Rinneadh plé mór ar shaothar duine de mhórscribhneoirí Gaeilge na linne ag an gcomhdháil dhá lá 'An Domhan a Chruthaigh Alan Titley' a d'eagraigh Ollscoil Notre Dame, Indiana, agus Ollscoil Choláiste Naomh Micheál in Ollscoil Toronto in Global Centre Mhainistir na Coille Móire i gConamara ag an deireadh seachtaine. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Dé Máirt, Deireadh Fómhair 2 2018 ag 2:23 pm
Corcaíoch i gConamara: Alan Titley sa Choill Mhór, láthair na comhdhála ‘An Domhan a Chruthaigh Alan Titley’
Máirtín Coilféir, a thug caint dar teideal, ‘Agus tá focail nua againn…’: spléachadh ar shaothar úr’
Alan Titley ag éisteacht leis na cainteanna
Ian Ó Caoimh ag freagairt ceiste i ndiaidh a chainte ‘Stiall Fhial Feola: Tús an Athréimnithe’
Aifric Mac Aodha ag tabhairt a cuid cainte, ‘An teanga fhileata i saothar Titley’
Darach Ó Scolaí agus é ag caint faoi ‘Uaillmhian ealaíne Titley’
Am tae
Seosamh Ó Murchú agus píosa cainte dar teideal ‘Titley á chur in eagar…’
Saothar de chuid Alan Titley ar taispeáint
Ag dul siar bóithrín na smaointe
Claire Dunne agus í ag trácht ar shaothair Titley don aos óg ina cuid cainte, ‘Gluaiseacht is ea mo shaol uile feasta…’
Máire Ní Annracháin agus í ag plé ‘Turas is taisteal Titley’
Gearóid Denvir a labhair faoi ‘Faobhar na foraoise siar: athchuairt ar Méirscrí na Treibhe’
Rióna Ní Fhrighil a thug caint faoi ‘Cearta daonna i saothar Titley’
Brian Ó Conchubhair a thug caint dar teideal ‘An Corcaíoch uilíoch: Méirscrí na Treibhe agus an t-úrscéal fealsúnach’
Micheál Ó Conghaile, foilsitheoir saothar Alan Titley
Focal buíochais – agus móid díoltais! – ag Alan agus é á thaifeadadh ag Aodh Ó Coileáin ag deireadh na comhdhála
Alan Titley, a bhean Máire agus lucht na comdhála
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Corcaíoch á chíoradh i gConamara – ‘An domhan a chruthaigh Alan Titley’ pléite ag comhdháil i Mainistir na Coille Móire'