Gan ach trí iarratas faighte ag Údarás na Gaeltachta ó 2017 ar dheontais faoina scéim Breatimeachta

Ó bunaíodh an scéim Breatimeachta  ‘Bí Réidh’, ceadaíodh €5,000 do chomhlacht amháin i nDún na nGall agus €5,000 an ceann do dhá chomhlacht i nGaeltacht na Gaillimhe

Gan ach trí iarratas faighte ag Údarás na Gaeltachta ó 2017 ar dheontais faoina scéim Breatimeachta

Níl leas bainte ach ag trí chomhlacht as scéim deontais Breatimeachta Údarás na Gaeltachta a tugadh isteach nach mór dhá bhliain ó shin.

Trí iarratas ar fad a fuarthas faoin scéim deontais ‘Bí Réidh’ ó Bhealtaine 2017 agus  níor íocadh amach ach €15,000 den chiste

€100,000 a fógraíodh an uair sin mar thús leis an scéim.

Ó shin i leith, ceadaíodh €5,000 do chomhlacht amháin i nDún na nGall agus €5,000 an ceann do dhá chomhlacht i nGaeltacht na Gaillimhe.

Ní bhfuarthas iarratas ar bith ar an deontas tacaíochta Breatimeachta ó aon cheantar Gaeltachta eile.

Tugadh isteach an scéim ‘Bí Réidh’ le spreagadh a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta plean gnímh a ullmhú d’imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Tá 25 comhlacht Gaeltachta aitheanta ag Údarás na Gaeltachta mar chomhlachtaí a bheadh fíorleochaileach i gcás an Bhreatimeachta gan mhargadh, ach tá an scéim ‘Bí Réidh’ oscailte don os cionn 150 cliantchomhlacht dá gcuid ina bhfuil deichniúr nó níos mó fostaithe.

Agus freagra á thabhairt aige ar cheist a chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan air,  ghéill Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne gur “beag comhlacht atá ag baint leasa as an scéim ‘Bí Réidh’ féin”.

Ach dúirt an tAire Stáit go mbíonn an tÚdarás ag bualadh go minic lena gcliantchomhlachtaí chun a chinntiú go bhfuil siad ar an airdeall faoin mBreatimeacht agus go bhfuil siad ullamh dó.

Dúirt Seán Kyne go bhfuil “an líon beag iarratas” a fuarthas faoin scéim ‘Bí Réidh’ “ar aon dul leis an éileamh go ginearálta atá faighte ag Fiontraíocht Éireann ar a macasamhail de scéim, Be Prepared”. 


Luach €862 milliún d’earraí agus seirbhísí a dhíol cliantchomhlachtaí an Údaráis in 2017 agus easpórtáil a bhí i gceist le €522 milliún den díolachán sin. 

De réir an taighde is déanaí atá déanta ag an eagraíocht fiontraíochta Gaeltachta baineann 28% den easpórtáil sin, nó €148 milliún, le heaspórtáil chun na Ríochta Aontaithe. Téann 33%, €172 milliún chun an Aontais Eorpaigh agus 24%, nó luach €124 milliún, a théann go Meiriceá Thuaidh.

Ba tríd an scéim comhairleoireachta ‘Bí Réidh’ ba mhó a bhí sé i gceist ag an Údarás plé le ceist an Bhreatimeachta.

Faoin scéim is féidir le comhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás cur isteach ar 50% den airgead atá sé i gceist a chaitheamh ar phlean gnímh a chur i dtoll a chéile don Bhreatimeacht. €5,000 an méid is mó is féidir a fháil faoin scéim.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil siad “ag obair go dlúth” le tamall maith lena gcliantchomhlachtaí chun a chinntiú go bhfuil siad ullamh don Bhreatimeacht agus go bhfuil go leor oibre eile déanta i leith an Bhreatimeachta ag an eagraíocht, obair, a deir siad, atá déanta ag an eagraíocht féin agus i gcomhar lena gcliantchomhlachtaí agus le gníomhaireachtaí Stáit eile.

Mar chuid dá n-ullmhúchán don Bhreatimeacht, tá eolas curtha ar fáil ag an Údarás dá gcliantchomhlachtaí faoi na hiasachtaí atá ar fáil ó Chorparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann.

Chomh maith leis sin tá comhaontú déanta ag Údarás na Gaeltachta le Cumainn Tráchtála na hAlban maidir le comhoibriú gnó agus trádála idir comhlachtaí i nGaeltacht na hÉireann agus in Albain. 

Beidh feidhmeannaigh de chuid Údarás na Gaeltachta ag dul go hAlbain ag tús mhí Aibreáin chun na socruithe sin a bheachtú.

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go bhfuil sé sásta nach gá Údarás na Gaeltachta a lua sa reachtaíocht atá á tabhairt isteach chun déileáil leis an mBreatimeacht.

Tá Fiontraíocht Éireann agus an IDA luaite sa Bhille um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (Forálacha Iarmhartacha), 2019, ach níl aon tagairt ann d’Údarás na Gaeltachta.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil leas bainte ag cliaint an Údaráis as scéimeanna eile atá ar fáil dóibh agus gur ceadaíodh €1.8 milliún in 2018 faoina scéimeanna Taighde agus Forbairt, Rochtain ar Mhargaí, Tacaíocht d’Eochairphostanna,  agus faoina Scéim Céimithe.

Fág freagra ar 'Gan ach trí iarratas faighte ag Údarás na Gaeltachta ó 2017 ar dheontais faoina scéim Breatimeachta'