‘Gasúr galánta séimh a raibh féith an ghrinn go smior ann’ – ómós léirithe do Ghaeilgeoir óg as Doire atá ar shlí na fírinne

Bhí Conchúr Ó Dochartaigh, 20, ar dhuine de na chéad daltaí a d’fhreastail ar Ghaelscoil na Daróige agus chuaigh sé ó Dhoire go Bun Cranncha i nDún na nGall gach lá le hoideachas lán-Ghaeilge fháil i gColáiste Chineál Eoghain

‘Gasúr galánta séimh a raibh féith an ghrinn go smior ann’ – ómós léirithe do Ghaeilgeoir óg as Doire atá ar shlí na fírinne

Tá ómós léirithe ag Gaelscoil agus ag Gaelcholáiste d’iardhalta dá gcuid ar thángthas ar a chorp san Fheabhal ag an deireadh seachtaine.

Bhí Conchúr Ó Dochartaigh, 20, ar dhuine de na chéad daltaí a d’fhreastail ar Ghaelscoil na Daróige agus thugadh sé faoin turas ó Dhoire go Bun Cranncha i nDún na nGall gach lá le scolaíocht lán-Ghaeilge a fháil i gColáiste Chineál Eoghain.

I ráiteas a chuir Gaelscoil na Daróige amach, dúradh go raibh pobal na scoile “croíbhriste” faoi bhás Conchúir Uí Dochartaigh, “cainteoir líofa Gaeilge a labhair an teanga le bród” agus a thug leis “spiorad na scoile”.

“Tá pobal Ghaelscoil na Daróige croíbhriste a chloisteáil gur bhásaigh Conchúr Ó Dochartaigh. Gasúr galánta séimh ab ea Conchúr a raibh féith an ghrinn go smior ann.

“Conchúr, agus a chomhbhádóirí sa chéad rang sin a thiomáin fás agus borradh na scoile lena ndíograis agus lena dtinfeadh. Guímid sólás agus neart ar Ghleann Doherty,  ar Linda Doherty agus ar an chlann ar fad,” a dúradh sa ráiteas.

Dúirt urlabhraí ó Choláiste Chineál Eoghain go raibh sé de phribhléid acu go raibh Conchúr ina dhalta sa scoil.

“Duine lách, séimh, cairdiúil agus béasach ab ea é Conchúr a mhairfidh inár gcuimhne.

“Bhí bua agus dúil aige sa cheol, san amhránaíocht agus i seinm an ghiotáir,” a dúradh i ráiteas Choláiste Chineál Eoghain.

Tuairiscíodh go bhfacthas Conchúr Ó Dochartaigh san abhainn Déardaoin seo caite ach bhí ceithre lá cuardaigh ann sular thángthas ar a chorp.

Seirbhísí cuardaigh agus tarrthála an Fheabhail a bhí i mbun an chuardaigh agus bhí an-chuid daoine ón phobal páirteach sa chuardach le bruach na habhann.

Bunaíodh feachtas bailithe airgid ar líne le tacú leis na hiarrachtaí cuardaigh agus baineadh an sprioc £4,000 amach taobh istigh de roinnt laethanta.

Tuigtear gur tugadh corp Chonchúir ar ais na bhaile chuig a mhuintir aréir agus go mbeidh an fear óg a adhlacadh níos deireanaí sa tseachtain.

Fág freagra ar '‘Gasúr galánta séimh a raibh féith an ghrinn go smior ann’ – ómós léirithe do Ghaeilgeoir óg as Doire atá ar shlí na fírinne'