Rinne lucht Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, ceiliúradh mór ealaíonta ar nócha bliain a bunaithe leis an seó 'Taibhdhearc@90' Dé hAoine seo caite. Léiríodh míreanna as seónna agus drámaí a bhí ar stáitse na Taibhdheirce. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Seán Stafford, sa lár, a d’oibrigh leis An Taibhdhearc ó 1948 mar stiúrthóir, mar aisteoir agus mar chathaoirleach. Timpeall air tá a chlann agus gaolta. Ó chlé: a mhac agus iar-aisteoir Conall, Chloe agus Frank Salmon, Fionnuala Salmon, Maelíosa Stafford a bhí mar stiúrthóir ‘Taibhdhearc@90’ agus Poppy Salmon
Macdara Ó Fátharta agus Bríd Ní Neachtain i Cré na Cille
‘Tá an saol crua’. ‘Annie’ á léiriú ag Scoil Iognáid, Gaillimh
An Teachta Dála Hildegarde Naughton ag canadh ‘An Chláirseach san Aer’ le Cantóirí na Taibhdheirce
Eoin Geoghegan mar an sagart agus Séamus Mac Cuinneagáin mar Raiftéirí i ‘Mise Raiftéirí’ le Máire Ní Eidhin
Deirbhile Ní Bhrolcháin ag canadh in ‘Mise Raiftéirí ‘
Sorcha Ní Chéide agus Bríd Ní Neachtain i ‘Banríon Álainn an Lionáin’
In Memoriam Sandra Schalks
Sorcha Ní Chéide i radharc as ‘Claí na Muice Duibhe’
Galway Baytones
Séamus Mac Cuinneagáin agus Eoin Geoghegan in ‘Ag fanacht le Godó’
Catherine Denning in ‘San Siobhán’ le George Bernard Shaw. Taobh thiar di íomhá de Shiobhán Nic Cionnaith ar thuill a taispeántas sa pháirt chéanna i 1950 cáil di
Mairéad Ní Nuadháin, colúnaí le Tuairisc.ie, agus Aodh Ó Coileáin, cathaoirleach Bhord na Taibhdheirce
Ó chle: Nessa Heaney, Colette Whistler agus Eimer Emerson
Siobhán Nic Fhlannchadha agus Mairéad Ní Chualáin, baill de Bhord na Taibhdheirce
Máíre Ní Chonláin, Mícheál agus Adele Ó Meallaigh
Darach Mac Con Iomaire, scríbhneoir, agus Breege Fahy, dearthóír cultacha
Liam agus Tarlach de Blácam
Emer O’Flaherty, Bainisteoir na Taibhdheirce; Méara na Gaillimhe Dónal Lyons agus Seán Mac Giollarnáth
Maryanne Ní Chinnéide, Catherine Morris agus Dara Magee
Ceannasaí Gníomhach RtÉ Raidió na Gaeltachta Gearóid Mac Donncha agus Féilim Ó hAoláin
Deirbhile Ní Bhrolcháin agus neacht léi Rachel Ní Chuinneagáin
Seanchairde. Seán Stafford le Margaret Martin, Cantóirí na Taibhdheirce
Chloe Stafford agus Poppy Salmon
Oíche mhaith! An stiúrthóir ceoil don oíche Paddy Daly ag ceiliúradh rath Taibhdhearc@90
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoth na drámaíochta, an cheoil agus an chomhluadair ag ceiliúradh ‘Taibhdhearc@90’…'