Bhí togha na seoltóireachta, an bhia, an chomhluadair agus an cheoil ag dhá fhéile a bhí ar bun an lá céanna ar Chéibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua i gConamara le déanaí - Féile na Ronnach agus Féile an tSrutháin. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Súil siar. Johnny (78) agus Paddy Breathnach (84) as an Oileán Mór, Ros Muc, agus súil á coinneáil acu ar na gleoiteogaí agus na púcáin ag Féile an tSrutháin ar an gCeathrú Rua. Fadó bhídís beirt ag tabhairt feamainne go dtí Cill Chiaráin i bpúcán a n-athar. D’fhág ochtar den naonúr a bhí sa gclann an tOileán Mór agus is é Paddy an t-aon duine atá ina chónaí ann anois
Johnny agus Paddy Breathnach
Ag baint lán na súl as na báid seoil i gCuan Chasla
Súil á coinneáil ag na saineolaithe ar na rásaí
Liadán agus Tomás Ó Cadhla, Jim O’Leary, Stephen agus Stephen Beag Ó Loideáin agus Eibhlín de Bhailís ag baint taitnimh as Féile an tSrutháin
Na fir ag comhrá agus na páistí ag spraoi ar na strapaí
Feile na Ronnach! Micheál S Ó Conghaile agus Mairtín Breathnach sásta go maith le hobair an lae i gcomórtas na n-iascairí
Suim á cur ag na páistí i nglanadh na ronnach
Labradór donn ag spraoi san uisce
‘Tá na ronnachaí réidh’. Éabha Breathnach, Saffron Ní Fhlatharta agus Cliodhna Breathnach
An bád mór, an St John ag filleadh ar an gcéibh
Sara-Jane Flaherty agus Yvonne McCarthy ó bhialann na Ceathrún Rua, ‘An Cuan’ ag tairscint bia blasta le dea-mhéin na féile
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Seolta ardaithe agus an ghrian ag taitneamh ag Féile an tSrutháin i gConamara'