Gaillimh ag íoc go daor as imirt mhíshlachtmhar, an bhearna idir Luimneach agus an chuid eile laghdaithe agus dúshlán eile sáraithe ag Dún na nGall

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí is mó a imríodh i gcraobhacha peile, iomána agus pheil na mban ag an deireadh seachtaine

Gaillimh ag íoc go daor as imirt mhíshlachtmhar, an bhearna idir Luimneach agus an chuid eile laghdaithe agus dúshlán eile sáraithe ag Dún na nGall

Gaillimh ag íoc go daor as imirt mhíshlachtmhar

Chun a cheart a thabhairt do Phádraic Joyce, bíonn sé macánta go maith agus é ag cur síos ar drochlaethanta na Gaillimhe.

Nuair a thug Maigh Eo greadadh do Ghaillimh sa tsraith an mhí seo caite, dúirt Joyce go raibh níos mó náire air an lá sin ná aon lá eile a bhí aige le Gaillimh. Tar éis dóibh cluiche eile a chailliúint in aghaidh Mhaigh Eo inné, léirigh an bainisteoir a mhíshástacht le taispeántas an réiteora ach dhírigh sé an cáineadh ba ghéire ar a chuid imreoirí agus chaithfeá rá go raibh an ceart ar fad aige.

Sa chéad leath féin, scaoil Gaillimh an liathróid uathu 20 uair. Tháinig an chéad trí scór a d’aimsigh Maigh Eo sa chluiche ó bhotúin na Gaillimhe agus faoin am ar tháinig deireadh leis an gcéad leath, bhí trí cinn eile faighte acu ar an gcaoi chéanna.

Thuigfeá go raibh Gaillimh beagáinín as cleachtadh ag tús na himeartha agus gan aon chluiche acu le trí seachtaine anuas ach níor fheabhsaigh cúrsaí mórán sa dara leath.

Scaoil siad an liathróid uathu 12 uair eile sa dara leath agus faoin am ar chríochnaigh an cluiche, bhí deich bpointe faighte ag Maigh Eo ó bhotúin na Gaillimhe, sin 70% de na scóranna a d’aimsigh foireann James Horan i mBóthar na Trá.

Cé nach raibh Maigh Eo i mbarr a maitheasa, níor chuir sin aon mhairg orthu agus Gaillimh chomh míshlachtmhar sin agus an pheil ina seilbh.

Is fada an lá arís go mbeidh deis níos fearr acu cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach ach, cosúil leis an gcuid eile againn, is ar an tolg a bheidh imreoirí seo na Gaillimhe ag breathnú ar chluichí cinniúnacha 2020.

 

Paddy McBrearty agus Ryan Kennedy. Pictiúr: INPHO

Dúshlán eile sáraithe ag Dún na nGall

An rud ba shuntasaí faoi bhua Dhún na nGall ar Ard Mhacha ná cé chomh héasca agus a bhí sé ag na Conallaigh. Ar chaitheamh isteach na peile, fuair Michael Langan seilbh uirthi, rinneadh cosán dó trí chosantóirí Ard Mhacha agus d’aimsigh sé an chéad scór sa chluiche gan deich soicind féin ar an gclog.

Tá muintir Ard Mhacha ag súil le mórán ón bhfoireann seo a ardaíodh ó Roinn 3 go dtí Roinn 1 le dhá bhliain anuas ach sháraigh Dún na nGall iad gan stró.

Scóráil Rian O’Neill cúpla cic saor d’Ard Mhacha chun na foirne a fhágáil ar comhscór tar éis 10 nóiméad ach fuair Dún na nGall ocht bpointe as a chéile ansin chun ceannas a ghlacadh ar an imirt agus scrios a dhéanamh ar chiceanna amach Ard Mhacha.

Faoin am ar tháinig deireadh leis an gcluiche, bhí farasbarr aon phointe dhéag ag Dún na nGall agus scóranna aimsithe ag triúr déag dá gcuid imreoirí. An t-aon drochscéal a bhí ag Declan Bonner ná an gortú a bhain don chosantóir Stephen McMenamin, údar imní agus cluichí móra rompu.

Agus a bhfuil de chaint ann faoin gcluiche a d’fhéadfadh a bheith idir iad agus Áth Cliath i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann, cheapfá go raibh Craobh Uladh buaite cheana féin ag na Conallaigh. Ní hamhlaidh atá agus tá cluiche crua rompu an tseachtain seo in aghaidh an Chabháin, foireann a rinne teacht aniar den scoth in aghaidh an Dúin, díreach mar a rinne siad i gcoinne Mhuineacháin.

Mar sin féin, thuigfeá gurb iad Dún na nGall rogha na n-údar agus cuma na maitheasa orthu go dtí seo.

 

Donal Keoghan agus Jordan Morris. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Spreagadh faighte ag an Mhí nuair ba ghá

Bhí bliain chrua ag peileadóirí na Mí i Roinn 1 na sraithe. Chaill siad cúig chluiche as cúig cinn i rith an earraigh agus nuair a d’fhill na cluichí, chaill siad in aghaidh Átha Cliath agus arís in aghaidh Mhuineacháin.

Mí-ádh a bhí ar an Mhí ar bhealach. Dún na nGall an t-aon fhoireann a thug greadadh ceart dóibh agus ábhar misnigh a bhí sa sa dá chluiche is deireanaí a bhí acu an mhí seo caite.

Cuireadh borradh beag eile fúthu an tseachtain seo caite nuair a scóráil siad seacht gcúl in aghaidh Chill Mhantáin. Dea-chomhartha eile na cúig chúl a scóráil siad sa dara leath in aghaidh Chill Dara an deireadh seachtaine seo.

Is beag seans go mbeidh cosantóirí Átha Cliath chomh fánach céanna i gcluiche ceannais Laighean an deireadh seachtaine seo ach beidh an-mhuinín ag imreoirí na Mí.

 

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An bhearna idir Luimneach agus an chuid eile laghdaithe

Níl aon amhras ach gurb iad iománaithe Luimnigh rogha na coitiantachta do Chraobh na hÉireann i mbliana ach b’fhéidir nach bhfuil an bhearna idir iad agus gach foireann eile chomh mór agus a ceapadh.

Bhí an chuma ar Luimneach go raibh siad dochloíte nuair a chuir siad An Clár agus Tiobraid Árann de dhroim seoil ach ní gan dua a thug siad Craobh na Mumhan leo inné. Chuir Port Láirge brú damanta ar a gcéilí comhraic agus rinne fir Luimnigh botúin nach mbeifeá ag súil leo. Cé go raibh Luimneach sách láidir leis an gcluiche a bhuachan, ábhar dóchais d’fhoirne eile an triail a cuireadh orthu.

Léirigh Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh gur mairg a chuirfeadh iadsan as an áireamh.

Fiú mura raibh Tiobraid Árann iontach ar fad in aghaidh Chorcaí, ná baol air, tá siad fós sa chraobh agus ní féidir neamhaird a dhéanamh díobh. Níor fhág Séamus Callanan ná John McGrath a rian ar chraobh na bliana seo go fóill ach d’fhéadfadh sin tarlú lá ar bith.

Léirigh Cill Chainnigh agus Brian Cody go bhfuil cuid den seanmhianach iontu go fóill. Bhí Gaillimh i bhfad níos fearr ná iad ar feadh 60 nóiméad de chluiche ceannais Laighean Dé Sathairn ach níor éirigh leis na Gaillimhigh buille maraithe na muice a bhualadh ar Chill Chainnigh. Ansin, i bpreabadh na súl, bhí na Cait ar ais in uachtar.

Ní dhéanfar dearmad go deo ar phíosa imeartha draíochtúil Richie Hogan nuair a scóráil sé an chéad chúl dóibh ach bhí na Gaillimhigh fós ina gcoladh nuair a fuair TJ Reid an dara cúl.

Tá Hogan ag streachailt le gortuithe le blianta beaga anuas ach dá n-éireodh leis barr a mhaitheasa a bhaint amach idir seo agus an Nollaig, chuirfeadh sé go mór le seansanna Chill Chainnigh.

 

Caroline O’Hanlon. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Dúshlán Átha Cliath ó mhná Ard Mhacha

Má tá daoine ag súil go mór leis an gcoimhlint idir Dún na nGall agus Áth Cliath i bpeil na bhfear, ba cheart go mbeadh cluiche chomh maith céanna againn idir Áth Cliath agus foireann Ultach eile, Ard Mhacha, i mbabhtaí leathcheannais na mban faoi cheann coicíse.

Tá áit sa gcluiche ceannais bainte amach ag Ard Mhacha den chéad uair le cúig bliana anuas tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo.

D’éirigh go maith le cosantóirí Ard Mhacha ach is sna tosaithe atá scoth na n-imreoirí acu. Éacht a bhí ann do Mhaigh Eo Caroline O’Hanlon a choinneáil gan scór ach ní fhéadfaí srian a chur ar Aimee Mackin agus 2-7 scóráilte aici sa chluiche a chríochnaigh ar scór 4-12 in aghaidh 1-16.

Tabharfaidh Gaillimh agus Corcaigh aghaidh ar a chéile sa chluiche leathcheannais eile cé gur ar éigean a thug na Gaillimhigh na sála leo arís an deireadh seachtaine seo. Bua aon phointe amháin a bhí acu ar Thiobraid Árann coicís ó shin agus bhí an bhearna is lú arís idir iad agus Muineachán inné. Scóráil Ellen McCarron 2-7 do Mhuineachán sa chluiche ach bhí Gaillimh, a d’imir le 14 imreoir sa dara leath ar fad, buíoch as an gcúl a scóráil Lynsey Noone tar éis 56 nóiméad, scór a chinntigh an bua dóibh.

Bua neafaiseach go maith a bhí ag Corcaigh ar chontae an Cabháin. Scóráil Áine Terry O’Sullivan trí chúl agus fuair Saoirse Noonan péire sa chluiche a chríochnaigh ar 7-9 in aghaidh 2-6.

Fág freagra ar 'Gaillimh ag íoc go daor as imirt mhíshlachtmhar, an bhearna idir Luimneach agus an chuid eile laghdaithe agus dúshlán eile sáraithe ag Dún na nGall'