GAILEARAÍ: An práta á cheiliúradh agus á ithe ag Fleá na bPrátaí i mBaile Locha Riach Neart le hithe ag Fleá na bPrátaí i nGleann na Sceiche in Oirthear na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine. Pictiúir: Pádraig 'Rua' Ó Baoill Dé hAoine, Lúnasa 10 2018 ag 12:51 pm Cácaí prátaí ag Pádraig ‘Rua’ Ó Baoill, Seán Ó Marcaigh agus Caitlín Uí Bhaoill Stócaigh óga na comharsanachta i mBaile Locha Riach Na Deartháireacha Mhic Ghiolla Léinn i gcuideachta le Pádaí Prion de Grás agus iad sásta leis na prátaí cineál Ór na nUltach Tuán Ó Baoill bródúil as na duaiseanna a bhuaigh garraí Ghleann na Sceiche ag Seó Talmhaíochta. Is acu a bhí na prátaí is fearr ag an seó. Kevin agus Eimear, lánúin as contae Ard Mhacha agus a gcleamhnas déanta ag Fleá na bPrátaí Comhluadar as gach cúige in Éirinn ar a suaimhneas ag Fleá na bPrátaí Roinnt de na daoine a bhí ag Fleá na bPrátaí i mbliana Cuid de mhná óga galánta Bhaile Locha Riach Dream óg ag cuidiú le Diarmuid De Faoite fógra a chur in airde An leabhar a bhíonn le síniú ag cuairteoirí – taifead oifigiúil déanta leis na blianta Cailíní óga Mhic Ghiolla Chiaráin ó Bhéal Feirste ag baint prátaí
An Pod Gaeilge – oidhreacht Alan Esslemont agus todhchaí TG4; an Ghaeilge sna meáin Bhéarla; ag tarraingt anála Dé hAoine, Aibreán 18 2025
Gá le múnla maoinithe nua don Ghaeilge 27 bliain i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta Dé hAoine, Aibreán 18 2025
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An práta á cheiliúradh agus á ithe ag Fleá na bPrátaí i mBaile Locha Riach'