Gan oiread is leabhar Gaeilge amháin san áireamh i dtreoirleabhar léitheoireachta Pride

Deir Leabhair Pháistí Éireann go raibh iontas agus díomá orthu mar nach raibh siad in ann teacht ar leabhar ar bith as Gaeilge a bhain “go sonrach” leis an téama

Gan oiread is leabhar Gaeilge amháin san áireamh i dtreoirleabhar léitheoireachta Pride

Foilsíodh treoirleabhar léitheoireachta Pride do dhaoine óga le déanaí, ach cé go raibh 100 leabhar ar an liosta, ní raibh aon leabhar Gaeilge ina measc. Is iad Leabhair Pháistí Éireann gcomhar le An Post a d’fhoilsigh an treoirleabhar, chun ceiliúradh a dhéanamh ar phobal LADTA+ don fhéile Bród. 

Ag labhairt le Tuairisc, dúirt Jenifer Ní Ghrádaigh, Oifigeach Gaeilge Leabhair Pháistí Éireann, go raibh ‘díomá’ orthu mar nach raibh siad in ann teacht ar leabhar ar bith as Gaeilge a bhain ‘go sonrach’ leis an téama.

“Agus muid ag déanamh an réamhthaighde don treoirleabhair Bród, tháinig idir iontas agus díomá orainn nach raibh tada ag teacht leis an téama,” a dúirt sí. “Cad chuige nach bhfuil leabhair ar an téama seo ar fáil sa Ghaeilge do dhaoine óga?”

Thagair Ní Ghrádaigh do na ‘scríbhneoirí cumasacha aeracha’ atá ann sa Ghaeilge, a bhfuil a dtaithí féin le feiceáil sna leabhair atá scríofa acu: colúnaí tuairisc.ie Alex Hijmans ina measc, chun sampla amháin a thabhairt.

“Sna leabhair do dhaoine fásta tá an t-eispéireas aiteach feiceálach – uaireanta, ar a laghad,” ar sí. “Ar ndóigh ní hionann na nithe atá oiriúnach i leabhar do dhuine fásta agus do pháiste: céard a bheas muid ag súil leis, do pháistí san aois-réimse 0–2, mar shampla? Bhuel, pictiúrleabhair ina bhfuil beirt mhamaithe nó beirt dhaidithe sa teaghlach, mar thús!”

Measann Ní Ghrádaigh agus Leabhair Pháistí Éireann go bhfuil sé ‘ríthábhachtach’ go bhfeiceann na páistí a macasamhail féin sna leabhair.

“Is ar éigean a bhí muid in ann a chreidiúint ar dtús cé chomh cosúil lena chéile is a bhí gach teaghlach a bhí istigh sna leabhair do pháistí óga. Ní ar na húdair amháin atá an locht ach oiread: seo cúram na bhfoilsitheoirí agus na maisitheoirí chomh maith,” ar sí. 

Deir Ní Ghrádaigh go bhfuil idir thuistí agus eagraíochtaí tar éis teagmháil a dhéanamh le Leabhair Pháistí Éireann ó chuir siad an treoirleabhar amach, agus an cheist chéanna acu – cá bhfuil na leabhair Ghaeilge a bhaineann le pobal LADTA+? 

“Agus tá orainn a rá nach bhfuil a leithéid ann go bhfios dúinn, do léitheoirí óga – go fóill,” ar sí. “Tá comhrá tosaithe againn le roinnt de na foilsitheoirí – comhrá gur bhreá linn agus a bhfuil i gceist againn é a leathnú amach – agus tá muid ag déanamh machnaimh ar na háiseanna arbh fhéidir linne i Leabhair Pháistí Éireann a chur le chéile chun cabhrú le foilsitheoirí beaga (Gaeilge agus Béarla araon) chun an bhearna seo a líonadh agus chun scáthán ceart dá saol féin a chur ar fáil do gach páiste in Éirinn.”

Deir Ní Ghrádaigh go bhfuil ‘dóchas’ acu.

“Tá leithéidí AerachAiteachGaelach ag déanamh ealaín ó údair aeracha níos feiceálaí i saol na Gaeilge; tá an tuiscint ag fás nach féidir ceisteanna féiniúlachta a fhágáil ar leataobh go dtí na déaga i litríocht na n-óg,” ar sí. “Beidh eagrán nua den treoirleabhair á chur le chéile againn an bhliain seo chugainn – tá muidne i Leabhair Pháistí Éireann ag súil go mór go mbeidh muid in ann leabhair Ghaeilge a chur san eagrán sin.”

Deir an scríbhneoir agus file Gabriel Rosenstock nach gá gur ar na foilsitheoirí Gaeilge a thitfeadh sé an bhearna léitheoireachta áirithe sin a líonadh.

“Ba chóir don Roinn Oideachais féin ábhar a chur ar fáil i nGaeilge (nó brainse eile den stát) nó ceann éigin de na heagrais Ghaeilge,” ar sé. 

Deir Gabriel Rosenstock go mbíonn leabharliostaí faoi théamaí éagsúla á gcur ar fáil ag An Post i gcomhar le Leabhair Pháistí Éireann an t-am ar fad, agus ‘beidh arís amach anseo’. 

“Cá bhfios na téamaí a bheidh ann amach anseo, Foréigean sa Bhaile, Athrú Aeráide agus araile. Ba cheart dóibh comhordú a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara go léir chun a chinntiú go mbeadh sciar de na leabhair sin i nGaeilge, dar liomsa,” a deir sé. 

“Ní thar oíche a chuirtear leabharliostaí le chéile. Bíonn pleanáil fhadtéarmach i gceist. Bíonn gá le comhairle agus plé. I gcás an téama áirithe seo, fágadh an Ghaeilge ar lár.”

Deir Jenifer Ní Ghrádaigh go bhfuil Leabhair Pháistí Éireann ‘tiomanta’ do leabhair Éireannacha go ginearálta – agus leabhair Ghaeilge ina measc – a chur chun cinn nuair is féidir. 

“Barr feabhais an tslat tomhais atá againn i gcónaí, agus is go hannamh a thagann sé seo salach ar na leabhair Ghaeilge. Níos deacra, uaireanta, téamaí éagsúlachta nó cuimsithe a aimsiú; ach bhí muid in ann cúig leabhar Gaeilge is fiche a chur isteach inár dtreoirleabhar léitheoireachta in 2021,” ar sí. 

“Déanann Futa Fata, An Gúm, An tSnáthaid Mhór, Éabhlóid, Cló Iar-Chonnacht, Leabhar Breac, LeabhairComhar agus Dalen Éireann (agus rinne Cló Mhaigh Eo agus Cois Life) obair iontach chun leabhair nua agus aistriúcháin a chur ar fáil, agus bíonn gliondar orainn nuair is féidir linn aitheantas ceart a thabhairt dóibh – é sin ráite, is foilsitheoirí beaga iad ar fad nach bhfuil na hacmhainní céanna acu is atá ag na foilsitheoirí móra Béarla.”

Ag cruinniú de chuid Chomhchoiste na Gaeilge i dTeach Laighean an tseachtain seo caite, dúirt bainisteoir An Siopa Leabhar, Gráinne Ní Mhuilneoir, go bhfuil bearna aitheanta acu sa mhargadh maidir le leabhair LADTA+.

“Tá bearna sa mhargadh ó thaobh leabhair le carachtair LADTA+, is é sin carachtair aeracha, déhghnéasacha, tras, aiteacha, idirghnéis agus eile,” ar sí. “Tá gá le leabhair le cineálacha éagsúla teaghlach, daoine faoi mhíchumas; ilchineálacht daoine a léiríonn go soiléir an éagsúlacht a bhaineann le cainteoirí Gaeilge agus a chuirfeadh fonn ar dhaoine ó chúlraí éagsúla leabhair Ghaeilge a phiocadh suas. Tá guthanna ó phobail éagsúla le haimsiú, le moladh, agus le forbairt. Leabhair [a bheadh] dírithe ar pháistí, gan dabht, ach leabhair do dhaoine fásta freisin ina dtaispeántar an éagsúlacht.”

Fág freagra ar 'Gan oiread is leabhar Gaeilge amháin san áireamh i dtreoirleabhar léitheoireachta Pride'