GAILEARAÍ: Súil siar ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2018 trí lionsa Tuairisc.ie… (Cuid 2)

Seo an dara gailearaí de dhá cheann speisialta ina dtugann Seán Ó Mainnín agus grianghrafadóirí eile Tuairisc.ie amharc ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta le bliain anuas. Foilsíodh an chéad cheann inné...

‘Féinín’ le Dáithí Ó Sé ag Niamh Curran agus Ellie Hickie, Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna ag Aonach Ceardaíochta Chonamara mí na Nollag. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Clár Johnston agus Kevin De Barra ag baint súp as an leabhar nua ‘Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge’ a scríobh Mairéad Ní Chinnéide, nach maireann, agus a seoladh i mí na Nollag.  Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Bella Agogo, Azaria Starfire agus Santina Spitfire sa Workman’s Club i mBaile Átha Cliath ag seoladh BLOC, mol nua TG4 do lucht féachana atá os cionn 18 bliain d’aois i mí na Samhna. Pictiúir: 1IMAGE/Bryan Brophy

 

Faoi gheasa ag an scéal ag seoladh leabhar na Nollag Futa Fata i Seanscoil Sailearna i gCois Fharraige. Fiadh Ní Eadhra (1) sáite sa scéal. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Tarracóirí sa Daingean agus airgead á bhailiú do charthanachtaí i mí na Samhna

 

Ciara Ní Bhroin, Ciara Ní Ghairbhí agus Bláthnaid Ní Ghréacháin, ag ceiliúradh 45 bliain na heagraíochta Gaeloideachas i nGaillimh i mí na Samhna. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Seán Stafford, laoch na Taibhdheirce, agus an tAthair Tomás Ó hÍceadha, laoch Aisteoirí Bhréanainn, sa Taibhdhearc i mí na Samhna le muintir Chorca Dhuibhne agus an bheirt acu 94 bliain d’aois. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Caitlín Ní Chualáin aagus a hiníon Adhna Ní Bhraonáin ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Cá bhfaighfeá é ach ag Oireachtas na Gaeilge? Fuair Seán Ó Mainnín blaiseadh den atmaisféar le linn Fhéile Oireachtas na Samhna i gCill Airne

 

Arón Mac Fhlancadh, An Ghaobhach, Co Shligigh, agus comórtas Steip do rinceoirí idir 15-18 bliain ag Oireachtas na Samhna 2018 buaite aige. Pic: Seán Ó Mainnín 

 

Pádhraic Ó Ciardha agus a bhean Mary ag Gradaim Chumarsáide an Oreachtais i gCill Airne. Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar iar-leascheannaire agus duine de mheitheal bhunaithe TG4, Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

‘Annie’ á léiriú ag Scoil Iognáid, Gaillimh ag comóradh ‘Taibhdhearc@90’ i mí Dheireadh Fómhair. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Músaem na Mara i nDún Laoghaire lán go doras d’oíche ómáis don ‘Saighdiúr Farraige’, Domhnall Mac Síthigh ag Féile IMRAM i mí Dheireadh Fómhair. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Aisteoirí Chois Fharraige in Inis Meáin lena léiriú de ‘Cripil Inis Meáin’ le Martin McDonagh ag Féile Dhara Beag Ó Fátharta i mí Dheireadh Fómhair. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Daltaí as Gaelscoil Charman, Loch Garman ag an gCóisir Ghaeilge i bPáirc Tayto i mí Dheireadh Fómhair

 

Daltaí as Gaelscoileanna ó cheann ceann na tíre ag Cóisir Ghaeilge i bPáirc Tayto i gContae na Mí chun 25 bliain den Fhoras Pátrúnachta a cheiliúradh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Neansaí Ní Choisdealbha agus a gariníonacha  Kylie Jackson (10 mí), agus Lilly Ní Fhiannachta (6) ag seoladh a CD nua ‘An Tower’ ar an Teach Dóite i mí Dheireadh Fómhair. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Aodh Ó Coileáin agus Alan Titley ag an gcomhdháil ‘An Domhan a Chruthaigh Alan Titley’ a d’eagraigh Ollscoil Notre Dame agus Ollscoil Choláiste Naomh Micheál, Toronto i Mainistir na Coille Móire i gConamara i mí Dheireadh Fómhair. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Louis De Paor lena mhuintir ag seoladh a leabhair nua ‘Ag caint leis an Simné’ in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ó chlé: A bhean chéile Shirley Bourke agus a n-iníonacha, Anna, Aoife, Fionnuala agus Sorcha i mí Mheán Fómhair. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Daltaí Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua ag ceiliúradh a gcuid torthaí sa Teastas Sóisearach mí Mheán Fómhair. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Branán Carr an-sásta ar a chéad lá ag Scoil Naomh Eirc i Meán Fómhair. Pictiúir: Manuela Dei Grandi

 

Neasa Bheáid, Caitríona Ní Chualáin, Caitlín Nic Aoidh, Irial Ó Ceallaigh, Sláine Ní Chathalláin agus Orla Ní Fhinneadha ag seoladh Sceideal Fómhair TG4 i mí Mheán Fómhair. Pictiúr: Seán Lydon

 

An chéad chuairt ag an Taoiseach ar Inis Meáin agus stádas neamhspleách á thabhairt aige do Choláiste Naomh Eoin i mí Mheán Fómhair. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Edel Ní Churraoin, Ciara Ní É agus an t-amhránaí Lauren Ní Chasaide lasmuigh den Phuball Gaeilge ag Féile an Electric Picnic ag deireadh Lúnasa. Pictiúr: Ailbhe Ní Riain/Tuairisc.ie

 

Áine O’Reilly, an chéad bhean a chríochnaigh leathmharatón an Daingin 2018 ag deireadh an tsamhraidh. Pictiúr: Mícheál de Mórdha

 

Johnny Óg Connolly agus Róisín Seoighe a ghlac páirt sa seó ‘Aisling?’ do Bhliain na Gaeilge 2018 i mí Lúnasa

 

Ronnacha á nglanadh ag Féile an tSrutháin i gConamara i mí Lúnasa. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Johnny (78) agus Paddy Breathnach (84) as an Oileán Mór, Ros Muc, ag Féile an tSrutháin ar an gCeathrú Rua. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Spraoi go leor sa mbáisteach ag Ráiseanna Bhéal Bán, Baile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí i mí Lúnasa. Pictiúr: Manuela Dei Grandi

 

Aisling Nic Dhonnacha sásta le torthaí na hArdteiste i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua. Pictiúr Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Cácaí prátaí ag Pádraig ‘Rua’ Ó Baoill, Seán Ó Marcaigh agus Caitlín Uí Bhaoill ag Fleá na bPrátaí i nGleann na Sceiche in Oirthear na Gaillimhe i mí Lúnasa. Pictiúir: Pádraig ‘Rua’ Ó Baoill

 


Ag Scoil Samhraidh an Phiarsaigh 2018 in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc i mí Lúnasa. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Naomi Curran agus Ciara Kelly ar an Trá ó Dheas, Maínis, Conamara ar chúrsa d’ábhar oidí in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna i mí Iúil. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Siobhán O’Kelly, Macdara Ó Fátharta agus Diarmuid de Faoite sa dráma ‘Baoite’ sa Taibhdhearc ag Féile Ealaíne na Gaillimhe i mí Iúil. Pictiúr: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín

 

Daltaí as Scoil Mhuire, An Turlach Beag, Ros Muc, ag éisteacht go grinn lena gcuid scéalta digiteacha i mí an Mheithimh. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Dé Danann ag an Traidphicnic sa Spidéal i mí Iúil. Pictiúr: Vanessa Jordan

 

Geallta bád seoil i gCuan Chill Chiaráin ag Féile Chill Chiaráin i mí Iúil. Pictiúir: Seán Ó Mainnin/Tuairisc.ie

 

Capall mánla ar Inis Meáin sa tonn teasa i mí Meithimh. Pictiúr le Seán Ó Mainnín

 

Hannah Ní Murchú agus Jamie Ó Murchú ag spraoi ag Camphill, Dún Séann i gCorca Dhuibhne i mí Meithimh. Pictiúr: Manuela Dei Grandi

 

Ag macnas san fharraige i nDún Séann i gCorca Dhuibhne sa tonn teasa. Pictiúr: Manuela Dei Grandi

 

Gaeltacht Dhún na nGall sa tonn teasa. Pictiúir: Cormac Ó Cuinn

 

Daltaí Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe ar cuairt ar Cambus Medical sa Spidéal i mí Meithimh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Caitlín Ní Chearúláin, Cumann Gaelach Leath Chathail; Brónagh Fusco, Glór na Móna agus Aoife Uí Mhuireagáin, Fóram na nÓg ag an gCóisir sa Ghardín in Áras an Uachtaráin do Bhliain na Gaeilge i mí Meithimh. Pictiúr: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín

 

An tUachtarán le Michael Carty (100 bliain), Ratra, Ros Comáin a bhí ina chomharsa béal dorais ag Dubhghlas de hÍde. Sa phictiúr leis tá Caitríona Carty agus Karen Roberts agus iad ag an gCóisir sa Ghairdín in Áras an Uachtaráin. Pictiúir: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín

 

Daltaí ó ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta Chorcaí in Ionad na Gaeilge Labhartha i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh i mí Meithimh. Pictiúr: Tomas Tyner

 

Scoláirí Choláiste Naomh Eoin in Inis Meáin ag tine chnámh Fhéile Naomh Eoin i mí an Mheithimh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Súil siar ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2018 trí lionsa Tuairisc.ie… (Cuid 2)'