Tháinig feabhas ar chaighdeán an uisce ag trá amháin sa Ghaeltacht anuraidh de réir tuarascáil nua atá seolta ag an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.
As an 20 trá Ghaeltachta a ndearnadh scrúdú orthu in 2018, bhain sé cinn déag acu an caighdeán is fearr amach de réir na tuarascála Bathing Water Quality in Ireland — A Report for the Year 2018.
Níor thit caighdeán an uisce ag trá Ghaeltachta ar bith idir 2017 agus 2018.
Ba í Trá na mBan sa Spidéal i gcontae na Gaillimhe an t-aon trá sa Ghaeltacht ar tháinig feabhas ar chaighdeán an uisce ann anuraidh. Bhí caighdeán an uisce ‘sásúil’ ag an trá idir 2015 agus 2017 ach de réir na tuarascála nua, tá caighdeán an uisce feabhsaithe go ‘caighdeán maith’.
Is í Trá na bhForbacha i gConamara anois an t-aon trá Ghaeltachta sa tír nach bhfuil stádas ‘caighdeán den scoth’ nó ‘caighdeán maith’ bainte amach ag an uisce ann. ‘Sásúil’ atá caighdeán an uisce ag Trá na bhForbacha.
Tá stádas ‘caighdeán den scoth’ bainte amach go hoifigiúil ag dhá thrá i dTír Chonaill i mbliana.
Chun stádas oifigiúil a bhronnadh ar thrá ní mór scrúdú a bheith déanta ar chaighdeán an uisce ansin ar feadh trí bliana. Rinneadh amhlaidh i gcás uisce thrá Mhachaire Rabhartaigh agus thrá Dhumhaí agus tugadh an caighdeán is airde don dá thrá sin den chéad uair i mbliana.
‘Caighdeán maith’ a bhí ag Trá Phort Arthur sna Doirí Beaga den dara bliain as a chéile, rud a d’fhág gurb í an t-aon trá i nGaeltacht Thír Chonaill nach bhfuil stádas ‘caighdeán den scoth’ aici.
Bhain na tránna uile a ndearnadh tástáil orthu i nGaeltacht Chiarraí agus i nGaeltacht Mhaigh Eo stádas ‘caighdeán den scoth’ amach.
Chomh maith leis an bhfiche trá Ghaeltachta a ndearnadh tástáil orthu ó thaobh chaighdeán an uisce snámha, luaitear trí thrá eile sa Ghaeltacht nach dtagann faoi na rialacha maidir le huisce snámha.
Tástáil de chineál eile a dhéantar ar an uisce ag na tránna sin ar mhaithe le sláinte an phobail. Bhain Béal Bán i gCorca Dhuibhne agus Trá na gCaorach in Inis Oírr ‘caighdeán den scoth amach’ agus bhain An Trá Mhór i nGarmna i gConamara, stádas ‘caighdeán maith’ amach.
San iomlán, rinneadh tástáil ar 145 trá ar fud na tíre anuraidh don tuarascáil seo agus d’éirigh le 137 acu, nó 94%, an bunchaighdeán uisce (‘sásúil’) a bhaint amach. Bhain 71% (103) an stádas ‘caighdeán den scoth’ amach.
Tránna Ghaeltachta a luaitear sa tuarascáil
2018 | 2017 | 2016 | 2015 | |
---|---|---|---|---|
Ciarraí | ||||
Fionntrá | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth |
Baile an Sceilg | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth |
Dún na nGall | ||||
Baile Thiarnáin | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth |
An Charraigh Fhinn | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth |
Na Dúnaibh | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth |
Droim na Tine | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth |
Trá Phort Arthur | Caighdeán maith | Caighdeán maith | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth |
Dumhaigh | Caighdeán den scoth | Nua | Nua | |
Machaire Rabhartaigh | Caighdeán den scoth | Nua | Nua | |
Gaillimh | ||||
Trá na bhForbacha | Caighdeán sásúil | Caighdeán sásúil | Droch-chaighdeán | Caighdeán sásúil |
Trá na mBan | Caighdeán maith | Caighdeán sásúil | Caighdeán sásúil | Caighdeán sásúil |
Céibh an Spidéil | Caighdeán maith | Caighdeán maith | Caighdeán maith | Caighdeán maith |
An Trá Mór, Coill Rua | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth |
Trá an Dóilín | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth |
Trá Chaladh Fínis | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth |
Cill Mhuirbhigh, Inis Mór | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth |
Trá Inis Oírr | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Nua |
Maigh Eo | ||||
Dumha Éige, Acaill | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth |
Cuan Oilí | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth |
An Mallach Rua | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth | Caighdeán den scoth |
Fág freagra ar 'Gan ach trá amháin sa Ghaeltacht nach bhfuil caighdeán maith uisce ann'