisiún na bPalaistíneach agus guth réasúnta, measta, inchreidte a chualathas, guth a bhí á chloisteáil den chéad uair riamh i gcríocha labhartha an Bhéarla.

Ach d’fhan Panorama céasta ‘ar chros an dá lámh’, mar a thugaim ar an ‘riail’ iriseoireachta a chothaíonn an tuairim nach féidir an fhírinne a insint mura mbíonn tú iomlán neodrach.

An ceart dúinn bheith neodrach faoi Hitler? Ní dóigh liom é, a deirim.

Tugann an ‘neodracht ghairmiúil’ tearmann don mheatacht. Is minic a aithním an t-iriseoir gan treoir mhorálta ar a chompás, é nó í cuachta taobh thiar de rampair shábháilte na neodrachta.

Ní fíor an t-achasán sin i gcás Garry Keane ná Andrew McConnell. Tugann an bheirt sin céim ollmhór eile chun cinn ar gach ar imigh rompu.

Chaitheadar tréimhsí fada ag éisteacht le cosmhuintir Gaza. Agus iontas na n-iontas, tá an guth sin chomh hiolrach is a gheofá in aon náisiún sibhialta ar domhan, Iosrael féin san áireamh.

Níos tábhachtaí arís, tá an t-éitheach glan tugtha ag Gaza do Bhréag Mhór Netanyahu agus a chomhbhádóirí i bhfad amach ar an eite dheis, marcshlua na heite deise ailtéarnaí, dream a fhógraíonn, gan náire, an bhréag gur ‘sceimhlitheoirí iad pobal iomlán Gaza,’ ’sé sin, gur targaid dhlistineach pobal Gaza aon uair a scaoiltear an iall ar ghadhair an díoltais na F-16’s.

Cuireann Gaza an cacamas sin chun suain. Más maith arís, is mithid.

Tuigim go bhfuilid ann a chreideann gurb í athbheochan na hEabhraise éacht mór náisiúnta Iosrael, nó uisciú an ghaineamhlaigh. Níorbh iad, ’mhuis, ná baol air.

Ba é éacht náisiúnta Iosrael ná an chaoi inar éirigh leo an Náisiún Palaistíneach a choimeád chomh fada sin as radharc sna campaí teifeach ar an mBruach Thiar is in Gaza, iad dofheicthe, dí-chumhachtaithe agus fá bhun radar suime agus cineáltais an Domhain Thiar. Agus ar feadh an ama sin go léir bhí insint ghaisciúil á craobhscaoileadh faoi Dháithí Beag ‘Daonlathach’ Iosrael a bheith i ngleic go bás le Badhbh na Coille Duibhe (Arafat) agus na mathshluaite barbartha Moslamacha eile lasmuigh.

Níor luadh go mba stát bradach núicléach Iosrael féin fad na tréimhse sin uilig, geall leis, an t-aon stát núicléach sa limistéir. ’Sé Iosrael an tSárchumhacht sa Mheán Oirthear, ní an Dáithí beag.

Tharraing staid mhídhleathach núicléach Iosrael an tsúil chaoch idirnáisiúnta riamh anall. Cá bhfuil na smachtbhannaí Meiriceánacha a chuirfeadh brú ar Iosrael a n-armlann núicléach mí-dhleathach rúnda a thabhairt suas?

An faide gob ghé an Iosrael ná gob ghandal na hIaráine, nó an amhlaidh go bhfuil dul amú leanbaí orm?

Nuair a bhí Con Bushe agus mé féin in Gaza i 1988 bhí an tacaíocht a bhí ag Hamas ann fá bhun an 10%. Ach ní labhródh Iosrael le Arafat ná Fatah, ná le haon faicsean tuata eile den PLO. Tá an PLO tuata briste in Gaza ar a cheann sin agus bunchreidmhigh Hamas sa treis anois ina n-ionad.

Tá Taibhse an Chnádáin ceart anois faighte ag na náisiúnaithe Siónacha a bhíonn ag surfáil tonn Kushner agus Trump le díograis. Taibhse, dála an scéil, a thugann cead a gcinn dóibh blitzkrieg, no cogadh tintrí díoltais na N-16’s a imirt ar shibhialtaigh Gaza agus fios maith ag lucht Tel Aviv go bhfaighidh siad avae leis scun scan, go háirithe anois nuair nach bhfuil ach ‘War on Terror’ á fhearadh go fearúil acu!

Tugann Gaza Garry Keane agus Andrew McConnell guth don ghnáthphobal sibhialta sin. Bheireas liom póstaer ó Gaza i 1988 a bhí lán de dhóchas. ‘The Palestinian State is Only a Stone’s Throw Away’, a dúradh.

‘Mo léan dóite’, mar a deireadh mo mháthair fadó.

Rachaidh Gaza dian ort.

Ach bí dian ort féin an babhta seo, le do thoil.

Seo an scannán faisnéise Éireannach is cumhachtaí agus is cróga, ar aon ábhar, le fada an lá.

Géillim an stáitse le díocas dóibh siúd a chum is a cheap. 

...
Blaisín:  https://www.youtube.com/watch?v=dSoG8CpTi_s

Suíomh: https://streamingmoviesright.com/uk/movie/gaza/

Fág freagra ar 'Gaza – an scannán faisnéise Éireannach is cumhachtaí agus is cróga le fada an lá'

  • Padraigin Nic Ghearailt

    Ta se thar cionn. Ta siad ag lorg maoinniu chun e a thabhairt chuig an feile scannaiochta “red carpet” i Gaza, ma ta airgead le sparail ag einne.

  • Bertie Ó hAinmhire

    Is fiú go mór an scannán seo a fheiceáil, tá na mothúcháin a bhaineann leis curtha in iúl go maith san alt thuas. Tugadh le fios ag an taispeáint Déardaoin i nGaillimh go bhfuil teorainn dofheicthe ag cur i gcoinne na hiarrachtaí é a thaispeáint go forleathan ar fud an domhain. Ba mhaith leo é a thaispeáint i nGaza féin más féidir an tacaíocht a fháil, tá feachtas ar bun acu ag: https://www.gofundme.com/f/gaza-red-carpet-festival

    https://www.irishtimes.com/culture/film/humanity-s-search-for-normality-amid-the-chaos-that-is-gaza-1.3976913

    https://www.youtube.com/watch?v=R2R44bJKhqA

  • Seán Ó Riain

    Éacht is ea athbheochan na hEabhraise – níor tharla a leithéid in aon áit eile ar domhan, nó in aon tréimhse staire. Is mór is féidir le lucht na Gaeilge a fhoghlaim ón éacht sin. Léigh sárleabhar Mhuiris Uí Laoire, “Athbheochan na hEabhraise – ceacht don Ghaeilge?”