Gaistí le leagan athuair le breith ar mhinceanna ar an mBlascaod Mór

Idir 2014-2016 rugadh ar 48 minc Mheiriceánach ar an oileán amach ó chósta Chorca Dhuibhne ach níor leagadh aon ghaiste rompu ó shin

Gaistí le leagan athuair le breith ar mhinceanna ar an mBlascaod Mór

Tá sé i gceist gaistí a chur go luath ar an mBlascaod Mór chun breith ar mhinceanna Meiriceánacha ar an oileán Gaeltachta.

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan nár cuireadh aon ghaiste roimh mhinceanna ar an mBlascaod Mór ó 2016. Idir 2014-2016 rugadh ar 48 minc Mheiriceánach ar an oileán amach ó chósta Chorca Dhuibhne mar chuid de chlár na Roinne cosaint a thabhairt d’éin neamhchoitianta.

Agus ceist Dála ón Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly á freagairt aici, dúirt an tAire Madigan nár rugadh ar aon mhinc na trí bhabhta dheireanacha a leagadh gaiste rompu ar an mBlascaod Mór in 2016.

Tá cáil mhór ar an mBlascaod Mór agus ar na Blascaodaí eile mar gheall ar líon na n-éan neamhchoitianta atá ar fáil iontu.

Fág freagra ar 'Gaistí le leagan athuair le breith ar mhinceanna ar an mBlascaod Mór'

  • Aengus Ó Fionnagáin

    Ní minc atá sa ngrianghraf sin. Cat Crainn atá ann.