GAILEARAÍ: Geallta Bád Seoil ag Féile Chill Chiaráin i gConamara

Cuan Chill Chiaráin, dea-aimsir, stolladh gaoithe agus geallta bád seoil - flaithis an bhádóra! Bhí gleoiteoga móra agus beaga ag rásaíocht ag Féile Chill Chiaráin ar an Satharn. Pictiúir: Seán Ó Mainnin/Tuairisc.ie

Is olc an ghaoth nach ndéanann leas do rud éigin!

 

An ghleoiteog bheag An McHugh ag fáil faoi réir don rás

 

Anna Jude agus Naomh Ciarán gob ar ghob

 

Radharc maith ar an aicsean

 

Cnoc Mordáin go maorga ar a gcúl

 

A n-aghaidh ar Leitir Móir

 

An Niamh Marie a dhath beag chun cinn ar An Gréasaí Beag i rás na nGleoiteogaí Beaga

 

Droim Leitir Mór ar a n-aghaidh

 

An Lady Chantal go soilseach faoina culaith gheal

 

Rás na nGleoiteogaí Móra

 

An St Katherine chun tosaigh agus í ar a bealach ar ais go Cill Chiaráin

 

Géarchomórtas idir Erin’s Hope agus Naomh Feichín

 

Seolta bocóideacha bacóideacha!

 

An McHugh agus An Capall Beag

 

An Niamh Marie chun tosaigh

 

Anna Jude agus Naomh Ciarán

 

Na Gleoiteogaí Móra ag filleadh tar éis an chéad chúrsa

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Geallta Bád Seoil ag Féile Chill Chiaráin i gConamara'

  • Ruth

    Grianghraif den scoth mar is gnáth ó Sheán Ó Mainnín!