GAILEARAÍ: An raibh do scoil ann? 5,000 dalta Gaelscoile ag mórchóisir na Gaeilge i bPáirc Tayto!

Tháinig na mílte daltaí as Gaelscoileanna ó cheann ceann na tíre go dtí Cóisir Ghaeilge i bPáirc Tayto i gContae na Mí chun 25 bliain den Fhoras Pátrúnachta a cheiliúradh. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

An saol bunoscionn. Daltaí Gaelscoile thuas san aer ag an gcóisir Ghaeilge i bPáirc Tayto i gcontae na Mí

 

Cosa in airde!

 

Daltaí óga tagtha go dtí an chóisir

 

Daltaí Ghaelscoil na Bóinne, Baile Átha Troim, Contae na Mí

 

Cailíní Ghaelscoil Inis Córthaidh ag fanacht lena dturas ar chóstóir Chú Chulainn

 

Dá airde an dreapadh is mó an titim!

 

Le fána le fonn!

 

Buaicphointe

 

Sult agus sceon

 

Comhluadar Gaelach ag Cúchulainn

 

Daltaí as Gaelscoil Iarfhlatha, Tuaim, Contae na Gaillimhe ag baint taitneamh as an gcóisir Ghaeilge

 

Grrrr! Daltaí Ghaelscoil Charman, Loch Garman agus iad ag drannadh chomh fíochmhar le madra Chú Chulainn féin!

 

Ré roithleagán ar dhaltaí Ghaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart, Contae Mhaigh Eo

 

Daltaí Ghaelscoil Chnoc na Ré, Sligeach an-sásta leis an lá

 

Tuilleadh spóirt!

 

Cailíní Ghaelscoil Nás na Rí ag ligean eagla orthu féin

 

Daltaí Gaelscoil Ros Eo, Baile Átha Cliath ag súil lena dturas san aer

 

Níl aon rogha againn anois ach dul suas!

 

Dreapadóirí ar a mbealach go dtí an barr

 

Lá breithe sona daoibh! An Foras Pátrúnachta ag ceiliúradh 25 bliain. Ó chlé: Seámus Ó Ceanainn, Cathaoirleach, Tomás Ó Póil, Bainisteoir Oiliúna, Cormac McCashin, Bainisteoir Riaracháin agus Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí

 

Cáca breá le placadh!

 

Gaelscoil Uí Dhrisceoil, Gleann Maghair, Contae Chorcaí

 

Gaelscoil Eiscir Riada, Leamhchán, Baile Átha Cliath

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An raibh do scoil ann? 5,000 dalta Gaelscoile ag mórchóisir na Gaeilge i bPáirc Tayto!'

  • Eilis Ni Choileain

    Bhí Gaelscoil chill dara