GAILEARAÍ: Scoil Samhraidh an Phiarsaigh 2018 in Ionad an Phiarsaigh i gConamara

Tionóladh Scoil Samhraidh an Phiarsaigh 2018 in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc le déanaí. Pictiúir ó imeachtaí na scoile: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Colene Ní Niadh agus Hannah Ní Lochnáin, Ros Muc, ag féachaint ar chlár imeachtaí Scoil Samhraidh an Phiarsaigh

 

Úna Ní Eidhin, Oifigeach Forbartha na Gaeilge, Comhairle Chontae na Gaillimhe, a d’eagraigh Scoil Samhraidh an Phiarsaigh, ag fearadh fáilte roimh an slua in Ionad an Phiarsaigh

 

Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Seán Ó Tuairisg ag seoladh Scoil Samhraidh an Phiarsaigh 2018

 

Cluas le héisteacht le caint an chathaoirligh

 

An scríbhneoir agus file Jackie Mac Donncha ag léamh ón gcnuasach lámhscríbhinní ‘Bailiúchán na Scol’ a chnuasaigh páistí scoile in Éirinn le linn na 1930í

 

Faoi scáth Phádraig. Jackie Mac Donncha

 

Ann Marie Nee, Colene Ní Niadh, Clíona, Máire agus Áine Uí Lochnáin

 

Luisne Ní Neachtain, fidil; Brian Terry Mac Donnacha, an fheadóg mhór; Johnny Óg Connolly, an bosca ceoil agus Pádraig Ó Dubhghaill, giotár

 

Réidh chun damhsa. Ó chlé: Charlie Ní Mhainín, Hannah Ní Lochnáin, Ríona Ní Mhainín, Claire agus Réaltín Ní Lochnáin agus Eveline Ní Niadh

 

Cuan agus Tiarnán Ó Loinsigh, atá bliain go leith d’aois, lena máthair, Deirdre Ní Mhainín

 

Is fiú go mór an tsiamsaíocht a thaifeadadh

 

Na steipeanna ag Réaltín Ní Lochnáin

 

Trevor Ó Clochartaig, TG4,  lena iníon, Fáinse

 

Go leor le feiceáil in Ionad an Phiarsaigh

 

Kathy Ní Chonghaile ag casadh “Óró sé do Bheatha Bhaile”

 

An rinceoir ar an gclaí. Ag fanacht le port!

 

Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont agus Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Seán Ó Tuairisg

 

Dara agus Jeaic Ó Cualáin, Cill Chiaráin, agus Caoimhe McDonagh

 

Is túisce deoch ná scéal. Domhnall Ó Broin, Máire Áine Uí Ailín agus Gabriel Keating, Comhairle Chontae an Chláir

 

Frances Love agus Ian Kirby ó Wollangong, An Astráil atá ag freastal ar chúrsa Gaeilge i gConamara. Ar dheis tá Orla de Búrca, Oifig an Choimisinéara Teanga.

 

Seisiún cainte  i Seanscoil Sailearna faoi chathaoirleacht Eimear Ní Chonaola, TG4.  An painéal cainteoirí: Máire Ní Neachtain, Coiste Pleanála Teanga Chois Fharraige, Maitiú Ó Coimín, Nós, Cuan Ó Seireadáin, Conradh na Gaeilge agus Siobhán Ní Ghadhra, Danú.

 

Ceist á freagairt ag Máire Ní Neachtain

 

Donncha Ó hÉallaithe ag glacadh páirte sa phlé

 

Aenghus Ó Coistealbha agus Pat Ó Céidigh a chuir ‘An Garraí Glas’ i láthair

 

Daltaí Scoil Bhriocáin, An Gort Mór, Hannah Ní Lochnáin, Tomás Ó Laoi agus Cóilín Breathnach ag aithris filíocht Johnny Cóil Mhaidhc Ó Coistealbha

 

Crois Bhríde. Máirtín Davy ag taispeáint an chros Bhríde a dhéantaí as luachair láidir locha i gConamara in aimsir an Phiarsaigh

 

Bláthnaid de Róiste, príomh-scriptscríbhneoir Ros na Rún, ag plé cúrsaí an tsobaldráma

 

Cuairt ar ‘Ros na Rún’ ag cuid de lucht páirte na scoile

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoil Samhraidh an Phiarsaigh 2018 in Ionad an Phiarsaigh i gConamara'