Gaoth Dobhair ina gcéad chluiche ceannais ó 2006, mná Naomh Anna ag ceiliúradh agus cath Chois Fharraige romhainn

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra peile a bhí ar siúl sa Ghaeltacht ag an deireadh seachtaine

Gaoth Dobhair ina gcéad chluiche ceannais ó 2006, mná Naomh Anna ag ceiliúradh agus cath Chois Fharraige romhainn

Imreoir an Spidéil, Aodán Ó Curraoin (ar chlé) ag imirt i gcoinne Chill Chartha. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Gaillimh

Tá an Cheathrú Rua slán bliain eile i ngrád na sinsear tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Réalta Thuama i gcluiche dícháilithe a imríodh Dé Sathairn. Bhí am breise ag teastáil chun na foirne a scaradh óna chéile agus ba iad na cúilíní a d’aimsigh Oisín Ó Gríofa agus Cillín de Paor sa dara leath den tréimhse breise sin a chinntigh an bua don Cheathrú Rua, 1-11 in aghaidh 0-12.

Chuir fir na Gaeltachta tús maith leis an gcluiche agus d’aimsigh Maitiú Ó Domhnaill cúl leath bealaigh tríd an gcéad leath. Bhí siad chun cinn ag leath ama ach níor éirigh leo ach aon phointe amháin a scóráil sa dara leath go léir. Fuair Réalta Thuama cúilín an chomhscóir in am cúitimh ach tháinig feabhas ar an gCeathrú Rua in am breise.

Bhuaigh Bearna go héasca ar Chealtrach, 2-19 in aghaidh 0-5,i gcluiche dícháilithe a imríodh inné, ach ar comhscór a chríochnaigh Naomh Anna, Leitir Móir agus Seamróga Chortúin, 1-6 in aghaidh 0-9.

Bhí dea-scéal ag mná Naomh Anna an deireadh seachtaine seo, áfach, nuair a bhuaigh siad Craobh Shóisir A na Gaillimhe tráthnóna Dé Sathairn. Bua 2-11 in aghaidh 1-7 a bhí acu ar Chill Fhir Iarainn in Uachtar Ard agus an dá chúl aimsithe i bhfoisceacht cúpla nóiméad dá chéile ag Ríona Ní Fhlatharta, a d’aimsigh 2-4 san iomlán, deich nóiméad roimh dheireadh na himeartha.

Cath Chois Fharraige a bheidh ann i gcluiche ceannais idirmheánach peile na Gaillimhe i mbliana agus Micheál Breathnach agus An Spidéal ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach i ngrád na sinsear in 2019.

Sa chéad chluiche leathcheannais a imríodh i Staid an Phiarsaigh inné, fuair Micheál Breathnach an ceann is fearr ar Oileáin Árann, 1-9 in aghaidh 1-7. Is beag a bhí idir na foirne i gcaitheamh na huaire ach ba é an cúl a d’aimsigh Dinny Ó hÉallaithe do Mhicheál Breathnach agus cúig nóiméad fágtha scór na cinniúna.

Ba é Aodán Ó Curraoin slánaitheoir An Spidéil ina gcluiche leathcheannais in aghaidh Átha Cinn. Cothrom a bhí na foirne nuair a scóráil an t-ionadaí cúl in am cúitimh agus gan é ach díreach tar éis teacht chun páirce. D’aimsigh an Spidéal pointe eile san am a bhí fágtha agus bua  1-10 in aghaidh 0-9 a bhí acu ar deireadh. Tá áit anois acu i gcluiche ceannais an chontae den chéad uair le deich mbliana anuas agus na comharsana ag fanacht orthu.

Dún na nGall

Naoise Ó Baoill Gaoth Dobhair
Naoise Ó Baoill ag imirt d’fhoireann Faoi-21 Ghaoth Dobhair níos luaithe i mbliana.

Tá Gaoth Dobhair ar ais i gcluiche ceannais na sinsear i nDún na nGall den chéad uair le 12 bliain anuas tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Sheán Mac Cumhaill inné. Bua éasca go maith a bhí ag an bhfoireann Ghaeltachta, 3-14 in aghaidh 1-7, agus iad chun cinn ó thús go deireadh.

Ní raibh ach cúpla nóiméad imeartha nuair a d’aimsigh Kevin Cassidy a gcéad chúl do Ghaoth Dobhair. Faoin am a scóráil Éamonn Collum cúl eile dóibh leath bealaigh tríd an gcéad leath, bhí cuma na maitheasa ar fhoireann Mhachaire Gathlán. D’aimsigh Collum trí chúilín ina dhiaidh sin agus bhí Gaoth Dobhair naoi bpointe chun cinn ag leath ama.

Naoise Ó Baoill a d’aimsigh an tríú cúl dóibh ag tús an dara leath agus cé go bhfuair Seán Mac Cumhaill cúl ina dhiaidh sin, ní raibh aon bhaol aon am ar Ghaoth Dobhair.

Casfaidh siad anois ar Naomh Conaill sa chluiche ceannais faoi cheann coicíse tar éis d’fhir na nGleanntach an ceann is fearr a fháil ar Ghleann tSúilí sa chluiche leathcheannais eile Dé Sathairn. Bhí cúl Dermot Molloy sa chéad leath cinniúnach agus bua 1-11 in aghaidh 0-12 ag Naomh Conaill.

Bhí Gleann tSúilí chun cinn, 0-4 in aghaidh 0-2, sular aimsigh Molloy an cúl sin leath bealaigh tríd an gcéad leath. Bhí Naomh Conaill chun tosaigh ar a gcéilí comhraic as sin go deireadh na himeartha.

Is iad Aodh Ruadh agus Gleann Fhinne a bheidh sa chluiche ceannais idirmheánach. Bhuaigh fir Bhéal Átha Seanaidh ar Naomh Columba Dé Sathairn, 4-5 in aghaidh 1-12, agus bua aon phointe amháin, 0-7 in aghaidh 0-6, a bhí ag Gleann Fhinne ar Naomh Náille.

Corcaigh

Shane Ó Duinnín (Cill na Martra)
Shane Ó Duinnín ag imirt do Chill na Martra ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2017. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí briseadh croí i ndán do pheileadóirí Naomh Abán Dé Sathairn nuair a chaill siad le pointe amháin cluiche leathcheannais Phríomh-Chraobh Idirmheánach Peile Chorcaí i gcoinne Mhainistir Fhear Maí, 1-12 in aghaidh 0-14. Ní raibh ach cúpla cúilín idir na foirne den chuid is mó den chluiche ach ba mhór an spreagadh do Mhainistir Fhear Maí an cúl a fuair Martin Brennan dóibh díreach tar éis leath ama. Ba é Maidhc Ó Duinnín a d’aimsigh formhór na bpointí do Naomh Abán. 0-8 san iomlán a fuair sé ach chinn ar fhir Bhaile Bhuirne an bhearna a dhúnadh.

D’éirigh níos fearr le foireann eile ó Mhúscraí inné nuair a bhuaigh Cill na Martra a gcluiche leathcheannais sa chraobh idirmheánach. Pointe amháin d’fharasbarr a bhí acu i gcoinne Bhaile Mhistéala, 0-10 in aghaidh 0-9. Chaill fir na Gaeltachta trí chluiche leathcheannais le ceithre bliana anuas ach bhí siad chun cinn ó thús go deireadh i gcluiche an lae inné.

Cé gur cuireadh Micheál Ó Deasúna den pháirc sa dara leath, rinne siad a ndóthain chun áit a bhaint amach sa chluiche ceannais.

Baile Átha Cliath

San iomáint, tá Craobh Shóisir D an chontae bainte amach ag foireann na bhfear ag Na Gaeil Óga den dara bliain as a chéile. Bhí an lá leo inné in aghaidh Chluain Tarbh, 2-6 in aghaidh 0-5. Ba é Aonghus Ó hEochaidh a d’aimsigh an chéad chúl dóibh tar éis 20 nóiméad agus nuair a d’éirigh le Conán Glass cúl eile a fháil cúig nóiméad ina dhiaidh sin, d’fhág sé go raibh Na Gaeil Óga 2-4 in aghaidh 0-2 chun cinn ag leath ama. D’éirigh le Cluain Tarbh an bhearna a laghdú sa dara leath agus cóir na gaoithe acu ach Na Gaeil Óga a bhí ag ceiliúradh nuair a séideadh an fheadóg dheiridh.

Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair ina gcéad chluiche ceannais ó 2006, mná Naomh Anna ag ceiliúradh agus cath Chois Fharraige romhainn'