Gan moirtéal idir na brící, titfidh teach an úrscéil as a chéile

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ní mór don úrscéalaí dua a chaitheamh le radhairc bheaga nach dtarlaíonn mórán iontu ach nach bhfuil fánach, ná baol air 

Gan moirtéal idir na brící, titfidh teach an úrscéil as a chéile

Dá gcuirfí ceist orm céard í an ghné is deacra den úrscéalaíocht, bheadh an freagra ar bharr mo theanga agam: ní hiad na radhairc mhóra ina n-insítear croílár an scéil a thugann trioblóid dom ach na radhairc bheaga a cheanglaíonn na radhairc mhóra le chéile – an moirtéal idir na brící, mar a déarfá.

Le coicís anuas tá mé ag streachailt le dhá radharc ghairide den chineál sin, díreach i ndiaidh a chéile, san úrscéal a bhfuilim i mbun eagarthóireachta air le nach mór dhá bhliain anuas. Ní tharlaíonn mórán sa dá radharc sin. Sa chéad cheann, glacann duine de na príomhcharachtair páirt i gcruinniú oibre. Sa dara radharc, téann an fear céanna abhaile ar a rothar tríd an mbáisteach. Ní hé nach bhfuil tábhacht leis an gcruinniú oibre agus leis an mbáisteach sin sa phlota, ach ní tharlaíonn aon rud drámatúil. Ní bhuaileann éinne an cac as duine eile. Ní chuirtear grá gan teorainn in iúl. Splanc léargais ná tuiscint úr ar staid an duine ní bhuaileann an príomhcharachtar.

Mar sin féin, níl na radhairc seo fánach. Ní fhéadfaí iad a fhágáil amach agus ní fhéadfaí achoimre a dhéanamh ar a dtarlaíonn iontu i líne nó dhó i radharc eile, radharc a bheadh ar cheann de ‘bhrící’ an scéil. Ní bhíonn eachtraí a d’iompódh a saol bunoscionn ag carachtair úrscéil an t-am ar fad. Ó am go chéile, caithfear iad a thabhairt ó A go B. Bíonn cruinnithe oibre acu. Titeann báisteach orthu. Murach an moirtéal sin, thitfeadh úrscéal ar bith as a chéile.

Ach tá feidhm eile leis na radhairc bheaga sin nach bhfuil fánach, ná baol air. Ní hamháin go gceanglaíonn siad na radhairc mhóra lena chéile ach scarann siad óna chéile iad. Ní mór spás a thabhairt do chasphointí móra an scéil ionas nach dtiocfaidh siad aniar aduaidh ar an léitheoir agus ní mór am a thabhairt don léitheoir teacht chuige féin ó na mothúcháin láidre a chothóidh siad.

Cén fáth mar sin, agus an méid thuas ar fad ar eolas agam, go dtugann na radhairc bheaga sin nach dtarlaíonn mórán iontu oiread sin trioblóide dom i gcónaí? Tá an freagra sa cheist: ní tharlaíonn mórán iontu agus dá bharr sin ní bhím féin meallta acu. Moirtéal an scéil a dhéanamh mealltach, ní hamháin dom féin ach don léitheoir, sin é an dúshlán.

Fág freagra ar 'Gan moirtéal idir na brící, titfidh teach an úrscéil as a chéile'

  • padraig o gallachoir

    Iomlan ceart , bhuail tú ceann an tairne, leag tu an brice san ait ar fhoir dé, Tá thar triocha mile focal scriofa agam dé ‘eachtraí’ , tá dha riomhaire caite agam ó thusaigh mé air, ach tá sé mo bhuailadh cionnas go bhfuil’an moirtéal’ ro thirim.

  • padraig o gallachoir

    padraig o gallachoir Dé Sathairn, Iúil 24 2021 ag 9:58 am

    Iomlan ceart , bhuail tú ceann an tairne, leag tu an brice san ait ar fhoir dé, Tá thar triocha mile focal scriofa agam dé ‘eachtraí’ , tá dha riomhaire caite agam ó thusaigh mé air, ach tá sé mo bhuailadh cionnas go bhfuil’an moirtéal’ ro thirim.