GAILEARAÍ: Pobal na Gaeilge agus ‘pubaill na Gaeilge’ ag an Electric Picnic…

Bhí go leor Gael ag Féile Cheoil an Electric Picnic an deireadh seachtaine seo caite agus a láthair champála féin agus dhá ardán acu i mbliana. Pictiúir: Ailbhe Ní Riain/Tuairisc.ie

Pól Ó Finn, Dáire Ó Faogáin, Síomha Ní Ruairc, Maria Schaler, Ciarán Wadd, Caoimhín Ó Cadhla agus a gcairde nua san ionad campála do phobal na Gaeilge ag an bhféile cheoil an Electric Picnic. Pictiúr: Emma Ní Chearúil

 

Cairbre Ó Cairealláin, Eoin P. Ó Murchú, Hannah Rua Ní Bhaoill agus Naoise Ó Cairealláin sa Phuball Gaeilge

 

Dairene Ní Chinéide, file, agus Rónán Ó Snódaigh, ceoltóir, ag cleachtadh roimh ghig s’acu

 

Daithí Ó Drónaí agus Elaine Mai i mbun ceoil ar stáitse Body & Soul oíche Dé Domhnaigh

 

An dráma ‘Cara sa Chúirt’ le Hilary Bowen Walsh sa Phuball Gaeilge Dé Sathairn. Sa phictiúr le Hilary (ar dheis) tá Sam Ford agus Eilís Carey

 

Edel Ní Churraoin, Ciara Ní É agus an t-amhránaí Lauren Ní Chasaide lasmuigh den Phuball Gaeilge

 

Eimhear Nic Comhaill, Emma Ní Fhíoruisce agus Megan Nic Fhionnghaile ag seinm sa Phuball Gaeilge oíche Dé Sathairn

 

J.j Ó Dochartaigh, Naoise Ó Cairealáin, Séamus Barra Ó Súilleabháin, Liam Óg Ó hAnnaidh, Ainle Ó Cairealáin agus Victoria Ní Stória Dé Sathairn

 

KNEECAP ag seinm ar ardán Bhliain na Gaeilge oíche Dé hAoine

 

Mo Chara agus DJ PROVAÍ ó KNEECAP

 

Moglaí Bap agus slua KNEECAP sa Phuball Gaeilge oíche Dé Sathairn

 

Moglaí Bap agus slua KNEECAP sa Puball Gaeilge oíche Dé Sathairn

 

Séamus Barra Ó Súilleabháin ag aithris filíochta Dé Sathairn

 

Dó Fá Dó ar Ardán Bhliain na Gaeilge oiche Dé Sathairn

 

Cáiliní Ráth Chairn! Niamh Báile, Caitlín Ní Mhealóid, Áine Ní Chróinín agus Catherine Ní Shúilleabháin. Pictiúr: Orla Ní Cheallaigh

 

Sinéad Ní Uallacháin, Aindriú De Paor, Siún Ní Dhuinn, Ciara Ní É, Áine Ní Bhreisleáin agus Rossa Ó Snódaigh sa Phuball Gaeilge mar a ndearnadh craoladh beo ar an bpodchraoladh ‘Beo ar Éigean’

 

 

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Pobal na Gaeilge agus ‘pubaill na Gaeilge’ ag an Electric Picnic…'