Kyne sásta nach gá Údarás na Gaeltachta a lua i reachtaíocht Bhreatimeachta

D’fhiafraigh an Teachta Dála Catherine Connolly den Aire Gaeltachta sa Dáil cérbh iad na moltaí a chuir Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta féin faoi bhráid an Rialtais maidir le soláthar a dhéanamh d’Údarás na Gaeltachta sa reachtaíocht Bhreatimeachta

Kyne sásta nach gá Údarás na Gaeltachta a lua i reachtaíocht Bhreatimeachta

Tá Aire Stáít na Gaeltachta Seán Kyne sásta nach gá Údarás na Gaeltachta a lua sa reachtaíocht atá á tabhairt isteach chun déileáil leis an mBreatimeacht.

D’fhiafraigh an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly den Aire Gaeltachta sa Dáil cérbh iad na moltaí a chuir Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta féin faoi bhráid an Rialtais maidir le tuilleadh “cumhachtaí” a thabhairt don Údarás sa reachtaíocht Bhreatimeachta.

Mar fhreagra ar an méid sin thug an tAire Stáit le fios nár ghá aon soláthar ar leith a dhéanamh don Údarás sa reachtaíocht. Bhí sé “sásta”, a dúirt sé, go mbeadh fáil ag cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta “ar na deiseanna agus na hacmhainní céanna atá agus a bheidh ar fáil do chomhlachtaí atá faoi scáth Fhiontraíocht Éireann mar thoradh ar Achtú an Bhille…”

Bheadh an scéal amhlaidh, a mhaígh sé, mar go bhfuil an dá eagraíocht “ag obair as lámha a chéile” lena chinntiú go bhfaighidh cliantchomhlachtaí an Údaráis sa Ghaeltacht an tacaíocht chéanna le comhlachtaí Fhiontraíocht Éireann.

Dúirt an tAire Stáit go raibh meamram comhthuisceana i bhfeidhm le tamall de bhlianta anuas idir Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann a chinntíonn go bhfuil teacht ag comhlachtaí Gaeltachta ar na scéimeanna éagsúla tacaíochta a chuireann Fiontraíocht Éireann ar fáil ar fud na tíre. 

Dúirt an tAire Stáit go mbíonn feidhmeannaigh a Roinne agus feidhmeannaigh na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta i dteagmháil lena chéile “go rialta” faoin “ábhar seo” agus “go n-aithníonn an dá Roinn an gá go mbíonn Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann in ann na tacaíochtaí céanna a thairiscint dá gcuid cliantchomlachtaí”.

Tá Fiontraíocht Éireann agus an IDA luaite sa Bhille um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (Forálacha Iarmhartacha), 2019, ach níl aon tagairt ann d’Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Kyne sásta nach gá Údarás na Gaeltachta a lua i reachtaíocht Bhreatimeachta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ag déanamh neamhaird don Ghaeltacht arís a Aire!

    Fiontraíocht Éireann agus an IDA – faic a dhéanamh acusan chun aitheantas a thabhairt don Ghaeilg ar fud na tíre.

    Do bharúil an bhfuil (Fiontraíocht Éireann agus Údarás na Gaeltachta) ‘an dá eagraíocht “ag obair as lámha a chéile” trí mheán na Gaeilge??…

    An bhfuil an tAire stáit seo ag déanamh teagmháil leis na heagraíochtaí stáit seo eile trí mheán na Gaeilge??? Dheoin mo chos go bhfuil! Cá bhfuil do chuid Pleanála Teanga a Aire??

    COINNÍOLL GHAEILG DON GHAELTACHT ANOIS!!!