Ganntanas cúl ag cur as do Kenny agus scuad ainmnithe aige do chluichí cáilithe

Tá 29 imreoir ainmnithe ag Kenny do na cluichí ach tá scata mór imreoirí ar iarraidh de bharr gortuithe

Ganntanas cúl ag cur as do Kenny agus scuad ainmnithe aige do chluichí cáilithe

Stephen Kenny. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tá scuad sacair na hÉireann ainmnithe ag Stephen Kenny do na cluichí cáilithe do Chorn an Domhain 2022.

Cuirfidh Éire tús leis an gcomórtas cáilithe an mhí seo agus cluichí acu in aghaidh na Seirbia, Lucsamburg agus Chatar.

Tá 29 imreoir ainmnithe ag Kenny do na cluichí ach tá scata mór imreoirí ar iarraidh de bharr gortuithe. Ní bheidh teacht ag an mbainisteoir ar Darren Randolph, James McCarthy, Jack Byrne, John Egan ná Adam Idah agus tá amhras fós ann faoi dhuine nó beirt atá ainmnithe sa scuad.

Tá Aaron Connolly roghnaithe ag Kenny cé go bhfuil gortú ag cur as d’fhear Brighton & Hove Albion agus tá áit sa scuad ag Caoimhín Kelleher chomh maith cé nach bhfuil an cúl báire ach díreach ar ais ag traenáil le Liverpool tar éis dó a bheith sínte tamaillín.

Agus amhras fós ann an mbeidh Kelleher in ann imirt i gcluichí na míosa seo, tá ceithre chúl báire ainmnithe ag Kenny sa scuad. Ar dhuine acu tá Gavin Buzunu, fear óg atá ag imirt do Rochdale faoi láthair agus atá ainmnithe i scuad na sinsear den chéad uair.

Tá Shane Duffy ainmnithe sa scuad chomh maith ach ós suarach an taispeántas a chonacthas ó fhear Dhoire do Celtic an séasúr seo, tá seans go mbeidh beirt nua i lár na cosanta ag Éirinn. Beidh Ciaran Clark, Dara O’Shea agus Kevin Long san iomaíocht le Duffy chun áit ar an bhfoireann a fháil.

As an seisear imreoirí lár páirce atá ainmnithe ag Kenny, níl ach duine acu, Jeff Hendrick, ag imirt i bPríomhroinn Shasana. Chruthaigh Jason Knight go maith do Derby County agus Conor Hourihane do Swansea City sa dara roinn agus tá Josh Cullen ag imirt go maith do Anderlecht sa Bheilg.

Níl ach aon chúl amháin scóráilte ag Éirinn sna hocht gcluiche atá imeartha go dtí seo ag an bhfoireann faoi cheannas Stephen Kenny agus níl mórán cúl scóráilte le gairid ag tosaithe na hÉireann lena gclubanna féin ach an oiread.

Scóráil Troy Parrott a chéad chúl do Ipswich Town an deireadh seachtaine seo caite ach níor imir Callum Robinson do West Brom ó thús mhí Feabhra. Agus dhá chúl scóráilte aige do Bournemouth le hocht gcluiche anuas, is é Shane Long an fear is mó a bhfuil cúil aimsithe aige.

Cuirfidh Éire tús leis an gcomórtas cáilithe do Chorn an Domhain 2022 Dé Céadaoin seo chugainn, an 24 Márta, nuair a imreoidh siad in aghaidh na Seirbia i mBéalgrád. Beidh cluiche i mBaile Átha Cliath acu ansin Dé Sathairn, an 27 Márta, in aghaidh Lucsamburg agus imreofar an tríú chluiche, in aghaidh Chatar, Dé Máirt, an 30 Márta.

Scuad na hÉireann:

Cúl báire: Caoimhin Kelleher (Liverpool), Gavin Bazunu (Rochdale, ar cíos ó Manchester City), Mark Travers (AFC Bournemouth), Kieran O’Hara (Burton Albion).

Cosantóirí: Séamus Coleman (Everton), Matt Doherty (Tottenham Hotspur), Shane Duffy (Celtic, ar cíos ó Brighton and Hove Albion), Enda Stevens (Sheffield United), Kevin Long (Burnley), Ciaran Clark (Newcastle United), Dara O’Shea (West Bromwich Albion), Ryan Manning (Swansea City), Cyrus Christie (Nottingham Forest).

Lár Páirce: Conor Hourihane (Swansea City, ar iasacht ó Aston Villa), Alan Browne (Preston North End), Jeff Hendrick (Newcastle United), Jayson Molumby (Preston North End, ar iasacht ó Brighton and Hove Albion), Jason Knight (Derby County), Josh Cullen (Anderlecht).

Cliathánaí: Robbie Brady (Burnley), James McClean (Stoke City), Daryl Horgan (Wycombe Wanderers), Ronan Curtis (Portsmouth), Callum O’Dowda (Bristol City).

Tosaithe: Callum Robinson (West Bromwich Albion), Aaron Connolly (Brighton and Hove Albion), Shane Long (AFC Bournemouth, ar iasacht ó Southampton), James Collins (Luton Town), Troy Parrott (Ipswich Town, ar iasacht ó Tottenham Hotspur).

Fág freagra ar 'Ganntanas cúl ag cur as do Kenny agus scuad ainmnithe aige do chluichí cáilithe'

  • Séamus Ó Madagáin

    Tá Connolly ar ais! Buíochas le Dia