Gan aon ghanntanas geáitsíochta i Stormont roimh chainteanna

Bhí Stormont leochaileach roimh shaoire an tsamhraidh ach dealraíonn sé go bhfuil sé ar an dé deiridh anois

4/2/2010 Stormont in Northern Ireland. Pictured is Stormont, home of the Northern Ireland Assembly. Photo: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Ní raibh ganntanas geáitsíochta i Stormont agus sinn ag tarraingt ar na cainteanna ollpháirtí an tseachtain seo. Níor dheathuar d’inmharthanacht na n-inistitiúidí é an liodáin de réamhchoinníollacha/bagairtí a bhí á n-aithris. San am céanna, níor léir go raibh éinne toilteanach an buille marfach a bhualadh.

Ní miste fiafraí an bhfuiltear sa tóir ar fhuascailt i ndáiríre nó an cluiche chun milleán a sheachaint agus ullmhúchán le haghaidh toghcháin atá ar siúl?

Bhí Stormont leochaileach roimh shaoire an tsamhraidh ‘cheal réitigh’ faoi bhuiséad agus i ngeall ar easaontas faoi chiorruithe leasa shóisialaigh. Tá sé ar an dé deiridh anois mar go bhfuil foréigean agus an tIRA Sealadach mar ábhar conspóide arís tar éis dhúnmharú Kevin McGuigan, iarchomhalta den IRA, i mBéal Feirste an mhí seo caite.

‘Ní féidir filleadh ar chúrsaí mar a bhí,’ a d’fhógair an DUP arís agus arís eile sular fhill Teachtaí ar Stormont ar an Luan. ‘Buíochas do Dhia’ arsa an pobal, ‘b’fhéidir go ndéanfaidís rud éigin fiúntach, mar sin, tar éis dhá bhliain gan blas oibre déanta acu’.

Bhí thiar orthu. Bhí beartas céimnithe nua le fógairt ag ceannaire an DUP, Peter Robinson. Shíl a lán nach ngabhfadh sé i ngaobhar aon phlean céimnithe arís i bhfianaise na praisí a rinne sé de scéal na bparáidí le haontachtaithe eile, leis an Ord Oráisteach agus leis na dílseoirí ó eití polaitiúla an UVF agus an UDA.

Plean Robinson? Mar thús, ní bheadh airí an DUP ag freastal ar an bhFeidhmeannas cé is moite d’eisceachtaí áirithe. Ansin, stop leis an bhFeidhmeannas mar nach dtig leis feidhmiú d’uireasa an Chéad Aire agus an phríomhphairtí.

Tharla an rud céanna ar feadh sé mhí i 2008 nuair a rinne Sinn Féin baghcat ar an bhFeidhmeannas.

Ní dhéanfaidís freastal ar aon chruinniú aireachta thuaidh -heas ar chor ar bith, a dúirt Robinson. Anuas air sin, má chinneann an DUP nach bhfuil páirtithe eile ag tabhairt faoi na cainteanna go dúthrachtach nó go bhfuilid ag tógáil an iomarca ama, glacfaidh an DUP céim eile. Ní abródh sé cén chéim nó cén t-achar ama a bhainfeadh léi. Seachtainí agus ní míonna atá i gceist, is cosúil, agus cuireadh é sin in iúl don Státrúnaí Villiers.

Thairis sin, muna dtagann na páirtithe ar shocrú sásúil sna cainteanna, éireoidh Airí an DUP as oifig. Má bhíonn toghchán ann ina dhiaidh sin, ní ainmneoidh an DUP iarrthóir don Chéad Aireacht gan cainteanna faoi chóras úr i Stormont. Ní raibh aon chaint ar riail dhíreach ó Westminster cé go gceaptar gur dóichí gurb é sin an toradh a bheadh ar an scéal.

Dúirt Sinn Féin gur iomaíocht réamhthoghcháin idir an UUP agus an DUP a bhí ar siúl ach nach ligfeadh Sinn Féin don ghaileamaisíocht aontachtach iadsan a chur dá mbuille. Bhí roinnt geáitsíochta dá gcuid féin ar siúl ag Sinn Féin agus iad ag agairt ar an Statrúnaí Villiers go mbeadh sé ‘doghlactha’ acusan go rachadh Rialtas na Breataine i gceannas ar chúrsaí leasa shóisialaigh.

Bhí Sinn Féin gach pioc chomh rúndiamhrach leis an DUP faoi céard is brí – go praicticiúil – le ‘doghlactha’. Measadh gur fheil sé do Sinn Féin díriú ar na fadhbanna faoi na ciorruithe leasa shóisialaigh seachas déileáil leis na deacrachtaí a chothaíonn foréigean poblachtach dóibh.

Tá siad faoi bhrú ó d’fhógair an PSNI go raibh baill den IRA Sealadach á bhfiosrú acu i dtaca le dúnmharú Kevin McGuigan, go raibh an tIRA fós ann – ar bhonn neamhpharaimíleatach – agus go raibh struchtúr ceannais aige i gcónaí. Shéan Gerry Adams gurb ann don IRA agus dúirt Martin McGuinness gur coirpigh iad na dúnmharfóirí, ach tá na húdaráis uilig meáite ar go bhfuil sé thar am a theacht ar bhealach chun paraimíleataigh agus a gcoiriúlacht a ghlanadh amach as an bpolaitíocht.

D’éirigh an UUP as an bhFeidhmeannas mar agóid in aghaidh rannpháirtíocht Shinn Féin ann, beart a bhain tuisle as an DUP agus beart ba chionnsiocair leis na céimeanna a d’fhógair Robinson Dé Luain. Tá na páirtithe eile, an SDLP, Alliance agus an Comhaontas Glas, ag fanacht ar fhianaise seachas tuairimíocht na bpóilíní.

Cor nua sa scéal é go raibh easaontas idir an dá rialtas roimh na cainteanna; an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan míshásta lena chomhchathaoirleach faoin bhfógra (ar iarratas an DUP) go gcuirfí an dílárú cumhachta ar ceal i dtaobh chiorraithe leasa shóisialaigh ionas go bhféadfadh na Tóraithe a bpolasaí a chur i bhfeidhm. Beart aontaobhach ag sárú na deabhlóide a bheadh ann, a dúirt Flanagan.

Tá páirtithe an Fheidhmeannais – an DUP, Sinn Féin, an UUP, an SDLP agus Alliance – ar fad ag rá go bhfuil siad tiomanta don phróiseas agus go dteastaíonn uathu réiteach críochnuil a aimsiú an t-am seo. Ag an am céanna, cluinim ar na sráideanna go bhfuil an DUP, an UUP agus Sinn Féin ar bhonn toghchánaíochta.

Céard is fiú na briathra dearfacha uathu go léir, mar sin? Is baolach nach bhfuil iontu ach madraí sna fuinneoga.

Fág freagra ar 'Gan aon ghanntanas geáitsíochta i Stormont roimh chainteanna'