GAILEARAÍ: Tarraingt mhór ar 147 tarracóirar shráideanna an Daingin ar son na carthanachta

La breá tirim ba ea an lá inné sa Daingean agus bhailigh díormaí daoine ag crosairí agus ar lantáin arda ionas go mbeadh radharc gan cháim acu ar scuaine fada tarracóirí

GAILEARAÍ: Tarraingt mhór ar 147 tarracóirar shráideanna an Daingin ar son na carthanachta

Bhí paráid mhór tarracóirí ar bun i mbolg an lae inné ar shráideanna an Daingin agus ar bhóithre áirithe in Iarthar Duibhneach. Ba  é an ‘tractor run’ a  cuireadh ar bun chun airgead a bhailiú ar mhaithe le Gairdín Mhuire sa Daingean agus le Fondúireacht Scamhóg na hÉireann. €20,ooo a bailíodh don dá charthanacht de bharr ‘rith’ na dtarracóirí agus imeachtai eile i rith an deireadh seachtaine.

Áiríodh gur ghlac 147 tarracóir páirt sa ‘rith’ seo – cuid acu  an-sean agus cuid acu an-nua – agus ba léir gur  bhain muintir na háite lán a súl as an radharc neamhghnách  seo.

La breá tirim ar na bólaí seo ba ea an lá inné agus bhailigh díormaí daoine ag crosairí agus ar lantáin arda ionas go mbeadh radharc gan cháim acu ar an scuaine fhada tarracóirí.

Tarracóir le Séamus Ó Dubháin, Arda Mór, Lios Póil, a bhí chun tosaigh ar an scuaine agus ag deireadh an chúrsa do páirceáladh a bhformhór ar Ché an Daingin.

Cheap tuata tuisceanach amháin go raibh luach ar a laghad €10 mhilliún de tharracóirí ar aon láthair amháin.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Tarraingt mhór ar 147 tarracóirar shráideanna an Daingin ar son na carthanachta'