GAILEARAÍ: Páistí faoi dhraíocht ag seoladh leabhar Futa Fata i Seanscoil Sailearna i gConamara

Bhí Seanscoil Sailearna i gCois Fharraige lán Dé Domhnaigh seo caite agus tuismitheoirí is páistí ag baint sult as an tsiamsaíocht bhreá a bhí ar stáitse agus ar scáileán ag na foilsitheoirí Futa Fata. Rinne údair is maisitheoirí ceithre leabhar nua ó Futa Fata a léamh agus a shíniú do na gasúir. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Faoi gheasa. Fiadh Ní Eadhra (1) sáite sa scéal

 

Sceitimíní agus iad réidh don seó!

 

Gemma Breathnach agus sliocht á léamh aici as a leabhar ‘Percy Péacóg’ agus na léaráidí ar an scáileán mór

 

Ag geáitsíocht

 

An scríbhneoir Sadhbh Devlin ar chlé agus Róisín Hahessy, ar dheis, ag síniú a leabhair, ‘Beag Bídeach’,  do na páistí

 

Slám leabhar le tabhairt abhaile! Cormac Ó hEaghra, Ruth Lynch agus Eoin (3)

 

Julie Anne de Brún le Daithí agus Tiarnán O’Flaherty

 

Conor (11), Marie agus Ciara Ní Chúláin (6)

 

Ellie Ní Ruanaigh (6) agus Caoimhe Ní Fhlaithearta (3) le Marion Ní Chadhain

 

Murty, Cuan, Breandán, Fiadh agus Deirdre Uí Eaghra

 

Alisha, Seán, Isabella agus Caroline Ní Dhonnchadha. Is cúpla iad Alisha agus Caroline

 

Neart le léamh faoi Nollaig. Cuán (6) Caoilfhionn (4), Geraldine, Caoimhe (9) agus Fiachra (8) Ó Murchú

 

An maisitheoir Róisín Hahessy lena tuismitheoirí Anthony agus Breda agus a páirtí Felipe Raffael Müller

 

Ag seoladh na gceithre leabhar nua do pháistí ó na foilsitheoirí Futa Fata bhí, ó chlé : Gemma Breathnach, údar, agus Tarsila Krüse, maisitheoir, ‘Percy Péacóg’; Tadhg Mac Dhonnagáín, údar ‘Mo Theachín gan Chuma gan Chaoi’; Caitlín Ní Chualáin, údar, ‘Peigín Leitir Móir’ agus Sadhbh Devlin, údar, agus Róisín Hahessy, maisitheoir ‘Beag Bídeach’

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Páistí faoi dhraíocht ag seoladh leabhar Futa Fata i Seanscoil Sailearna i gConamara'