GAILEARAÍ: Scoth an fhaisin agus an chomhluadair ag bronnadh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

Naoi ngradam ar fad a bronnadh ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in INEC Chill Airne ag Oireachtas na Samhna aréir, ina measc Buaic-Ghradaim Cumarsáide an Oireachtais, a bronnadh ar iar-leascheannaire agus duine de mheitheal bhunaithe TG4, Pádhraic Ó Ciardha. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Tá póigín tuillte agat, a Phádraic! Pádhraic Ó Ciardha agus a bhean Mary

 

Máirín de Brún, Oireachtas na Gaeilge, Máirín Uí Chonghaile, Uachtarán an Oireachtais, Ciara Ní É a bhuaigh an gradam do haischlib na bliana do #Nílsécgl, agus Rosemary Day, ball de Bhord Údarás Craolacháin na hÉireann

 

Lucht Ros na Rún ag na Gradaim Chumarsáide: Ó chlé: Niall Mac Eamharcaigh, Eoin Mac Diarmada, Anna Maria Nic Dhonnacha, Pól Ó Gríofa agus Seán Ó Baoill

 

Breanndán Ó Beaglaoich ag glacadh leis an ngradam do Shraith Teilifíse na Bliana a bronnadh ar  ‘Camino an tSáile’. léiriú de chuid Anú Pictures

 

Róisín Ní Chéilleachair ag glacadh leis an ngradam do Shraith Raidió na Bliana, ‘Seo an Saol’ ó BBC Raidió Uladh

 

Orla Ní Fhinneadha ag glacadh leis an ngradam do Phearsa Teilifíse na bliana thar ceann Chaitlín Nic Aoidh, TG4

 

Gradam Pearsa Raidió na Bliana á bhronnadh ar Helen Ní Shé, láithreoir ‘An Saol Ó Dheas’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

 

Helen Ní Shé i mbun cainte

 

 

Eoghan Mac Giolla Bhríde ag glacadh leis an ngradam Scannán na Bliana a bhuaigh ‘Song of Granite’, léiriú de chuid Marcie Films

 

Seán Mac an tSíthigh ó Nuacht TG4 ar bronnadh an gradam Iriseoir na Bliana. air

 

Réalta Óg na Bliana. Damien Ó Dónaill, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a ghradam á bhronnadh air

 

Geraint Lloyd Owen, Ard-Draoi na Breataine Bige ag an Oireachtas lena bhean Iola agus a n-iníon Awen

 

Máirín Nic Dhonnchadha, Oireachtas na Gaeilge, ag fógairt na mbuaiteoirí

 

Pádhraic Ó Ciardha, iar-leascheannaire TG4, ag déanamh ar an ardán chun glacadh le Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais

 

Aitheantas saoil tugtha do Phádhraic Ó Ciardha

 

Pádhraic Ó Ciardha lena bhean Mary agus a mhac Seán

 

Na Duibhnigh go deo! Breanndán Ó Beaglaoich agus Seán Mac an tSíthigh ag ól deoch ar a ngardaim

 

Damien Ó Dónaill agus Ciara Ní É

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoth an fhaisin agus an chomhluadair ag bronnadh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais'

  • Aine ni Fhiannusa

    Mo cheol thú Sean Mac an tSithigh, an iriseoir is fearr le fada an lá ar RTÉ i nGaeilg nó i mBéarla. Comhgháirdeachas .